Showing posts with label FEC chaemo instealladh. Show all posts
Showing posts with label FEC chaemo instealladh. Show all posts

Thursday, 15 April 2010

Líne PICC

Tá daoine ann a chreideann gurb ionann aingil agus altraí. Ní hamhlaidh atá. Is daoine iad altraí, daoine le fadhbanna morgáiste, achrann céile, easpa foighne nó just fíordhrochlá ar nós gach duine eile.

Ar chríochnú mo thrí chúrsa FEC bhí trí chúrsa Doxitaxel le déanamh agam. Chomh maith leis an athrú seo, ba léir go raibh an chaemo ag cur isteach ar na féitheacha. Bhí siad ag éirí tanaí, crua agus bhí claonadh acu dul i bhfolach chomh luath is a bhfaighfidís boladh na snáthaide. Bhí sé ag éirí deacair féith oiriúnach a aimsiú de réir mar a chuaigh an chaemo ar aghaidh.

An lá deireanach den FEC, bhí banaltra óg ag iarraidh teacht ar fhéith. Chuir mé mo láimh faoi uisce te, d’ól mé tae té agus i ndeireadh na dála tháinig cúpla banaltra eile isteach chun triail a bhaint as, gan aon toradh. Leis sin, tháinig banaltra níos sine agus éide éagsúil uirthi chun tosaigh. D’fhéach sín orm go mífhoighideach agus rinne sí fútaráil fústráil go bhfuair sí an snáthaid isteach. Ansin ar sí ’bhuel, beidh tú ag fáil line PICC mar sin, agus is mise a bheas á cur isteach. Ní rachaimid tríd seo arís leat’, amhail is go ndearna mé rud éigin mícheart. Dhá uair a’ chloig níos moille bhí mé réidh. Thug siad mála beag de na drugaí breise don mhúisc agus ar aile dom agus leabhrán dar teideal ‘You and your PICC line’. Bedtime reading.


Á cur isteach:

http://www.youtube.com/watch?v=3DwIOFW-pnc

Á baint amach

http://www.youtube.com/watch?v=7kA626991hI&NR=1

Friday, 19 March 2010

Tinn tuirseach


De réir mar a théann tú ó chúrsa chaemo go cúrsa eile chaemo, éiríonn do chorp níos laige agus níos laige. Agus tagann claochló ar na mothúcháin chomh maith. Fearg an mothúchán is mó a tháinig chun cinn ionam féin. Mhothaigh mé fearg dochreidte le linn chaemo. D’eascair roinnt den fhearg seo as an eagla a bhí orm, mar cruthaíonn eagla fearg. Ach tháinig go leor den fhearg mar thaobhéifeacht den chaemo, agus ó hormóin athruithe, brúite, scuaiste. Chonaic mé an fhearg seo (níos measa ná mé féin!) i ndaoine eile a bhí ag dul faoi leigheas don ailse. Shíl mé ag an am go raibh mé socair, suaimhneach. Tuigim anois go raibh mo chorp faoi ionsaí agus go raibh mé ag iarraidh greim a choinneáil ar mo bhuntús, mo réadúlacht, mo chiall.

Deireadh an tsamhraidh a bhí ann. Bhí mé i ndiaidh an samhradh a chur isteach idir scian agus instealladh. Agus bhí mo chuid comrádaithe múinteoireachta scaipthe don samhradh, nó scaipthe roimh an ailse. Mhothaigh mé lag, tinn, tuirseach agus tréigthe. Bhí, is dócha, go pointe áirithe - tréigthe, ach anois, tchím go raibh na hormóin ag beathú drochspion agus lionn dubh.

Friday, 5 February 2010

FEC an chaemo

Tá na céadta drugaí eagsúla ar fáil d’ailsí éagsúla. Le hailse cíche, is dhá mheascán éagsúil a bhí le fáil agam. Trí chúrsa FEC agus trí chúrsa Doxitaxel. Bhí trí sheachtain idir gach cúrsa.

Is ionann FEC agus an trí thúslitir de na trí drugaí don chéad cocktail – fluaráraicil, epirubicin agus cioglafosfaimíd. Le Fec mhothaigh mé lag don chéad sheachtain, níos fearr arís an dara seachtain agus níos fearr arís eile an tríú seachtain, díreach in am don chéad chúrsa eile! Ba í an dara seachtain an seachtain is lú go raibh cosaint agam in éadan tinnis agus bhí orm fanacht amach ó scaiftí le linn an ama sin.

Fuair mé leid iontach ón bhanaltra ailse mar gheall ar FEC – imíonn do chóras dileá in aimhréidh ar fad. Chun déileáil leis seo, mhol sí kiwi iomlán – leis an chraiceann – measctha agus brúite isteach le sú oráiste. Chuidigh sé go mór le cúrsaí!

Agus fuair mé leid eile ó ‘Sex and the City’. Bíonn blas miotail ido bhéal le FEC. Agus an réiteach air seo? Leac oighir, ciúbanna oighir, líreacáin oighir, aon rud fuar siocaithe.

Bíonn íomhá ag daoine den chaemo ina n-intinn go mbíonn duine ag caitheamh aníos, bán san aghaidh, lag, maol. Ach tá dul chun cinn déanta i mbainistíocht an chaemo agus tá an pictiúr sin rud beag as dáta.
Ní chailleann gach duine a ngruaig, ag brath ar na drugaí atá i gceist. I gcás FEC, is amhlaidh go gcailleann tú do ghruaig, ach chas mé ar go leor ban le hailsí i mbaill eile dá gcoirp agus níor chaill siad a bhfolt de dheasca chaemo.
Níor éirigh mé bán san aghaidh ach oiread. Éiríonn daoine bán nó dearg sa chraiceann leis an FEC. D’éirigh mé féin ‘dearg’, agus bhí an chuma orm go raibh mé tagtha abhaile ó sheachtain in Lanzarote!

Gach uair a dáileadh chaemo, ghlac mé stéaróidigh agus táibléid eile chun cuidiú le múisc a sheachaint. Agus níor chaith me aníos ariamh le linn chaemo. Mhothaigh mé masmas éadrom an chéad chúrsa ach d’fhoghlaim mé mo cheacht agus ghlac mé na piollaí de réir mar ba ghá ina dhiaidh sin.

Mar seo a bhí leis an dáileadh chaemo i mBéal Feirste: isteach chuig an ospidéal ar an Luan le haghaidh tarraingt fola agus a meas ar maidin. Comhrá leis an dochtúir níos moille an lá sin. Dáileadh chaemo an tráthnóna sin nó maidin lá arna mhárach. Le Fec, bhí trí instealladh móra le dáileadh orm, banaltra ag brú na ndrugaí isteach ó láimh san fhéith thar uair go leith. Ansin, abhaile liom le mo mhála drugaí go dtí an chéad uair eile.

An chéad chúrsa chaemo, níor mhothaigh mé chomh lag sin. Ach thug mé faoi deara m’fhuinneamh agus mo chumas ag dul i laghad de réir gach cúrsa. Bíonn gach duine difriúil, ar ndóigh.

De réir mar a leanann tú leis an leigheas éiríonn na féitheacha ‘faiteach’ agus deacair le haimsiú. Téann siad i bhfolach agus sa deireadh - ag deireadh an FEC, ní raibh bealach isteach don instealladh. Bhí orm líne PICC a fháil. Agus sin scéal eile.