Showing posts with label náire. Show all posts
Showing posts with label náire. Show all posts

Wednesday, 21 February 2018

No more Merikay


Tá seandialanna agam sa bhaile. Ó bhí mé sna déaga. Thosaigh mé ag scríobh iontu nuair a fuair mé ceann mar bhronntanas Nollag i 1972. I mBéarla a scríobh mé ar dtús, ach thiontaigh mé ar an Ghaeilge nuair a bhí go leor Gaeilge foghlamtha agam le mé féin a chur in iúl. Bhí mé ar an bhunc uachtarach i seomra le triúr deirfiúr. Bhí príobháideachas de dhíth orm. Ní raibh focal Gaeilge ag an bheirt níb óige ag an am, agus ní raibh suim ag an deirfiúr níos sine i mo chuid scrioblála.

Sciorraim tríd na leabhair seo ó am go chéile. Níl siad chomh suimiúil is a shílfeá, ar ndóigh - bhí go leor laethe nach raibh agam ach scoil (síos an bóthar) agus teilí (BBC, UTV agus BBC2)Nó dinnéar (ispíní) agus obair bhaile (barraíocht) agus leaba (ró-luath). 

Ach anois is arís bíonn corrphíosa ann a mhúsclaíonn fiosracht. Nuair a bhí mé sa chúigiú bliain ar scoil, mar shampla, agus mé sé bliana déag, bhí iontráil agam i Mí Eanáir na bliana sin. 1977. Bhí an prefect a bhí againn imithe gan rabhadh. Bailithe amach as an scoil. B'ionann prefect agus cailín ó bhliain níos sinsearaí a mharcáil an rolla don rang ar maidin agus a chuidigh le hord a choinneáil nuair a bhíodh tionól againn (paidreacha agus fógraí. Agus iomann, in amanna.). Ach bhí sí imithe.

Agus ní raibh a fhios ag duine ar bith cá ndeachaigh sí, nó cad a tharla di. Shíl mé go raibh sé amaideach ar fad imeacht an Nollaig roimh do chuid scrúduithe 'A' leibhéal. An oiread sin de bhlianta a chaitheamh ag dul don staidéar agus é a chaitheamh san aer. Bhí cantal ceart orm faoi, sa dialann. Bhí an seanphrefect deas, cairdiúil, ach anois bhí muid ag roinnt prefect nua le rang eile. Bhí sé de chliú uirthi siúd a bheith crosta, confach agus go ndéanfadh sí tú a mharcáil mall fiú má shleamhnaigh tú isteach díreach nuair a bhuail an clog scoile. 

Ní raibh sé de chiall agam féin ná ag formhór na gcailíní thart orm a thuigbheáil gur imigh cailíní agus níor tháinig siad ar ais ariamh mar gur cuireadh orthu gabháil go tithe a rith mná rialta, mar go raibh siad ag iompar clainne. 1977. 

Fiú nuair a chuaigh an scéal thart faoi chailín sa rang againn féin a d'imigh, níor thuig muid i gceart. Anonn go Meiriceá, a dúirt siad. Ach nach Meiriceá a bhí ann, a chuala muid, ach teach mór éigin thíos faoin tír sna sé chontae fichid. Bhí sí ag iompar clainne, a dúirt na ráflaí, agus bhí sí ag scríobh cártaí poist sa teach mór seo abhaile, cártaí poist le pictiúirí de Mheiriceá orthu. Nua Eabhrac. Agus chuir na mná rialta na cártaí poist anonn go Meiriceá agus chuir an sagart thall ansin stampa Meiriceánach orthu agus chuir sé na cártaí sa phost ansin agus... agus.... agus níor chreid muid a leithéid de scéal áiféiseach ag an am.

Ach níor tháinig na cailíní sin ar ais chun an bhaile s'acu féin. Ná a gcuid páistí. Ariamh. 


Monday, 29 June 2015

Dubh, bán agus liath

http://www.globalpost.com/photo/6591829/2015/06/23/women-waves-abortion-drone-2014-6-23

Ní minic a aontaím leis an eaglais Chaitliceach. Nuair a chonaic mé an t-alt seo agus an  t-alt seo, áfach, shíl mé gur léirigh siad aibíocht agus cur chuige nach bhfuil le feiceáil in institiúidí an taobh seo den Aigéan Atlantach. Deir siad sna hailt seo na rudaí ceannann céanna atá go leor daoine ag rá le blianta anseo - ní laghdaítear líon na nginmhillte sa tír seo trí chosc a chur orthu, ach leis na fáthanna a bhfuil mná ag iarraidh iad a fháil a laghdú.

Na bíodh dallamullóg orainn, tá ginmhilleadh ar fáil sa tír seo. Ar phraghas eiltilte go Sasana - seo na staitisticí ón tír sin ar líon na nÉireannach a chuaigh tríd an chóras acu siúd:

BliainIomlánFaoi1616-1718-1920-2425-2930-3435-3940+
20143,7352184168918865799586294
20133,6792190213911884746558256
20123,98232922231,082964777549263
20114,149371112951,1091,051755534257
20104,402411153031,1811,137789565271
20094,422381552911,2341,164759523258
20084,600271403441,2961,232841499221
20074,686471473501,3871,282790474209
20065,0423919441915051370824491200
20055,5853917348217591451860541280
20046,2174920954019631663951607235
20036,3204224255220901597954579264
20026,5225424561522581604928552263






















Is léir ó na figiúirí go raibh laghdú ann, ó 5k+ go 4k-. Ach tá an líon sin ag méadú arís i mbliana, agus beidh sé spéisiúil a fheiceáil an mbeidh méadú arís ar na mná a íocann airgead le Ryanair nó Aer Lingus agus a théann anonn ag easpórtáil ár gcuid fadhbanna sóisialta agus eacnamaíocha go tír eile. Iad siúd a bhfuil an t-airgead cuí acu. Agus cead taistil.



Níl sé chomh fada sin ó bhí clú is cail ar mhná airithe in áiteacha áirithe a bhí in ann 'fadhb a reiteach' go ciúin, discréideach. Ach bhí contúirtí ag baint leis na modhanna cúlsráide seo, ar ndóigh. Agus tá rudaí eile ag tarlú inniu féin chomh maith a chuireann saol na mná i mbaol, fosta.

Is comhartha dóchais do mhná go bhfuil daoine 'mór le rá' ag tosú a labhairt amach ar an ábhar seo, ach is léir go bhfuil imeagla ar go leor polaiteoirí theacht anuas den díog

Ní feidir titim idir an dá stól leis an cheist seo, beidh gá le suí ar an cheann amháin nó ar an cheann eile - beidh mná i gcónaí ag iarraidh smacht a bheith acu thar a gcorp féin, agus gheobhaidh siad bealach amháinbealach eile lena dhéanamh.



Ní ar chúiseanna náire atá go leor de na mná seo ag gabháil trasna go Sasana ach an oiread. A bhuí mhór le Mor, tá an náire sin nach beag imithe, tá súil is agam. Má dhearcaimid ar na staitisticí, is beag seans gur 'Ó, a Dhia na Glóire, cad a déarfas na comharsan' atá i gceist thuas, ach cúrsaí airgid, easpa tacaíochta, cúrsaí sláinte/leighis.

Agus sula mbíonn na polaiteoirí ag maíomh nach dtig réiteach sásúil dlí a chur i bhfeidhm ó thaobh Leasú 8 de, seo cúpla ceann...

http://www.womenonwaves.org/

Friday, 2 January 2015

Racht na hAthbhliana 2015



Tá racht na hathbhliana (na seanbhliana, mar a deirimid féin sa bhaile) fógartha. Ag Dennis na nIarsmaí Teanga.

Bíodh aige. Ach cá háit le tosú? Lucinda agus Eddie agus páirtithe nach páirtithe iad ar chor ar bith? Mná marbha a choinnítear beo le bheith ina ngoradán? Mná ag eitilt anonn go Sasana go fóill le haghaidh ginmhillte?

Ní hea. Mná Newcastle Shasana ag an aerfort i mBaile Átha Cliath ar mo bhealach tríd stáisiún na bpasanna agus na curlers ina gcuid gruaige. Moll mór ban óga sna fichidí, gruaig fhada fhionn, dhubh, rua agus dhonn gach áit, léar mór curlers i ngach folt.

Oíche na Seanbhliana, Oíche na Bliana Úire. Eanáir, Janus, nach ionann iad.

Ní ligfeadh an fhiosracht domh fanacht i mo thost. D'fhiafraigh mé den bhean óg a sheas i mo dhiaidh sa scuaine  -
'Cad chuige na curlers, a chroí, an bhfuil comórtas nó taispeántas ar siúl agaibh anocht?'

An rud a bhí i m'intinn féin, ar ndóigh, ná gur rinceoirí Gaelacha iad ar a mbealach chuig  taispeántas Riverdamhsach don oíche mhór. Tchí tú cailíní níos óige minic go leor ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath lá Feise, curlers sa ghruaig, caite suas i líon mín, na coirníní á gcoinneail slán go dtí go gairid roimh an chomórtas féin. Ghlac mé leis gur troupe rinceoirí a bhí sna mná óga seo a bhí scaipthe go flúirseach ar fad an scuaine.

'Ó', ar sí, 'baineann tú amach iad agus bíonn coirníní agat.' ar sí go pléisiúrtha leis an seanbhean a chuir an forrán cainte uirthi. 'Oíche na Bliana Úire atá ann anocht. Caithfimid bheith cóirithe agus maisithe i gceart chuige sin!'

Is cuimhin liom oíche Shathairn fadó, ar an bhus, blianta fada ó shin. Bhí bean óg eile romham, í maisithe, cóirithe, gléasta go gleoite. Smideadh, éadaí deasa, sálaí arda. Agus curler fánach amháin ina gruaig ar chúl a cinn. Dearmadta. Chrom mé isteach uirthi ar an bhealach isteach chun na cathrach agus cibé oíche mhór a bhí beartaithe aici agus d'inis mé di go ciúin discréideach go raibh laochra amháin fágtha i ndiaidh na bhFiann aici.
'Ó!' a dúirt sí, agus gach fústair fúithi, náire uirthi go bhfacthas mar sin í, agus buíoch ag an am céanna go ndúradh léi faoi sular shroich sí an chathair agus an chuideachta don oíche.

B'shin sin. Níl náire ann a thuilleadh, áfach. Ná tlú te ach an oiread. Curlers mór mílteacha, go dtí an bomaite deireanach. Sin é. Chonaic sibh anseo é ar dtús.  Maraon le pitseamaí ar an tsráid ar Bhóthar na Carraige Báine i mBéal Feirste. Agus más féidir iad a chaitheamh san aerfort beidh siad le caitheamh aon áit. Bullaí mná í féin, mar bhean óg Shasana. Go leor náire ar an domhan seo (fch. thuas)gan bheith náirithe faoi chúrsaí gruaige.

Sin mo racht. Briathar Dé. Briathar BanDé, ar ndóigh. Le curlers.





Friday, 23 November 2012

Cinnte dearfa



Fuair mé scairt gutháin anocht, glaoch anaithnid. Bhí an guth (fear, ar ndóigh, agus Éireannach) ar an taobh eile den líne ag iarraidh a chur in iúl domh nach raibh ginmhilleadh de dhíth ariamh ar aon chúis agus luaigh siad ollamh le leigheas míochaine, Eamonn O'Dwyer, mar thaca leis seo. Ansin d'iarr an guth orm mo bharúil i leith ginmhillte a thaifead trí chnaipe 1, 2 nó 3 a bhrú. Ní cuimhin liom na roghanna le haghaidh 1 agus 2 (bhí m'iníon ag iarraidh an fón a bhaint as mo láimh le héisteacht leis an teachtaireacht) ach dá mba mhian liom reachtaíocht ginmhillte mar atá sa Bhreatain (i. ginmhilleadh ar a éileamh) hiarradh orm cnaipe 3 a bhrú.  Nuair nár bhuail mé aon chnaipe tháinig guth Meiriceánach ar an líne ag iarraidh orm mo rogha a dhéanamh athuair. Ansin gearradh an líne.

Bhí mé díreach tar éis bheith ag léamh faoi na scairteanna seo cúpla uair a chloig ó shin. An rud is spéisúla faoin alt san 'Irish Times' ná go bhfuil bean ón Life Institute ag maíomh nach bhfuil sé cinnte go ndéanfaidh a leithéid de scairteanna aon dochar dá cúis. 

I ndáiríre? Is dóigh liom go léiríonn an dearcadh sin meon lucht agóidíochta na frithghinmhillte. Scairt go hard, agus suífidh daoine ciúin. Tabhair amach, agus cúlóidh daoine. Tabhair taobh amháin den scéal do na daoine agus glacfaidh siad leis mar is cinnte nach mbeidh siad in ann aon dearcadh eile a aimsiú in aon áit eile.

Ní dóigh liom go dtuigeann lucht agóidíochta 'pro-life' go bhfuil muid tar éis  an náire a brúdh isteach go smior i mo ghlún ar scoil ag na mná rialta (nó na bráithre) a chaitheamh uainn. Tuigimid nach bhfuil an saol dubh agus bán. Tá liath agus glas agus dearg ann. Dearg na fola, fuil ban. Agus nílimid sásta suí ciúin a thuilleadh.  Ní sochaí mheánaoiseach í seo. Níl an domhan chomh cinnte dearfa sin.