Showing posts with label bás. Show all posts
Showing posts with label bás. Show all posts

Wednesday, 23 January 2013

Mo ghile mear

Bhí mé ar chomhdháil ag an deireadh seachtaine. 'Sé sin, bhí Sé Féin ag freastal ar chomhdháil ag an deireadh seachtaine agus chuaigh mé in éineacht leis chun cuairt a thabhairt ar an Chlár agus siúl ar an trá ar maidin. Rud a rinne mé. Agus bhí an aimsir beagnach brothallach i gcomparáid le fuacht an bhaile s'againn féin.

Ar theacht ar ais chuig an teach ósta domh, casadh an lucht adhlactha orm agus iad ag tionlacan cónair amach as an áit san fheileatram. Baineadh geit asam, ná níor chualathas aon cheo faoi aon tarlúint sular fhág mé an áit ar maidin.

Fuair mé greim Air Féin i ndiaidh dó a chuid bheith déanta aige le baill eile dá cheird i seomra itheacháin na comhdhála.Chuir mé ceist air an raibh aon iomrá ar aon ní bheith as áit. Ní raibh. Ach faoin tráthnóna ba léir go raibh ball den chomhdháil tar éis bás a fháil an oíche roimh ré ina leaba. Taom croí, go bhfóire Mor air.

Ach an rud a ba shaoithiúla amach is amach ná go raibh lucht eagraithe na comhdhála chun an ócáid a ligean tharstu an lá sin agus an oíche sin gan faic a rá. An fear bocht. Marbh gan mairgní. Ach go bhfacthas an cónair ag imeacht ní ligfí rún a bháis le héinne. Bheadh an dinnéar mór galánta a bhí beartaithe don oíche sin ite gan oiread is seasca soicind sosa in ómós an té a d'éag. Mar a léiríonn Aodán Mac Póilín agus Róise Ní Bhaoill ina gcnuasach 'Bás in Éirinn', tá áit as cuimse tabhachtach ag an bhás sa chultúr Éireannach. Tá an bás le 'ceiliúradh', chomh maith leis an saol.

In ómós dó siúd, mar sin, fear nár fhill ar a mhuintir an deireadh seachtaine seo caite:


Wednesday, 9 January 2013

pinsean agus pinsean eile

Puerto de la Cruz



Scríobh Áine Durkin trácht i 'Rámhaille' ar rúin na bliana úire, agus bhí mé ag plé an phíosa sin ar Raidió na Life aréir. Chuir sé ag smaoineamh mé ar mo bhealach abhaile ar an bhus (bíonn am agam ar an bhus dom féin. Is maith sin!)

Bhí mé ag trácht roimhe seo go sciobtha ar Tenerife, áit ar chaith mé an Nollaig. Bhí mé ag baint leasa as an aiméar saoire chun cuairt a thabhairt ar an deartháir chomh maith. Is duine é a dhéanann taisteal go minic ina chuid oibre. Ní bhíonn a fhios againn an i Meiriceá thuaidh, an Eoraip, Meiriceá Theas nó sa 'bhaile' in Tenerife é ar aon dáta ar leith. Bhí an t-ádh liom theacht air ina theach féin ag an am céanna is go raibh mé féin is mo chéile ar an oileán.

Bhain muid an-sult as an chuideachta, ar ndóigh. Agus oíche go raibh muid ag plé cúrsaí de gach saghas, tharla gur luaigh sé go raibh pinsean aige cheana ón phost a bhí aige le blianta fada sula ndeachaigh sé ag obair le NASA agus ESA (Is breá liom é sin a rá ... mo dheartháir, a oibríonn le NASA, ... mo dheartháir? An duine a oibríonn le NASA? ... cé acu deartháir atá i gceist agat, an ceann atá ag obair le NASA, an ea? ...srl....). Cibé ar bith, tá pinsean aige (níl sé seasca fós ach ag dul an treo sin). Chuir mé an cheist, cén fáth an raibh sé ag cur dua air féin glacadh le post nua, post a chuirfeadh go leor stró air idir taisteal agus freagrachtaí nuair a bhí sé ina shuí go te? Níor fhreagair sé sin, ach ba léir nár smaoinigh sé ariamh nach raibh slí eile ann ach bheith ag obair.

Chuir sé seo ag macnamh mé. Sular éirigh mé tinn, seans nach mbuailfeadh sé liom smaoineamh ar bhealach eile le bheith beo seachas ag obair. Ach tharla an tinneas, agus d'athraigh sé an dóigh a smaoiním ar mo shaol. Ní ghlacaim leis go mbeidh mé beo bliain as seo níos mó. Seans go mbeidh, ach níl aon chinnteacht sa saol a thuilleadh. Ní hionann sin is a rá go suím ar leac an dorais le gach 'ochón' asam, ar ndóigh. Is cirte a rá go nglacaim leis a saol a chaitheamh go fiúntach, i mo thuairim féin de cad is fiúntas ann. Tuigim anois go bhfuil an saol teoranta, agus níl mé óg a thuilleadh!

Cinnte, tá an saol corrach. Níl an saol féaráilte ar chor ar bith. Tá mo thuismitheorí ag tarraingt ar nócha, ach ina dhiaidh sin fuair col ceathrar le mo chéile bás an tseachtain seo in aois an dá scór go leith. Tá daoine ann a maireann a gcorp agus a n-imíonn a n-intinn. Tá daoine ann a leagann busanna iad. Tá daoine ann a mhaireann fada buan agus a n-intinn chomh géar is a bhí ariamh. Tá daoine ann a mbuaileann galar iad go hóg is go tubaisteach.

Tháinig snag ar mo shaol féin, is thug sé rabhadh domh. Leis an chuid eile den saol atá fágtha agam - fiche seachtain nó fiche bliain - déanfaidh mé na rudaí atá tabhachtach dom féin, chan na rudaí a mheasann daoine eile bheith tabhachtach.Agus dá mbeadh pinsean agam nach mé an cat a bheadh ag crónán!

Tuesday, 20 November 2012

Terry


Ní cuimhin liom an 1991 nó 1992 a bhí ann. Bhí na páistí an-óg cibé ar bith. Tháinig mé ar ais chuig an teach i mBaaile Átha Cliath i ndiaidh deireadh seachtaine i mBéal Feirste agus bhí mo chomharsan béal dorais marbh. Terry. Bhí sí cúpla bliain níos sine ná mé.

Bhí sí ag iompar clainne leis an cheathrú duine. Bhí beirt chailín agus buachaill acu cheana. Bhí a fhios agam nach raibh sí ar fónamh le tamall. Ní raibh sí in ann ithe. Ní 'morning sickness' a bhí ann mar a shamhlaíonn daoine é, bhí sí ag caitheamh aníos bia, bainne, fiú uisce.

Is cosúil go ndeachaidh sí isteach chuig an ospidéal ar an Aoine, a fear chéile ag gearáin go raibh drochbhail uirthi. Chuir an dochtúir ar ais abhaile í, ag rá nach raibh aon rud le déanamh ach foighid a bheith acu. Bhí siad i ndiaidh bheith istigh cúpla uair i rith na seachtaine, mar bhí sí chomh lag sin nach raibh sí in ann éirí as an leaba.  Faoin Satharn, bhí sí marbh. Taom croí. Bhí an leibhéal potaisiam titithe chomh mór sin gur theip ar na matáin a choinníonn an croí ag dul.

Dá mbeadh sí san fhaopach céanna inniu n'fheadar an dtitfeadh rudaí amach ar bhealach  ar bith eile. Ní dóigh liom é.Cinnte ní bheadh sé de dhánaíocht ag aon dochtúir a rá gurbh fhearr smaoineamh deireadh a chur leis an ghine. Agus ar ndóigh, fiú dá dtigeadh an smaoineamh sin ina c(h)eann, ní fhéadfaí aon rud a dhéanamh faoi.

  Ní raibh Terry ina fiaclóir, bhí sí ina beantí. Ní raibh a muintir glórach, bhí a fear chéile brúite briste i ndiaidh dá bhean bás a fháil. Bhí sé ag tabhairt aire do thriúr clainne leis féin áit a mbíodh beirt acu ann agus bhí sé traochta ina chorp is ina chroí. Níor thóg sé raic. Ní raibh sin d'acmhainn aige.

Cé mhéad Terry a bhí ann thar na blianta? Mná a fuair bás meánaoiseach? Chuir oifig mo Theachta Dála áitiúil glaoch orm a mhíniú dom go raibh an Teachta Dála áirithe sin 'pro-life'. Táimid uilig 'pro-life'. Go háirithe saol ár n-iníonacha, saol ár ndeirfiúracha, saol ár ngar-iníonacha.

Friday, 27 April 2012

Níl a fhios agam


Níl a fhios agam cad a ba cheart a rá in amanna.

Sampla: bhí triúr againn sa seomra inné, aithne againn ar a chéile ach gan an oiread sin aithne, i ndeireadh na dála.

Chuir duine amháin ceist orm (ní fhaca sé mé leis na blianta), 'Caidé a tharla do do láimh?' 'Ailse', a dúirt mé, mar gur mheas mé go mbeadh sé dímhúinte leithscéal nó finnscéal a chur roimhe. Níor fágadh ina staic é, áfach, mar go raibh a mháthair cleamhnais i ndiaidh bás a fháil ón ailse tamall gairid roimhe sin. Ba léir go raibh sé corraithe fós fúithi.

Smaoinigh mé ar feadh cúpla soicind ar na daoine a fuair bás ón ailse agam féin - uncail, aintín, uncail eile - iad ar fad sna hochtóidí. Comharsan - 42. Triúr comhghleacaí ó scoil amháin - 54, 53 agus 58. Comhghleacaí ón ollscoil .- 55.  Go leor cairde eile. Agus ar na daoine a bhí i gcoimhlint leis an ailse i láthair na huaire,  máthair le cara, beirt chara liom féin.

Bhí an tríú duine ag dul chuig tórramh bhuachaill óig sé bliana déag an lá dár gcionn. Ailse a ba chúis lena bhás. Bhí sí i ndiaidh fáil amach fosta nach raibh ach roinnt míonna fágtha ag cara léi mar gheall ar an ailse, cara a bhí seasca. Óg go leor le bheith saintiúil faoin bheatha nach mairfí.

Bhí triúr againn ann ach bhí scata taibhsí cruinn thart orainn . Daoine a fuair bás, a raibh coimhlint in éagmais acu leis an ailse. Daoine eile a bhí beo, i ngreim an dóchais go fóill. Tháinig an leabhar le García Márquez isteach i m'intinn, 'Céad blian uaignis'. Bhí muid ann.

Ach ansin scar an cruinniú agus scar muid féin, ar ais chuig an saol taobh amuigh, chuig solas an lae ghil agus an dóchas.


Saturday, 21 January 2012

tá mé ag do chosa, a chara


Tá cara liom a chaill gaol ar na mallaibh. Scríobh mé píosa fada mar gheall ar an tarlúint sin ach i ndeireadh na dála níl gá leis na focail. Bíonn amanna ann nach n-oibríonn siad aon draíocht.

A chara, seo mo bharróg duitse. Tá nath cainte ag na Spáinnigh ar ghnáth leo a chur ina litreacha foirmeálta go dtí le deireanas - 'tá mé ag do chosa'. Ciallaíonn sé, aon rud gur féidir liom a dhéanamh duit, déanfaidh. Beidh mé ag do chosa duit, a chara dhíl, beidh mé ar fáil le barróga, agus beidh mo chroí i gcomhbhá le do chroí bhrúite, bhriste chomh fada is a bheas mé ann. Tabhair aire.

Friday, 30 April 2010

Barda an bháis

Cúpla lá i ndiaidh dom an PICC a fháil isteach, chonaic mé brach glas ag cruinniú an áit ar tháinig an líne amach as mo láimh. Scáirt mé ar an líne gutháin a thairg an t-ospidéal d’othair chaemo, sa chás go raibh éigeandáil nó buaireamh nó fadhb ann. D’iarr siad orm teacht isteach leis an líne a ghlanadh amach. Díreach. Ar a haon ar maidin (nach i lár oíche i gcónaí a dtagann an buaireamh chun cinn?). Suas chuig an Ionad Ailse mé, foirgneamh mór míofar nua ar champas na hotharlainne. Ba é seo mo chéad uair istigh ann.

Isteach liom go Barda a hAon, agus d’iarr siad orm fanacht cúpla lá, go dtí go mbeadh an brach glanta acu le frithbheathaigh tríd an IV. Bhí mo chorp ag troid in aghaidh an ruda choimhthígh seo.

Chuir siad ar an IV mé, ach níorbh ionann an tréimhse seo agus an tréimhse a chaith mé sa túr – na gnáthbhardaí th’eis dom díchíochú a fháil déanta. Bhí na bardaí anseo leathan, fairsing. Ní raibh ach ceathrar i ngach aon seomra. Bhí gach áis ann nua agus lonrach. Agus bhí ciúnas ann.

Ach san oíche….San oíche is mó a tháinig éadóchas chun tosaigh, snaidhmthe tríd an phian acu siúd a bhí ag streachailt le laethe deiridh a saoil. Bhí siad seo i dtaobhsheomraí aonaracha, agus gaolta cruinnithe thart orthu ina gcuideachta ag an dé deiridh. Roinnt gaolta, bhí siad socair, suaimhneach, ag druidim le deireadh dhuine a throid an galar le fada, duine a raibh suaimhneas tuillte acu. Roinnt gaolta, ní raibh aon ghlacadh acu leis an chinniúint áirithe seo, cé acu an raibh an duine a bhí ag fáil bháis go hóg, nó gur tháinig an galar aniar aduaidh ar an teaghlach.

Bhí an oíche lán geonaíl agus osnaíl, gol agus snag. Agus luigh mé ansin ar feadh mo chúpla oíche, le mo ghreamán nua glan a chlúdaigh mo PhICC, lán chaemo ach folláin go leor i measc an bháis.

I rith an lae, bhí an áit lán grinn agus lúcháire. Bhí mná ann a d’fhan ann Luan go hAoine don raidaiteiripe. Bhí fáthanna sláinte gur san ospidéal a d’fhan siad, nó bhí foirgneamh mór taobh linn, seanárasáin do bhanaltraí, dhá leaba i ngach aon seomra agus cistin ar gach urlár. De ghnáth, má bhí tú ido chónaí i bhfad ó Bhéal Feirste, d’fhan tú ann agus spás ann do pháirtí nó do chara bheith leat.

Ach bhí Veronica taobh liom ar an bharda, mar shampla. Níl a fhios agam cé mhéad piolla a d’ith sí gach lá, ach tá mé cinnte gur mó piollaí ná bia a shlog sí gach lá. Ar chúiseanna sláinte, tháinig Veronica isteach gach Luan agus d’fhan sí go dtí an Aoine. Ag clamhsán i rith an ama.

D’fhan Maggie mar an gcéanna, ach ar chúiseanna sóisialta. Bhí sí thar seachtó bliain d’aois, agus chónaigh sí léi féin cúpla míle taobh amuigh d’Inis Ceithleann. Mar go raibh sí léi féin, d’fhan sí ar an bharda. Chronaigh sí a madadh go mór. Ba ghnáth leo siúl isteach go hInis Ceithleann gach lá fá choinne bainne agus an nuachtán, agus amach leo ag siúl abhaile arís. Gach aon lá. Agus gach maidin, nuair a bhí sí gléasta, a wig uirthi agus bricfeasta déanta, shuigh sí síos le leabhar beag urnaí agus b’shin í sásta don mhaidin.