Showing posts with label Seanad. Show all posts
Showing posts with label Seanad. Show all posts

Thursday, 28 April 2016

Seanad nó neamhsheanad?

Mary Pickford

Rinne Cathal Mac Coille tuít cúpla lá ó shin gur neamhrialtas seachas mionrialtas a bheadh againn, seans. Muna mbíonn toghchán eile ann.

Bhó toghchán eile ann ar na mallaibh - don Seanad. Bhí An Polaiteoir sa teach ag síorchaint ar an ghuthán agus ag lón le hiarrthóirí. Ní nach ionadh. Tá cúig vóta aige - ceann amháin ó bheith ina chéimí ó ollscoil a bhfuil vóta dlite dá céimithe, agus ceithre cheann eile ón pholaitíocht.

An triúr eile againn, daoine fásta sa teaghlach céanna, an dúshlán céanna romhainn sa saol, na buairimh chéanna faoi easpa seirbhísí sa tír seo, an t-aer céanna á análú againn? Níl oiread is vóta amháin idir an triúr againn.

Is maith liom an cur is an cúiteamh sa pholaitíocht, ach ar a laghad bíonn seans againn vóta a chaitheamh don Dáil agus bheith páirteach sa chinneadh deireanach. Gan vóta, gan suim.

Ach an Seanad? Chomh maith agam bheith i mo bhean i 1916. Gan vóta, gan guth.

Vótáil mé lena aisghairm nuair  bhí an reifreann ann chuige sin, mar gheall ar an easpa guthaíochta seo, mar gheall ar an easpa cumhachta nó feidhme a bhí aige mar Sheanad, agus mar gheall ar an chur amú airgid dá dheasca sin ar dhaoine nach raibh d'fheidhm acu ach giobgheab a dhéanamh. Níor athraigh mé m'intinn ó shin. Ní fheicim feidhm leis an Seanad go fóill. Neamhsheanad ata againn. Neamhsheanad gan neamhrialtas go fóill, muna raibh athrú tagtha ar chúrsaí ó chuaigh mé a luí aréir...

Monday, 30 September 2013

Shiúil mé soir

 
Shiúil mé soir agus shiúil mé soir thart ar bhailte fearainn Leamhcáin inniu agus seo an t-aon phóstaer atá ann i nGaeilge mar gheall ar an reifreann a bheas againn ar an Aoine. Fianna Fáil? Kunta Kinta gur mhaith leo Níl - i nGaeilge agus i mBéarla. 

Agus níl ann ar fud an phobail ach tagairt don Seanad. Níl aon tagairt ann do dara reifreann ar an Chúirt Achomhairc. Thoir ná thiar.

Ar ndóigh, níl mórán de phóstaeir ann ar chor ar bith.

Lucht Oibre, is léir go bhfuil cúrsaí toghchánaíochta ina chíor thuathail acu. Tá an Pháirtí ag moladh vóta 'Tá':

Ach níl a fhios ag an Teachta Dála áitiúil cén bealach a vótálfaidh sé féin, fiú. Tá faitíos ar an Teachta theacht anuas den díog leis an teideal atá aige ar an díospóireacht gur mhaith leis a chur sa tsiúl. Nó an bhfuil mé ciniciúil má mheasaim nach bhfuil anseo ach slí lena ainm a chur i mbéal an phobail agus a phróifíl a ardú:

Agus tá an comhairleoir áitiúil ag rith glan in éadan a páirtí-sé. Tá sí dubh agus bán anseo thíos (agus dearg, dar ndóigh). Ag cur a próifíl féin amach ansin, agus ag cur in iúl don phobal gur bean di féin í. Níl aon sinn féin inti-se ach 'mé féin':
 
Fine Gael? Níl siad féin ró-thugtha do líne na páirtí ach an oiread, is cosúil. Níl an póstaer thíos ag cur 'faigh réidh leis an Seanad' chun tosaigh ar bhealach ró-láidir, i ndáiríre:
 
Mar nóta scoir - cosnaíonn sé timpeall cúig chéad euro trí chéad póstaer a chur amach. Déan cuntas ar na póstaeir i do cheantar féin agus meas cé chomh práinneach is a mheasann na páirtithe éagsúla an reifreann seo bheith.
 

 


 



Tuesday, 17 September 2013

Le seanad nó le dísheanad?


Lá salach i mBaile Átha Cliath inniu. Fliuchas agus fuacht. Tá an fómhar linn, cinnte.

Ar mo bhealach ar ais chuig an charr ag teacht amach as Raidió na Life, thug mé faoi deara go raibh am póstaeir ann arís. Don reifreann i nDeireadh an Fhómhair, an iarraidh seo. Agus na turcaithe ag vótáil ar son na Nollag, chonacthas domh, leis na páirtithe rialtais ag moladh vóta 'Tá' le dieradh a chur leis an Seanad.


Ní hé nach mbeidh mé féin ag vótáil 'Tá'. Beidh. Tá ceathrar againn sa teach le vótaí don Dáil. Níl ach duine amháin a bhfuil vóta aige don Seanad, agus dhá vóta aige, do dhá choiste, lena chois. An triúr eile sa teach, níl guth ar bith againn don teach 'uachtarach'. Is léir gur cosmhuintir muid i dtéarmaí polaitiúla. Saoránaigh den dara grád.

Sin trí vóta 'Tá' mar thús, agus vóta ón duine eile le deireadh a chur lena ré aonarach sa teach i vótaí reifrinn. Caithfidh sé vótáil leis na turc-... leis an pháirtí.