Showing posts with label Béal Feirste. Show all posts
Showing posts with label Béal Feirste. Show all posts

Wednesday, 25 September 2019

Cití agus Club Leabhar - an podchraoladh


Pléitear 'Cití na gCártaí' sa phodchraoladh anseo mar chuid den Chlub Leabhar ar líne ag Gaelchultúr.
Lisa Nic an Bhreithimh, Aonghus Ó Lochlainn á chíoradh agus Seán Ó Catháin sa chathaoir.

Rinne siad plé iontach cothrom ar an saothar seo, is dóigh liom. Ach ar ndóigh, tá mé claonta . . .

Saturday, 11 August 2018

Cuimhní agus taighde


Joan Quinn ar dheis, ó Falls Memories. Níl a fhios agam cé a thóg é. 
Bhí mé ag caint ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtain i mBéal Feirste ar na mallaibh mar gheall ar an phróiséas scríbhneoireachta cruthaithigh. Bhí mé ag cur síos ar an dúthbhaint atá ann idir mo thaithí phearsanta féin, an cúlra atá agam agus an scríobh. Mar shampla leis seo a léiriú don lucht éisteachta, thaispeáin mé an ghrianghraf thuas ón leabhar Falls Memories.Tá an leabhar as cló anois, go bhfios dom, ach nuair a tháinig sé amach ar dtús bhí sé ina bhronntanas Nollag fud fad an bhóthair. D'oscail mo mháthair an leabhar ag leathanach leis an phictiúr thuas.
'Ó!' ar sí, 'sin mo Mhamaí!'
Go leor daoine i mBéal Feirste, cuimhníonn siad ar an téarma 'shawlies' a úsáideann daoine sa lá atá inniu ann le cion agus meas. Ach ní hamhlaidh a bhí riamh, agus dá mba 'shawlie' thú féin nó duine muinteartha leat, ba chomhartha bochtanais agus easpa oideachais é. Bhí tú róbhocht le cóta siopa a cheannach.
Ar ndóigh, na mná íosaicme a chuaigh ag obair sna muilte agus a bhí ag tuilleadh airgid, a bhí neamhspleách, a bhí ag cur aráin ar an tábla dá muintir, ní raibh iontu ach 'millies', téarma dímheasa a leanann go dtí an lá atá inniu ann.
Sin mná duit. Damnuithe má théann siad ag saothrú airgid, damnuithe muna dtéann...


An Lónaidh
Tógadh an Lónaidh - an Pound Loney, an ceantar a spréigh siar ó Shráid an Phóna í lár na cathrach amach go dtí Bóthar Grosvenor - tógadh na tithe beaga bídeacha sin do na hoibrithe i mBéal Feirste, oibrithe a tháinig isteach ón tuath, roinnt acu a labhair Gaeilge. Bhí roinnt de na cainteoirí dúchais seo thart le mo linn, chomh fada leis na hochtóidí.
Cúis mhórtais a bhí ann na tithe seo a choinneáil glan - agus go bhfeictí thú á gcoinneáil glan. D'fheictí mná amuigh ar a nglúine gach maidin ag sciúradh leathghealaí gléghlinne thart ar an táirseach achan lá. Ag glanadh cac na madadh, na gcapall is na gcat ón lá roimhe ar shiúl...

Córas alaraim i mBéal Feirste sna seachtóidí  - agus sna blianta ag tús an chéid sin
Rud a fuair mé amach ó chuimhní mo mhuintire ar na mallaibh, nár thuig mé roimhe sin, ná gur bhain daoine i mBéal Feirste úsáid as na cláir ó na boscaí bruscair i gcúl an tí mar chóras alaraim sna naoi gcéad déaga agus sna fichidí chomh maith leis na seascaidí agus na seachtóidí. Thógtaí clár miotail ón bhosca bruscair agus bhuailtí in éadan bhalla nó in éadan cosáin é le trup callánach a dhéanamh. Rinne an raic seo daoine a mhúscailt nó rabhadh a thabhairt go raibh na péas nó an t-arm (nó na Specials) amuigh fán dúiche.

Sráid an Droichid, Béal Feirste, Blitz 1941
Tá scéal amháin in Dílis, 'Aoibhinn an Galar' a chuireann síos ar an Blitz mar a tharla i mBéal Feirste. Bhí cúpla oíche ghreannmhar sa teach againn, ag tosú leis an seanlanúin ag aontú le chéile, ag roinnt cuimhní  -  'Bhí an Limestone Road loite ar fad, nach raibh?' agus 'Na daoine bochta sin in Duncairn'. Ach an oíche ina dhiaidh sin thosaigh siad ag inse scéalta in iomaíocht lena chéile, féachaint cé acu a raibh am níos measa, nos scanrúla, níos dorcha acu le linn an Blitz. Ar an tríú hoíche tháinig m'Aint Josie isteach ag airneáil agus bhí sé ina chogadh dearg (sic) eadarthu, an scéal is mó uafáis faoin Blitz a inse.

Elizabeth O'Farrell taobh thiar den Phiarsach, 1916
Thosaigh mé isteach ansin ar na blúiríní sin den stair nach bhfuil aird tugtha orthu go dtí seo. Mar shampla den dóigh a tharlaíonn daoine bheith scríofa amach as an Táin, thaispeáin mé an pictiúr thuas den Phiarsach ag géillstin d'Arm Shasana. Ar feadh na mblianta, bhí cur síos air mar 'An Piarsach...blá, blá, blá'. Ach is léir nach leis féin a bhí sé, nó tá péire eile bróg taobh leis. Ach ní raibh ann ach bean, Elizabeth O'Farrell, agus mar gur fir a bhí ag scríobh na leabhar staire, níor measadh go raibh tábhacht le bean a lua.
Mhol mé cúpla foinse don tréimhse seo, go háirithe.
Margaret Ward (an-mhaith faoin tréimhse seo, tús na fichiú haoise, agus Béal Feirste go háirithe)
Linda Connolly 
Mary McAuliffe
Claire McGing
agus eile...
Cuardach málaí i mBéal Feirste sna seachtóidí
Arís is arís eile tá macallaí den stair fadó sa stair a bhfuil cuimhne againn féin uirthi lenár linn féin. Glacadh an grianghraf thuas sna seachtóidí, ach an ceann thíos ag tús na bhfichidí.

Cuardach fir i mBéal Feirste circa 1921


Sráid an tSéipéil, Béal Feirste, tús an 20ú chéid
Agus le linn taighde a dhéanamh don scríobh cruthaitheach, is iomaí pictiúr a thug leid dom ar shaol na ndaoine ag an am sin. Bhí siad galánta go leor thart fá Shráid an tSéipéil an t-am sin (thuas) - amharc ar na héadaí. Hataí arda agus naprúin bhána.

Mise. Seán Mac Corraidh (fear a' tí), Liam Mac Cóil
An-oíche!

Saturday, 9 April 2016

Um Cháisc i mBéal Feirste, Cuid 2

Cupán tae sa Chultúrlann -

Brabhsáil sa siopa leabhar is fearr ar an oileán - An Ceathrú Póilí. Cártaí ar dóigh acu, leabhair i nGaeilge agus i mBéarla, póstaeir, bréagáin... 

Sciorradh thart ar thaispeántas na linne i nDánlann Gerard Dillon - 

Suas ar ais an bóthar ansin go dtí an 'Rock' - teach tábhairne a chuireann grianghrafanna maithe amach de na féilte agus paráideanna óna dhíon ar Twitter ar @rockbarbelfast . Dála an scéil, bhíodh an tríú stór ar an Rock fadó ach bhí tine ann agus bhain siad an stór sin de. 
An Rock inniu
An Rock i dtús na fichiú haoise

trasna ón phub
James Connolly arís. Cúlra agus traidisiún eite clé go láidir ag an tuaisceart, rud a fhágann muid fuar ar phlamás na bpáirtithe láir/láirdheis sa deisceart. 

Arís, íomhá rómánsúil ar mhná ach bhí cearta ban curtha chuig cúl an scuaine le linn trioblóidí na seachtóidí agus na n-ochtóidí, agus a rian ar dhlithe go fóill. 

Teach ar chónaigh James Connolly ann, díreach trasna ó gheataí na reilige. Nuair a bhí mé óg ní raibh a fhios agam cad a rinne sé ach bhí a fhios agam go raibh duine cáiliúil ina chónaí thart an coirnéal orm, rud a thug misneach. Fiaclóirí atá sa teach anois, má bhíonn tú á chuartú.

James agus Nora Connolly
vótáil go luath agus go minic
Pádraig Mac Piarais

An Phalaistín 
Coinnigh súil ar na siopaí geallglacadóireachta in aon áit ina bhfuil tú. Tacaíonn siad lena gcustaiméirí. Mar an gcéanna anseo - ag tacú leis an phobal agus ag cur 'muriels' in airde ar an siopa. Nuair a bhí mé óg, monarcha uachtar reoite a bhí ann. Sciorrann an t-am...
inniu

sna seascaidí - busanna a rith ar leictreachas 

Sampla maith de na buntáistí a bhaineann le dlúthphobal is ea an siopa seo. Cónaíonn m'athair trasna uaidh. Tá sé sean agus crapálta. Gach maidin téann siad trasna aige agus fágann siad an nuachtaán isteach chuige, agus bíonn comhrá acu leis. Tógann siad liosta teachtaireachtaí uaidh agus fágann siad na hearraí isteach chuige i rith an lae. Fuair sé an dara stróc ar na mallaibh agus bhí siad ar an teileafón go rialta, ag seiceáil go raibh clann nó cuideachta istigh leis, Pobal. Mo bhuíochas leo. Má bhíonn nuachtán nó milseáin nó buidéal uisce de dhíth ort agus tú ag turasóireacht thart ar an cheantar seo, buail isteach chucu.












Monday, 14 April 2014

Lá Dearg Eile (Cá'l Wally 2?)

Radharc ar Dhuibhis ó Reilig na Cathrach

Bhí an Lá Dearg (Eile) i mBéal Feirste spéisiúil go maith.

Sa Chultúrlann, roimh an mhórshiúil


Bhí go leor páistí beaga i láthair ó na gaelscoileanna, á maoirsiú ag an lucht eagruithe. Níl a fhios agam an aontaím le iad a thógáil amach en masse mar a rinneadh, le bheith fírinneach. Go háirithe nuair atá seans ann go dtógfadh na fleggers raic. Ach sin mo bharúil féin.

fleggers ag cur in éadan an mhórshiúil


Bhí scaifte mór ann, cinnte. Agus an tArdMhéara ansin leis.



Thug sé Domhnach Cásca ar ais chun cuimhne agam. Nuair a bhínn óg (sea, aimsir ghnáthfeckinchaite), bhíodh paráideanna ann i rith an lae. Bhíodh cónaí orm ar Bhóthar na bhFál féin, agus ní bhíodh le déanamh ach rith amach chuig geata an gháirdín tosaigh le hamharc ar aon mhórshiúl a bhí ag gabháil thar bráid. Ceann luath ar maidin ag grúpa IRSP. Ceann eile i lar an lae ag na Stickies, b'fhéidir. Ceann eile nuair a bhí an dinnéar díreach déanta againn ag na Pinheads. Rithimis amach le hamharc orthu agus ansin rithimis isteach arís leis na soithí a ní sula dtiocfadh an chéad dream eile. Ceann eile ina dhiaidh sin ag baicle eile nach raibh a fhios againn cé hiad ach nár aontaigh siad le haon ghrúpa eile. Berets dubha, spéaclaí gréine agus bratacha. Agus ciúnas. Dínit. Meas. Urraim.

Spéaclaí gréine ar roinnt daoine, ag fanacht ar imeacht síos an bóthar


Gach grúpa, ag máirseáil le banna ceoil, nó cúpla banna, b'fhéidir, dá mba rud é gur dhream mór iad. Ach iad uilig ag máirseáil go ciúin, siosmaideach. B'shin an stíl. Dínit, ciúnas, ach gurb é aon cheol a bhíodh ag an bhanna.

éide eile, laethe eile, ach ciúin go fóill


Bhí daoine mar sin ar an Satharn cuid mhaith, ar ndóigh. Ciúin, ag siúl. Ach bhí daoine óga ann chomh maith nach raibh ciúin ná siosmaideach. Bhí Santaí taobh thiar díom le bleedin'  meigeafón ag gabháil fhoinn an bealach ar fad síos, ag maíomh go raibh Santaí ag teacht anocht. Ocht mí le gabháil. Tosaígí ag ceannach anois.

bígí maith - ta sé ag teacht


Sea, bhí an craic maith bíodh is go raibh daoine níos ciúine ná mar a bhí i mBaile Átha Cliath (san áit ina raibh mé féin, beagnach ag an chúl, cibé ar bith). D'fhág mé an mhórshiúl ag lár na cathrach mar bhí dualgaisí eile orm an lá sin, ach bhí sé mór go leor le go gcaithfeadh daoine sonrú a chur ann.


ruball na paráide ag Sráid Duibhise