Showing posts with label Bác. Show all posts
Showing posts with label Bác. Show all posts

Thursday, 11 February 2016

Os cionn 55



Bhí tús gruama go maith agam don bhliain. Bhuail an fliú mé dhá lá i ndiaidh na Nollag agus chaith mé fada go leor sa leaba - coicís iomlán - agus fada go leor ina dhiaidh sin - go dtí anois, lár Mhí Feabhra - 'ag tabhairt aire domh féin'. Ach ní bhíonn sa fliú ach seal, mar a deir an seanfhocal. Tá me ag teacht chugam féin agus tá an corp ag gearain nach raibh mórán aclaíochta ar siúl agam le tamall anois.

Chuaigh mé thart ar na gyms i mo cheantar, mar sin, ag cuartú luach ar son mo shaothair. Ó-bhó, bhí praghasanna imithe suas píosa maith ón uair dheiridh go raibh mé ann! Ach in ceann amhain, thug mé faoi deara go bhféadfainn lascaine 25% a fháil mar gheall ar mé bheith os cionn 55 i mbliana - 'Active Age Senior Membership'... Nach maith iad Comhairle Contae Átha Cliath Theas.



Ach is fearr i bhfad Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Ar €10 faigheann tú 'Pas Só', má tá tú thar 55 bliain d'aois.  Leis an 'Phas Só' seo i do ghlaic agat, faigheann tú cead isteach ar gach sólann i gceantar an Chomhairle ar €2.20, in ait €7.50. Tá lascainí eile ar fáil ach sin an ceann is mó ar chuir mé suim ann. Ní gá bheith i do chónaí i gceantar an Chomhairle ach oiread. Níl mé féin. Má tá tú ag teacht go  Baile Átha Cliath ar bhonn rialta is féidir leat ceann a bheith agat agus sólanna na cathrach bheith ar oscailt dúinn. Chuir mé isteach fana choinne ar líne. Ag fanacht ar an phas theacht isteach an doras sa phost anois ...

Linn snámha Bhaile Formaid ... seo chugat mé!

Wednesday, 26 June 2013

Bác eile


Níl an léarscáil bunoscionn, mar a mhaigh Aonghus. Fine Gall atá ann (nó Co. fhine Gall mar a chuirtí air cúpla bliain ó shin, ag cur mearbhaill ar thurasóirí). Nó ta súil agam nach bhfuil sé bunoscionn - is ó shuíomh Shábháilteacht Uiscí na hÉireann é agus níor mhaith liom a rá leo go bhfuil siad an oiread sin ar strae. Déarfaidh mé go soiléir nach bhfuil anseo ach píosa craic - d'fhéadfaí Baile na nDrugaí a bhaisteadh a leath na tíre, mo bhaile fein san áireamh! Agus níl oiread is ainm amháin naomh ann - níl Jude féin ann! Ach ina dhiaidh sin tá Taoiseachtown ann...

Tá go leor 'baile' ann mar go bhfuil go leor acu i mBaile Átha Cliath, an chuid is mó acu ag dul siar chuig aimsir na Normannach, nuair a bronnadh tailte ar na tiarna a tháinig anoir (Baile Hunt, Baile bhlainseir, Baile Hairt srl.)

Ballybuck - Baile bocht. Tá a fhios agam go bhfuil Baile Bocht eile ann sa chathair féin ach tá na créatúiríní seo fágtha ar an imeall amach ón chósta agus gan móran acmhainní acu.

Cummasachuckland - Baile Chuma sa tSioc. Ceist mhaith - sioc nó 'sheugh' Bhéarla Ibéarnach an Tuaiscirt anseo? Is ionann 'sheugh' agus díog. Is rí-chuma liom an cuiall ata leis.

Mishawlrightjack - Mise Alright Jeáic

Doonanrogee - Dún na nDrugaí

Ballypark - Baile na Páirce (ceann de na háiteacha in oirthear na tíre nach bhfuil tithe air)

Cloonamoght - Cluain na mBocht (bhuel, tá siad bocht i gcomparáid le roinnt daoine eile sa cheantar)


Ballygaliff - Baile Gailf (- galfchúrsaí.... galfchúrsaí...)


Gunny - Gunnaí (ta a fhios agam , Béarlachas den scoth ar Shord)


Baileanassy - Baile an Fhásaigh (fásach, ach gan tithe in áit bheith gan duilliúr)


Ballyglassagh - Baile na Glaise (an rud is annamh is iontach)


Ballogly - Ballóglaigh


Shleemaghville - Baile na Slíomadóirí


Ligseeragh - Lig na Saoire (tithe saoire)


Taoiseachtown ... An Boss é fein


Portbawalumvey - Port Ba Mhaith Liom Bheith (daoine atá ar thóir an chlú)


Portsavver - Port Saibhir (na daoine a bhfuil clú orthu)


Portnore (Port an Óir - Dutch Gold, chan Ór na gréine ag éirí)


Doonrelt - Dún Réalt (nó Na hArdaí RTE, mar a bheir muintir na háite air)


Tranaver - Trá na bhFear (más duine singil thú)


Inishgalf - (Inis Gailf) ar muir is ar thír...


Ballyfatty - Baile Fataí (i lár ceantar nach n-itheann éinne aon charbs ann) 


Portmween - Port Maoine (Port an IarThíogair?)


Coonjarood - Cúinne Dearúdta (súil acu go bhfuil dearmad déanta orthu agus nach dtógfar a thuilleadh teach ann)


Ballygall - Baile na nGall (agus tá trá bheag dheas ann)


Parkanny - Páirc an fhia (fadó, fadó, agus is fad a bhí...)