Showing posts with label logainm. Show all posts
Showing posts with label logainm. Show all posts

Sunday, 4 January 2015

Nuair a thiteann an log ar an lag

Cherryvalley agus an clú a bhí air

Tá logainmneacha is logainmneacha ann.

Tá ainmneacha leathGhallda againn, ar ndóigh, in eastáit nua ar fud na tíre. Leithéidí Waynesford Downs, nó Cherryvalley Garth.

http://www.logainm.ie/en/1383466


Tá na cinn stairiúla ón impire againn. Bóthar Donegall i mBéal Feirste (tiarna), Bóthar Palmerston i mBaile Átha Cliath (tiarna), Sráid Bombay i mBéal Feirste (cathair san Ind)... Tchím go bhfuil muintir Palmerston i ndiaidh vótáil ar son ainm an cheantair a athrú go 'Palmerstown' - sa  nuachtán áitiúil inar léigh mé faoi seo, luaigh triúr comhairleoir an lúcháir a bhí ar dhaoine go raibh an 'W' 'le cur ar ais ann. Níor luaíodh aon áit gur ainm duine a bhí ann ó thús seachas ainm áite.

Palmerston


Agus tá na cinn againn a chuireann ag gáire muid, mar a chonaic mé ar Twitter anocht. Cluain Buinneach, Bod an Deamhain, Magairlí Muice, Pit na nGaibhlte. Mo bhuíochas le Dennis King agus Aonghus Ó hAlmhain, Hannah Rua agus an Daily Edge. Bhain sibh gáire asam anocht - rud beag níos suimiúla ná 'Prince Harry Lawns'...

Agus ní raibh agam ach an seancheann a bhain gáire asainn ar scoil, Tóin re Gaoith. Ó, agus an t-ainm is mífhortúnaí ariamh a báisteadh ar an droichead nua sin thar an Bhóinn, Droichead na Bóinne mar a bhí, Gabhal Mháire Mhic Giolla Íosa mar atá. Nooooooooooo............



Monday, 24 June 2013

Logainm.bác



Bíonn stair agus gaois ar áit le fáil i logainmneacha na hÉireann, den chuid is mó, ó tharla iad bheith bunaithe ar ghnéithe den stair nó den dreach tíre. Bíonn cur síos ar dhéithe agus ar chathanna, ar léamh fileata ar an tír agus ar dhímheas dhaoine orthu. Tháinig an pointe seo i mo cheann agus mé ag fanacht ar mo Pad Thai ag an deireadh seachtaine. Bhí nuachtán sa bhialann nach mbíonnn sa teach agam agus bhí mé ag léamh píosaí de. Léirigh alt amháin an t-athrú a bhí tagtha ar shochaí na hÉireann le cúpla míle bliain anuas. Tá trá i dTuaisceart Chontae Átha Cliath darb ainm Domhnach Bat. Domhnach = teampall, an áit ar chónaigh an naomh (Bat). Bhuel, is cosúil nach teampall níos mó é agus go bhfuil baisteadh de shaghas eile ar siúl fán cheantar.

Bhuail an smaoineamh i mo cheann go mbeadh logainmneacha eile i réim dá mbeimis ag baisteadh ainmneacha ar an cheantar thart orainn sa lá ata inniu ann. Agus cén Béarla a bheadh curtha orthu siúd. Seo cúpla ceann. Bain triail as iad a aimsiú ó thaobh céille de. Seo iad an liosta ón léarscáil thuas:

Ballybuck
Cummasachuckland
Mishawlrightjack
Doonanrogee
Ballypark
Parkranny
Cloonamoght
Ballygaliff
Gunny
Baileanassy
Ballyglassagh
Ballogly
Shleemaghville
Ligseeragh
Taoiseachtown
Portbawalumvey
Portsavver
Portnore
Doonrelt
Tranaver
Inishgalf
Ballyfatty
Portmween
Coonjarood
Ballygall
Parkanny