Showing posts with label ginmhilleadh. Show all posts
Showing posts with label ginmhilleadh. Show all posts

Friday, 25 May 2018

Aoife



Bhí mé ag obair ar an fhoireann chéanna le hAoife ar feadh roinnt bliana. Phós sí, agus in am tráth d'éirigh sí torrach. Bhí sceitimíní uirthi mar gheall air seo, an chéad pháiste dá clann féin. Rinne gach duine ar an fhoireann comhghairdeas léi. Bhí loinnir sna súile aici, bhí gáire ina glór

Ansin tháinig sí isteach lá amháin agus ní raibh aon lúcháir uirthil. Bhí an fuinneamh imithe as a coiscéim. Chuaigh an scéal thart - ní bheadh aon leanbh ann. Bhí corp an linbh ag fás ann ach bhí rud éigin cearr leis an inchinn agus ní shaolófaí aon leanbh ina bheo. Chaithfeadh sí an leanbh marbh-ach-ag-fás a choinneáil sa bhroinn go cionn go leor míonna eile go dtí go sceithfeadh a corp é go nádúrtha. Mar ní raibh aon chead ag na dochtúirí an féatas gan dóchas a bhaint amach.

Gach lá ar feadh roinnt seachtainí tháinig sí isteach agus theagasc sí déagóirí a bhí ag iarraidh bheith deas léi, le foireann a bhí ag iarraidh labhairt ar aon ní eile faoin spéir ach toircheas agus a gcuid páistí féin. Dimigh an gáire aisti, an lúcháir, an dóchas.

Tháinig sí ar ais i ndiaidh laethe saoire na Cásca agus ní raibh sí torrach a thuilleadh. Níor chuir aon duine aon cheist os ard.

Vótálaigí #TÁ inniu. Le mbur dtoil.


Monday, 21 May 2018

An Modh Coinníollach agus Terry


Ceann de na ráitis atá ag dó na geirbe do dhaoine faoi láthair ná 'Dá mbeadh ginmhilleadh ag do mháthair in áit tú a thabhairt chun saoil ní bheifeá anseo inniu.'

An bhfuil daoine ag éisteacht leo féin agus iad ag caint nó an dtagann na focail amach as a stuaim féin gan bheith ceangailte leis an intinn?
Dá mbeadh an bhean ag iarraidh ginmhillte is ionann sin is a rá go raibh cúis mhaith aici - ní tharlaíonn aon ghinmhilleadh gan chúis. An duine a chreideann an dearcadh thuas arbh fhearr leo go mbeadh mná daortha chun fadhbanna sláinte agus fadbanna saoil an chuid eile dá solas? Nó chun báis, i roinnt cásanna.

Ach tá daoine ag cur leis an ráiteas seo ar Twitter, ar ndóigh. Agus tá neart le rá acu ...

Ní bheifeá anseo dá leagfadh an bus 39A do mháthair an lá sin a bhí sí ag teacht abhaile ó Superquinn agus bhí sí ró-ghafa ag beannú do chara léi trasna an bhóthair le suntas a chur sna soilsí tráchta.
Ní bheifeá anseo inniu ach gurb é gur thóg d'uncail do mháthair abhaile, nuair a bhí sí ag siúl amach leis-sean,  agus thit d'athair i ngrá léi agus níl an bheirt fhear ag caint le chéile ó shin, agus ní thiocfaidh d'uncail chuig do bhainis mar tá sé i ngrá le do mháthair go fóill, ina chroí.
Ní bheifeá anseo ach gur thréig d'athair an staidéar le dul sa chléir an lá a chuaigh Coláiste na Sagart chun na trá agus chonaic sé na mná óga sin ón choláiste oiliúna ina gcuid bikini.
Ní bheifeá anseo ach go ndeachaigh do mháthair chuig an choláiste samhraidh chéanna is a bhí d'athair ann, bliain.
Ní bheifeá anseo ach gurb é go raibh ginmhilleadh ag do mháthair roinnt blianta ó shin sular chas sí le d'athair, ar Caitliceach dílis é, agus níl a fhios aige go dtí an lá seo inniu go raibh an ginmhilleadh aici.
Ní bheifeá anseo munar tháinig na Lochlannaigh a dhéanamh trádail agus lonnaigh siad anseo agus rinne Lochlannach cleamhnas le hÉireannach arbh í do shinsinsinsinsin ... (srl.) seanmháthair í.
'Ah, shure, cuirfimid an milleán ar na mná. Mar is gnáth.' Basilica St. Denis, Páras
Tá Modh Coinníollach de mo chuid féin agam.
Sna nóchaidí bhí mé i mo chónaí i mBaile Bhlainséir. Bhí mo chuid páistí óg, bhí páistí óga achan áit ar an tsráid. Bhí toirchis go leor ann.
Bhí triúr cailín beag ag an bhean béal dorais agam, Terry. Bhí sí féin agus a fear céile ag dúil leis an cheathrú páiste, agus súil acu gur buachaill beag a bheadh ann.
Ní raibh an toircheas ag gabháil ró-mhaith, bhí an méid sin soiléir luath go leor. Ní raibh an téarma ar eolas againn ar an tsráid ag an am ach hyperemesis gravidarum a bhí ann. Ní raibh Terry in ann ithe, ní raibh sí in ann tae nó sú oráiste nó bainne a choinneáil ina goile. Chaith sí aníos gach uile rud seachas uisce.
Bhí sí isteach is amach as ospidéal an Chúim gach uile sheachtain. Chaith sí an méid is mó ab fhéidir léi den lá sa leaba, ach bhí triúr páiste aici agus ní raibh a muintir thart. Dá dtuigfidís cé chomh holc is a bhí sí seans go mbeadh, ach ní bhfuair sí féin aon eolas le hinse di go raibh rudaí chomh dona sin. 'Toircheas, a bhean. Ar aghaidh leat.'
Tháinig mé abhaile oíche Dhomhnaigh ar leith, i ndiaidh deireadh seachtaine a chaitheamh ó thuaidh, agus tháinig comharsa isteach chugam.
'Tá Terry marbh.'
Tháinig an t-otharcharr agus thug siad leo í, ach bhí sé rómhall. Bhí sí féin marbh agus an féatas sa bhroinn, leis.
Ní raibh an t-ospidéal sásta aon rud a dhéanamh mar ní raibh a saol i mbaol roimhe sin.
Bhí airgead sa Roinn Sláinte gann. Mar sin níor thairg siad leaba di, le diltálaire le huisce sáil agus eile. Ach i ndeireadh na dála, ní raibh ann ach toircheas eile, agus mar gheall ar an Ochtú tá cead agus lánchead déileáil le bean amhail is nach neach daonna í. Tá cultúr brocach salach dímheasúil á fhaidiú agus á fhadú ag an Alt seafóideach seo.
Agus tá Terry, agus mná eile, marbh. Níl a n-ainmneacha ar ár mbeola mar atá le Savita Halappanavar nó Michelle Harte nó Sheila Hodger, ach tá siad marbh, agus teaghlaigh fágtha ina ndiaidh.
Dá mbeadh meas againn ar mhná...

In am againn an tAlt náireach seo a aisghairm.





Tuesday, 17 April 2018

Gaeil agus Rogha

Beidh cruinniú i gClub na Múinteoirí san oíche amárach le Gaeil ar son Rogha a láinseáil. Grúpa atá ann le guth i nGaeilge a chur ar fáil sa ghluaiseacht Rogha, ag ullmhú don reifreann i Mí na Bealtaine.

Beidh cainteoirí, comhrá is craic ann ar an oíche. Bígí ann ar a 7 a' chlog.

Tá na laethe inar imigh mná as radharc go deo thart, nó ina bhfuair siad bás trí bhagairt sláinte le linn toirchis, nó inar theith siad go mná eile le bioráin is luibheanna.  Tá ár sáith againn den náire agus den smacht.

Tá ginmhilleadh againn sa tír seo anois féin, a bhuí le cártaí creidmheasa agus eitleáin. Agus an piolla ginmhillte. Ach níl gach bean in ann taisteal. Má bhíonn bean tinn, nó bocht, nó i gcaidreamh a mbíonn sé deacair di imeacht ar feadh cúpla lá thar lear, nó easpa tacaíochta aici le cúram a thabhairt do na páistí atá aici cheana, nó más teifeach í gan chearta . . .  Is iomaí bean agus is iomaí fáth nach bhfuil sárú ag mná ar an fhadhb taistil.
https://www.harpersbazaar.com/culture/politics/a19748134/what-is-abortion/
Bígí ann - agus munar féidir libh bheith ann, déanaigí cinnte go bhfuil vóta agaibh.






Tuesday, 30 January 2018

Iompar clainne, breith agus an tOchtú - sláinte

https://www.amazon.co.uk/Masterminds-Right-Emily-OReilly/dp/1855940442/ref=sr_1_1?ie=UTF8&qid=1517335088&sr=8-1&keywords=masterminds+of+the+right
Ní Leasú in Éadan Ginmhillte atá san Ochtú.Tá go leor craoltóirí agus foilseachán ag trácht ar an ochtú leasú agus an reifreann i dtéarmaí ginmhillte. Ní reifreann 'ginmhillte' é seo. Seo reifreann chun drochreachtaíocht a bhaint amach as an bhunreacht, cuma an dtacaíonn tú le ginmhilleadh a bheith ar fáil nó nach dtacaíonn.

Sampla:
Tá cuid mhaith ban as Éirinn a théann anonn go Sasana chun ginmhilleadh a fháil a eagraíonn cúrsaí le cuidiú BPAS. I gcaint phoiblí ar na mallaibh, labhair ionadaí BPAS agus luaigh sí go raibh dhá mhórchúis ginmhillte ag mná as Éirinn a landáil ar an tairseach acu, a bhain le sláinte agus le sláinte amháin, agus ní raibh aon dul as ag na mná seo ach taisteal chun ginmhilleadh a fháil. Sna cásanna thíos ní cheadaítear ginmhilleadh faoin Ochtú sa tír seo.
Ní hiad seo an t-aon dá chás sláinte a ndéanann mná taisteal go Sasana, go dtí an Ísiltír, go dtí an Spáinn agus go hOirthear na hÉorpa, ar ndóigh, ach is dhá chúis iad a bhfuil doiciméadú agus taifead á dhéanamh ag BPAS orthu.

Mórchúis 1: Fadhbanna cairdeacha
Má tá fadhbanna cairdeacha agat, agus tarlaíonn sé go bhfuil tú torrach, coscfar go leor leighis ort mar gheall ar shláinte an linbh agus/nó beidh an t-iompar le haimhleas do shláinte féin go mór. Bíódh baol agus priacal báis ann ...  is cuma. Beidh cosc ar ghinmhilleadh mar gheall ar an Ochtú.
Masterminds of the Right
Mórchúis 2: Ailse
Níl cead cóir leighis chóir a fháil má fhaigheann tú diagnóis ailse. Cuirfidh an chóir leighis isteach ar fhorbairt an linbh. Sa tír seo, agus faoin Ochtú, beidh ar bhean fanacht go dtagann an leanbh ar an tsaol chun cúram ceart di féin a fháil. Mar a chonaic muid le Michelle Harte agus Sheila Hodgers, seo cuireadh chun báis. Sa tír seo, bíonn ar mhná eitilt amach as an tír chun cúram ceart sláinte a fháil.

le Emily O'Reilly
Cén fáth nár chleacht 'sí' (sic - bíonn beirt i gceist) frithghiniúint, an cheist a chuirtear ag daoine aineolacha? Is iomaí cor sa fhrithghiniúint, mar a bhfuil a fhios ag go leor againn. Is iomaí fáth a theipeann ar an phiolla, nó ar an choirnín frithghiúna, nó ar an choiscín, nó ar an chaipín/phaiste/fháinne/spúinse ...
In amannaí, baineann lanúin úsáid as dhá mhodh frithghiniúna i dtoll a chéile agus teipeann air, In amannaí, baineann siad úsáid as dhá mhodh frithghiniúna agus piolla iarchollaí (an mhaidin dar gcionn) agus fiú ansin fágtar an bhean torrach. Ní de bharr spórt agus spraoi agus easpa smaointe a dtarlaíonn toircheas éigeandála, ach mar a léirítear thuas, bíonn cúiseanna nár cheart saol na mná lánfhásta a chur i bpriacal ar mhaithe le toircheas a thabhairt chun críche.
Déanaimis an tOchtú Leasú a aisghairm ón bhunreacht. Is cuma cén seasamh atá againn atá ar ghinmhilleadh. Is drochreachtaíocht é.

Mo bhuíochas le Lucy Keaveney a chuir an meid seo fá Sheila Hodgers romham go soiléir, beacht. Mo bhuíochas le ARC a chuir an seisiún eolais ar fáil le duine ó BPAS a roinn an t-eolas mar gheall ar na mná Éireannach a thagann isteach acu gach uile lá ó Éirinn, ar Ryanair agus Aer Lingus agus EasyJet agus na báid fharantóireachta. 

Saturday, 3 June 2017

Torrach in Éirinn



Leagan Gaeilge de litir  a d'ullmhaigh ARC chuig Leo Varadkar, Ceannaire  nua Fhine Gaeil agus Taoiseach-le-bheith. Éirigh go luath agus cuir í. 
Tá neart Gaeilge aige. 

Seoladh: Leo Varadkar, T.D. 7A An Phríomhshráid, Ongar, BÁC 15.
nó ríomhphost: leo.varadkar@oir.ie


A Leo Varadkar, a Theachta,

Comhghairdeachas as an toghchán a bhaint, a Cheannaire nua Fhine Gael.

Ar ndóigh, beidh a fhios agat go maith go bhfuil dualgas ort gníomhú láithreach, mar cheannaire, chun moltaí Thionól na Saoránach ar reachtaíocht ginmhillte a chur i bhfeidhm.

Tacaím féin go hiomlán leis na moltaí a rinne an Tionól, agus seo chugat na fáthanna:

Mar is eol duit ó do staidéar ar an leigheas, cuireann an tOchtú Leasú isteach ar gach gné de chúram cnáimhseach sa stát seo. Is síorbhac é ar chearta ban, mar sin is dul chun cinn ollmhór a bheas ann nuair a bhainfear den bhunreacht é, cearta cailíní óga, cearta ban agus daoine atá ag iompar clainne. 

Ar Aibreán 23 2017, i ndiaidh roinnt míonna comhairle ó shaineolaithe, soláthróirí seirbhísí, úsáideoirí seirbhísí agus na daoine gur leo na cearta cuí, vótáil an Tionól go tréan ar son rogha agus ar son athraithe. Chinn siad nár cheart cúiseanna ceadaithe gunmhillte a chur sa bhunreacht.Tá sé ríshoiléir cén saghas teacht ar sheirbhísí ar mhaith leo a bheith curtha i bhfeidhm ó na moltaí a rinne siad.

Má éiríonn leis an vóta le do hinshealbhú mar Thaoiseach, iarraim ort a chinnntiú go n-aithneoidh an coiste Oireachtais nua toil an Tionóil. Le gach dea-mhéin, vótáil an Tionól fá choinne teacht ar ghinmhilleadh gan srian, gan fáth (an vóta deighilte idir 12 agus 22 sheachtain toirchis). 
Chomh maith leis seo, vótáil siad fá choinne teacht ar ghinmhilleadh dá mbeadh sláinte an duine torrach i mbaol (sláinte fhisiciúil nó meabharshláinte), dá mbeadh fáthmheas ann ar mhilleadh féatais mharfach, agus ar chúiseanna socheacnamaíocha.

Ní cheadaítear ginmhilleadh  i láthair na huaire ach ar fhíorbheagán chúiseanna faoin Acht um Chosaint na Beatha le linn Toirchis (PLDPA). Ní reachtaíocht í a fhreagraíonn  don riachtanas, agus ní fhuasclófar an fhadhb le reachtaíocht bunreachta a leanas an múnla céanna. Séard é an bealach is fearr chun freastal ar riachtanaisí na ndaoine sin atá ag cuartú ginmhillte in Éirinn agus lena chinntiú go mbeidh teacht ar a leithéid ná é a chur ar fáil go dleathach, go sábháilte agus in aisce.

Shiúil na mílte saoránach ar na sráideanna chun go ndéanfaí reifreann nua a ghairm, le blianta anois. Creideann 87% den Tionól nach féidir leis an 8ú Leasú fanacht sa bhunreacht. Creidim gur léiriú é seo ar thuairim fhormhór na ndaoine sa stát seo i gcoitinne. 

A dhuine uasail, tugaim faoi deara gur léirigh tú féin do thuairim féin nach cur amú ama a bhí sa Tionól le linn d'fheachtas toghchánaíochta don cheannaireacht. Iarraim ort beart a dhéanamh de réir briathair. Ná cuirtear tuilleadh ama amú agus cuirtear reifreann roimh na daoine. Táimidinne, pobal na hÉireann, táimid ag fanacht fada go leor ar na cearta daonna bunúsacha seo. 

Tá údarás faighte ag an Rialtas reifreann a ghairm, tríd an Tionól. Tá údarás faighte acu ón Tionól reachtaíocht a rith ar an ábhar seo. Mar Thaoiseach, is ortsa a thiteann an dualgas an reifreann a éascú. Leanadh an Rialtas leis an phróiséas a bhunaigh sé. Má dhéantar moill beidh sé le maíomh gur cur i gcéill a bhí sa Tionól agus nach bhfuil an stát chun toiliú do chearta cailíní, do chearta ban ná do dhaoine atá torrach in Éirinn. 

Ag súil le freagra luath agus gníomhú tráthúil uait ar an ábhar seo,
Is mé, le meas

Monday, 24 October 2016

Turas agus turas eile

https://www.womenonweb.org/en/page/521/about-women-on-web

Bhí mé ag caint ar Cormac@5 ar na mallaibh, mar fhreagra ar bhean a labhair cúpla lá roimhe sin. D'iarr an bhean sin cead cainte ar an chlár. Ag caint go laidir agus go macanta faoina creideamh féin i leith ginmhillte. Níor aontaigh mé leis an chreideamh sin ach tháinig an fhoireann chugam tamall níos moille an tseachtain chéanna. 

Le linn an agallaimh a chuir Tristan Rosenstock orm, thuig mé go raibh mana ar leith ag teacht chun tosaigh i mo chuid cainte: bíonn a turas féin le siúl ag achan bhean.

Thíos tá roinnt fíricí a thóg mé ó shuíomh ARC. Má tá aon mhíchruinneas ann, seans gur aistrigh mé go mícheart iad agus bheinn buíoch as daoine mé a chuir ar an eolas faoi.


Cén teorainn ama ar cheart a chur ar chóir ginmhillte?
Cothaíonn ginmhilleadh dleathach ginmhilleadh luath, sábháilte. I suirbhéannna, deir mná gur bhreá leo an ginmhilleadh bheith acu níba luaithe, ach gur mhoilligh easpa airgid, easpa eolais nó deacrachtaí teacht ar sheirbhísí iad.

Ar an mheán, bíonn ginmhilleadh ag bean a chónaíonn in Éirinn níos moille ná bean a chónaíonn sa Bhreatain, mar gheall ar an mhídhleathacht seo agus an costas breise a chuirtear orthu. Déantar ginmhilleadh as gach 3 cheann do mhná a thaistealaíonn ó Éirinn ag 10 seachtainí, curtha i gcomparáid le ceann as gach 5 cheann do mhná atá sa lonnaithe Bhreatain cheana.

 I dtíortha ina bhfuil ginmhilleadh dleathach agus ar fáil, ní bhíonn ginmhilleadh mall – i ndiaidh 23/24 seachtainí - ar fáil ach go hannamh, i gcás FFA, mar shampla. 
Cén fáth ar cheart don chóir ginmhillte bheith saor?
Is cóir leighis i gcóir slánte na mná é, ar nós gach cóir leighis eile, seirbhísí mháithreachais san áireamh.

Ar cheart ginmhilleadh bheith ar fáil on demand?
Ba cheart ginmhilleadh bheith ar fáil do gach bean a iarrann ceann. Fágtar na fáthanna a bhfuil a ginmhilleadh ón bhean - cúrsaí sláinte, éigniú, FFA, nó díreach nach bhfuil sí ag iarraidh bheith torrach - idir í féin agus a dochtúir.
Tá an téarma On Demand corraitheach agus tugann sé breithiúnas ar mhná a dtugann faoin ghinmhilleadh, ag cur in iúl go bhfuil siad clamhsánach, casaoideach. Tuigeann gach bean fáth an ghinmhillte, agus an bhean í féin amhain.
Ar cheart ginmhilleadh a cheadú do bhean a fhaigheann amach go bhfuil drochbhail ar an fhéatas sin?
Ba cheart ginmhilleadh bheith ar fáil don bhean a iarrann ceann. Tá an cinneadh idir í féin agus a dochtúir.
Ní féidir agus ní ceart breithiúnas a thabhairt ar an chinneadh a dhéanann gach bean di féin. Is cóir dúinn tacú léi trí reachtaíocht a chur ar fáil agus trí chumas a chothú.
Sa Bhreatain, déantar ginmhilleadh de dheasca drochbhail féatais in 1% den líon iomlán de ghinmhilltí.
An mbíonn aiféala ar mhná a mbíonn ginmhilleadh acu?
Is beag fianaise atá ann chuige seo, ón taighde atá déanta ag an American Psychological Association (APA agus Ollscoil Johns Hopkins University. De réir taighde ag an HSE’s Crisis Pregnancy Programme de chuid an HSE sa bhliain 2010,dúirt 87% de mhná in Éirinn a raibh ginmhilleadh acu gurbh é an ‘the right outcome’ daofa.
Cinnte, is féidir aiféala bheith ann, nó cumha. Ach mar an gcéanna, is féidir faoiseamh nó fuascailt bheith ann chomh maith.
Is suntasach an mhaise é go méadaíonn easpa chóir ginmhillte imní nó galar dubhach i mná, agus go méadaíonn an easpa chéanna baol féinmharaithe le linn toirchis.
Ar ndóigh, méadaítear an stoiteachas agus an mháchail a mhothaíonn mná a bhfuil ualach breise orthu ag tabhairt faoin chinneadh ginmhilleadh bheith acu go sábháilte thar lear, mar go bhfuil sé mídhleathach ina gceantar féin.

Cé ar cheart a chur san áireamh le ginmhilleadh a cheadú? Ar cheart don athair bheith páirteach sa chinneadh?
Is corp ban é, is rogha ban é. Beidh ionchur ann óna dochtúir, óna páirtnéir más ann dó, ó cibé duine eile a roghnaíonn an bhean an cinneadh a phlé leo. Ach fágtar an rogha ag an bhean í féin. Is a corpsa é, bíodh toircheas nó ginmhilleadh a rogha.
An gcothaíonn ginmhilleadh ailse?
Níl aon fhianaise ann go gcothaíonn ginmhilleadh ailse. Mar dhuine mé féin a raibh ailse orm, an fhianaise is láidre is atá ann chun ailse a chosaint ná gurbh fhearr duit aclaíocht rialta a dhéanamh, machnamacht nó modh éigin eile a chleachtadh le strus a laghdú, agus meáchan a choinneáil síos. http://www.cancer.org/cancer/breastcancer/moreinformation/is-abortion-linked-to-breast-cancer
Cé chomh sean ar cheart do chailín bheith chun ginmhilleadh a fháil gan cead tuismitheora?
Is fearr cloí le treoirlínte leighis in aon chóir leighis. De ghnáth, bíonn duine os cionn 16 in ann toiliú do chóir leighis. É sin ráite, is fiú machnamh a dhéanamh ar thoircheas a bhrú ar chailín faoi 16 mar gheall ar thuairimí a tuismitheoirí. Beidh plé le déanamh sa chás sin ag tabhairt mianta an chailín san áireamh,.
 
https://www.artistsrepealthe8th.com/
Ar cheart ginmhilleadh a dhéanamh mar gheall ar chúrsaí (easpa) airgid?
Ní ceart go gcoinneodh easpa airgid bean ó pháiste a thabhairt ar an tsaol. Ach is mar sin atá ag go leor ban. Níl an t-airgead acu. Roinnt acu, tá siad ar choláiste, nó ar scoil, nó níl post seasta acu. In amanna, tá clann orthu cheana agus tá airgead gann, mar atá.
Cinneann roinnt de na mná seo ginmhilleadh. Faoi láthair, cosnaíonn ginmhilleadh sa Bhreatain €1000, idir taisteal agus an chóir leighis féin. Tá piollaí ginmhillte níos saoire, ach téann na mná a thógann iad i bpriacal 14 bliana sa phríosún.
Ní leor na roghanna atá ann i láthair na huaire, go háirithe ag mná a bhfuil deacrachtaí airgid acu cheana. Tá gá le teacht ar ghinmhilleadh nach gá eiltilt Ryanair nó Aer Lingus a chur in áirithe lena fháil.


Cad a tharlaíonn i rith cóir ginmhillte?
Tá piollaí ann agus tá gnáthaimh mháinliachta ann, ach cuireann dlíthe na hÉireann bac le heolas cruinn a chur ar fáil faoi ghinmhilleadh. Is fearr teagmháil a dhéanamh le leithéid an British Pregnancy Advice Service nó an Abortion Support Network thar lear.
Is fadhb í an chinsireacht agus is sárú é ar chearta daonna. Cuireann sé mná i mbaol. Anuraidh, ghabh lucht custaim seilbh ar 1,000 piolla ginmhillte. Sin míle bean a bhí san fhaopach nach bhfuair fuascailt.
Seachain clinicí a deir go dtaispeánfaidh siad duit go beacht agus go cruinn cad a tharlaíonn. Níl cead acu, agus ós rud é go bhfuil siad ag sárú an dlí ní ceart do mhuinín a chur iontu.

 Nach dtig le mná atá ag iarraidh ginmhillte dul thar lear lena fháil, cad chuige an gá dúinn é a reachtú go dleathach anseo?
Níl sé chomh simplí sin. 4 chúis nach bhfuil...
  1. Cúis airgid – cosnaíonn turas go dtí an Bhreatain suas le €1000. Suim mhór airgid ata ann le cruinniú le chúile ag go leor ban. Tá siad san fhaopach.
  2. Cúis dlí – Ní bhíonn teifigh ná mná ón choigrích atá lonnaithe anseo le srian víosa in ann taisteal amach as an stát, mar gheall ar shriantas dleathacha ina stádás. Bíonn deacrachtaí fosta ag fir trans mar gheall ar a n-insce ar a bpasanna. Cuimhnímis ar Chás Ms Y sa bhliain 2014, a léiríonn cad a tharlaíonn do mhná nach bhfuil in ann taisteal agus nach bhfuil ag iarraidh leanstan leis an toircheas. Tá siad san fhaopach.
  3. Cúram páistí – Tá ar a laghad páiste amháin agus in amanna níos mó ná páiste amhain ag 60% de mhná sna Stáit Aontaithe a mbíonn ginmhilleadh acu. Bíonn cúram páistí le socrú ag mná in Éirinn chomh maith. Munar féidir le bean a rá os ard le daoine go bhfuil sí ag taisteal thar lear le haghaidh ginmhillte, agus muna bhfuil airgead aici le cúram a shocrú nó tacaíocht de shaghas eile ar fáil aici, beidh sí san fhaopach.
  4. Cúrsaí sláinte – Tá ginmhilleadh dleathach sa chás go bhfuil baol díreach, láithreach don bhean atá ag iompar. Tá an focal sin 'láithreach' tábhachtach. Cuimhnigh ar #Savita. Ciallaíonn sé seo go mbíonn mná ag taisteal atá ag iarraidh ginmhillte ar chúiseanna sláinte ach nach bhfuil in ann ginmhilleadh a fháil sa bhaile. Ailse, mar shampla. Má tá deacrachtaí taistil ag an bhean agus níl sí in ann fáil amach as an tír, beidh sí san fhaopach.
Cá huair a thosaíonn an saol?/an dúnmharú é ginmhilleadh?
Ag go leor daoine a shéanann rogha, tosaíonn an saol (agus an 't-anam') leis an ghin. Sin dearcadh reiligiúnda, de ghnáth, atá bainteach le creideamh agus dia de shaghas amháin nó de shaghas eile. Agus le rialacha moráltachta a théann leis na creidimh sin.
Níl a fhios againn. Sin tús agus deireadh an scéil. In Éirinn, tá an creideamh reiligiúnda sin ag diúltú cearta daonna do gach bean, bíodh sí ag iarraidh ginmhillte nó nach mbíodh. Baintear féiniúlacht agus údarás thar a corp féin ó gach bean in Éirinn ag an nóiméad go mbrúnn an speirm a bhealach tríd bhalla an ubháin. Fiú má leanann sí leis an toircheas agus í sásta leis an chinneadh sin.

Ciallaíonn rogha rogha. Ní chiallaíonn sé brú chun ginmhillte ach go mbeidh sé mar rogha insroichte ag an bhean sin a éilíonn é. Ní dheánann an tOchtú ginmhilleadh a choinneáil amach as an tír – ach cuireann sé le roghanna nach bhfuil sábháilte, ginmhillte malla agus le brábús na gcomhlachtaí eitleán.

An bhfuil tú i bhfách le ginmhilleadh?
Tá mé i bhfách le rogha. Rogha ginmhilleadh sábháilte, dleathach bheith ag bean ina tír féin sa chás go roghnaíonn an bhean é sin trí chúrsaí pearsanta nó ar chomhairle dochtúra. Rogha leanstan leis an toircheas más mian leis an bhean é sin a dhéanamh.

An bhfuil contúirt ag baint le ginmhilleadh?
Is cóir leighis sábháilte é má dhéantar é i gcomhthéacs dleathach, faoi stiúr lucht leighis.
Mar gheall ar an 8ú, áfach, tá baol do mhná mar gheall ar na cúiseanna a leanas:
  1. Ní fios cén caighdeán atá i ngach piolla ar líne: Tá eagraíochtaí ar nós Women On Web and Women Help Women ann, a sholáthraíonn piollaí sábháilte um ginmhilleadh do na tíortha sin nach bhfuil siad ar fáil. Ach tá suíomhanna eile a sholáthraíonn piollaí agus ní fios cén caighdeán atá iontu. Ná lorgaítear iad ach ó fhoinse inmhuiníne.
  2. Ní bheidh teacht ag dochtúir sa Bhreatain ar do stair leighis – Faoi mar a a sheasann cúrsaí faisnéise sláinte faoi láthair, ní thig le dochtúirí thar lear do chomhad leighis a iarraidh ó do dhochtúir anseo. Tá dochtúirí thar lear ag brath ar eolas a fhaigheann siad ó na mná iad féin, agus in amanna ní bhíonn gach eolas acu seo, nó ní bhíonn an t-eolas cuí leo. Cuimhnigh go gcaithfear gach eolas cuí a bheith ag an chlinic. B'fhearr an chóir leighis bheith ar fáil taobh istigh de chríocha an stáit, áit a bhféadfaí stair leighis a iarraidh go saorga.
  3. Tréimhse gearr ama – Déanann go leor ban ó Éirinn a dturas féin gan a inse do dhuine ar bth. Eitlíonn siad trasna na dtonnta ar maidin agus pilleann siad an lá céanna nó go luath an lá dar gcionn. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil siad ag ligean an scíth inmholta. Is féidir le cúrsaí sláinte gabháil in aimhréidh dá dheasca seo.
  4. Modhanna baile contúirteacha – Cuireann mná nach bhfuil in ann taisteal de dheasca airgid nó cúrsaí eile agus nach bhfuil in ann teacht ar phiollaí, cuireann siad a saol féin i mbaol trí mhodhanna contúirteacha a thástáil sa bhaile leis an toircheas a chríochnú.
Bíonn coinníollacha níos fearr ar fáil má dhéantar an ginmhilleadh i gclinic nó faoi stiúr dleathach dochtúra.
Má bhíonn ginmhilleadh dleathach, nach n-úsáidfidh roinnt daoine ginmhilleadh in áit mhodhanna frithghiniúna?
Léiríonn staitisticí ó thíortha ina bhfuil ginmhilleadh dleathach go raibh mná ag úsáid modhanna frithghiniúna ag an am gur éirigh siad torrach. Níl aon mhodh frithghiniúna 100% cinnte, agus tá roinnt de na modhanna nach bhfuil oiriúnach ag mná áirithe.
Tá go leor fáthanna a mbeidh bean nó lánúin ag iarraidh dereadh a chur le toircheas. Ná déanaimis breithiúnas.



Tuilleadh eolais ANSEO


Tuesday, 27 September 2016

Siúil, siúil, a rún


Satharn, 24ú Meán Fómhair 2016. Bliain eile, siúlóid eile, scaifte níos mó ná riamh.

Thosaigh an lá go luath, ag cleachtadh amhráin (thíos) don tsiúlóid. Agus ag pleidhcíocht...

Nuair atá tú beag bídeach bíonn sé deacair mórán a fheiceáil....

Go leor fear ann, ag tacú lena máithreacha, a ndeirfiúracha, a n-inínocha, a n-aintíní, a neachtanna, a bpairtnéirí.

Go leor madadh-ar-son-rogha ann fosta. An boc seo breá tirim ina mhála droma. Chan ionann agus an chuid eile againn, báite ach diongbhálta, deimhin nach gcoinneodh báisteach ná bus-stailc ón siúlóid muid.

Chaill mé lucht an cheoil le linn na siúlóide, idir na scaiftí agus an craic. Ach tháinig mé ar chara a thóg mo shuaitheantas deireanach. 'Cuirigí cuma chantalach oraibh féin,', arsa a hiníon, ag glacadh grianghraf den bheirt againn. Ach i ndáiríre, ní lá cantalach a bhí ann ach lá glórmhar, lán dea-ghiúmair. Bíonn cailleacha callánach ach bíonn siad croíúil, leis.



A bhuíochas le Caoimhín Mac Giolla Léith. 

Sunday, 25 October 2015

Turas aislingeach



http://www.coislife.ie/leabhar/159/aisling

Fadó, fadó, is fadó a bhí, sna nóchaidí, bhí mé ag teagasc i scoil táillí. Bhí mná rialta i mbun na scoile, is bhí cailíní ó cheantair rachmasacha ag freastal ar an scoil. Bhí clú ar an scoil as a dtorthaí scrúdaithe agus as a gcuid daltaí a threorú chuig coláistí tríú leibhéil.
Bhí mé díreach i ndiaidh cúpla bliain a chur isteach le scoil cailíní neamhtháillí i gceantar gan mórán airgid acu - an scoil ná na cailíní. Ba mhór an t-athrú é. 
Is cuimhin liom lá amháin i mo shuí sa seomra foirne ag ithe mo cheapairí in éineacht le cúpla múinteoir eile. Bhí muid ag plé difríochtaí suntasacha a thug mé faoi deara idir an scoil 'roimhe' agus an scoil 'nua.' Bhí carranna ag na cailíní 'nua', mar shampla, bhí caighdeán na Gaeilge i bhfad Éireann níos fearr, bhí féidireachta ag na cailíní 'nua' ina dtodhchaí féin nach raibh ach mar aislingí doshroichte ag na cailíní sa seanscoil. Bhí siad spreagtha chun oibre acadúla. Bhí siad in ann íoc as ranganna Dé Sathairn san Institiúid le dul ar choláiste.

'Cuireann rud amháin iontas orm, nach raibh súil agam leis.' a deirim.
'Ó?' a deir múinteoir eile.
'Sea. Níl aon toircheas gan choinne ag aon chailín sa scoil seo, go dtí seo, cibé ar bith. Sa scoil eile, bhí-'
'Ó, a chroí, an dóigh leat gur ag siopadóireacht le Mamaí i Londain a bhí siad nuair a thagann siad isteach i ndiaidh lá scoile as láthair agus a málaí Harrod's ina nglac acu?'
Suíonn tú ansin, ag cur dó agus dó le chéile. Corrchailín ag glacadh lá scoile saor, i scoil a chuireann an-bhéim ar acadúlacht. Tuismitheoirí meánaicmeacha le hacmhainní airgid. Tonn rúnda easpórtála atá ar siúl go fóill, níos mó ná fiche bliain ina dhiaidh sin.

Nuair a léigh mé an chéad chaibidil - íomhánna ann a chuir macallaí láidre den dán le Cathal Ó Searcaigh,  'Maigdiléana',  ag rith thart i mo cheann - bhí mé ar ais sa seomra foirne sin. Bhí aithne agam ar na carachtair seo. Thuig mé a gcás is a náire.

Deir an blurba don leabhar seo go bhfuil ginmhilleadh i measc na mórcheisteanna conspóideacha a phléitear sa scéal seo, ach i ndáiríre, tá ginmhilleadh ag tús, deireadh agus croílár an scéil seo.
É sin ráite, áfach, ní shlogtar an scéal beag ná mór ag ginmhilleadh. Tá go leor eile idir lámha ag Aisling, an cailín óg ar príomhcharachtar í san úrscéal seo. 

Is cuntas é go príomha ar theacht in aois chailín óig. Tá an caidreamh agus an teannas idir an déagóir is an mháthair ina phríomhthéama a ritheann síos tríd an scéal iomlán. Caitheann Aisling go leor dá cuid fuinnimh ag iarraidh neamhspleáchas a bhaint amach óna máthair, Eibhlín, agus tarlaíonn go leor síos tríd an bhliain scoile a ndeachaigh go leor tuismitheoirí agus daoine óga tríd. Tá páirt an chailín deartha go cruinn ag an údar. Tá an mháthair rud beag dubh-agus-bán agus simplithe, agus b'fhearr liom dá mbeadh paistí liatha le feiceáil inti.

Meán Fómhair 2015

 Tá an cló mór agus ní scéal fada é, bíodh is go bhfuil go leor cor agus casadh ann. Níl mórán carachtar ann i ndeireadh na dála ach oiread - mar gheall ar a Deaid bheith ag obair thar lear agus as láthair don chuid is mó den scéal fágtar an pháirc achrainn ar fad ar fad idir iníon agus máthair, agus gan ach cúpla carachtar taca againn leis an scéal a fhorbairt.Níl a fhios agam an fearr úrscéal ná novella a chur air. 
Rud amháin a chuir isteach orm - níl cead ag duine faoi 16 taisteal ina (h)aonair le Ryanair. Agus bíonn pas de dhíth, le dáta breithe air. Léigh an leabhar go bhfaighidh tú amach cen fáth a chuireann sé isteach orm...

Bheadh sé deacair ag aon duine a rá cá seasann an t-údar,  Eilís Ní Dhuibhne ar cheist an ghinmhillte. Cuireann sí an mana 'Taispeáin, ná hinis' i gcrích síos tríd an leabhar. Níl aon bhreithiúnas ná seanmóireacht ar siúl, agus fágtar ag an léitheoir teacht chuig an scéal agus an scéal a chríochnú le cibé luachanna ata acu féin. Ní dóigh liom go ndéanfar aon athrú dearcaidh ar ghinmhilleadh mar gheall ar an leabhar áirithe seo, ach is léargas atá ann ar an turas a dhéanann mná - dosaen acu - gach lá sa seachtain. Go fóill. Cailíní óga ina measc.

Ní fios an mbeidh an leabhar seo ceadaithe isteach sa chlochar a raibh mé ag obair ann, a raibh turas mar seo á dhéanamh ag cailíní scoile ó mo chuid ranganna. Cailíní a shuigh romham agus a luigh isteach ar an tuiseal ginideach ar an Aoine i ndiaidh bheith as láthair ar an Déardaoin. An scoil nár lig 'Dialann Chaoimhe' isteach sa Roinn Gaeilge in ainneoin bheith dea-scríofa agus suimiúil do chailíní. Mar go raibh leid ann go raibh ginmhilleadh ar an tsaol (sic). Ait an mac. Agus níl aon dabht ach go bhfuil an craic ceannann céanna ar siúl sa scoil chéanna inniu, fiche bliain níos moille.

Beidh 'Aisling nó Iníon A' á láinseáil ag ArdMhéara Átha Cliath, Críona Ní Dhálaigh:

 Déardaoin,  29 Deireadh Fómhair 2015
Foras na Gaeilge
7 Cearnóg Mhuirfean
7p.m.


Iarmhír:
14/11/2015
Léirmheas níos iomláine ar fáil ar phodchraoladh Raidio na Life:
 Aon Scéal (9/11/15)

Souncloud > Aon Scéal > (9/11/15)





Saturday, 26 September 2015

Rogha


Muna roghnaíonn tú rogha ná bí buartha, ní éileofar rogha duit nach rogha é. Sin  rogha. Bhí muid ag siúl inniu arís. 

Bhailigh daoine ag an ghnátháit - Cearnóg Pharnell

Bean atá ag agóidíocht ar son cearta ban le fada - Ailbhe Smyth







Bhí málaí le go leor daoine chun aird a tharraingt ar an dosaen ban a théann anonn go Sasana gach uile lá den bhliain.

Chuir an bhean óg ón Danmhairg suntas sa dealbh seo

Fuair muid bualadh bos ó na turasóirí ar an bhus


Grúpa ó Asturias a tháinig anall le tacaíocht a thabhairt

Asturianas ag ceol agus ag damhsa

Madaidh na sráide ag teacht amach...




Deireadh déanta. Lá peata. Scaifte bocht. Spíonta.

Wednesday, 16 September 2015

Turas fada



Tá níos mó ná turas amháin sa saol seo ag daoine, agus níl a fhios ag duine ar bith againn caidé an t-ualach atá daoine eile ag iompar ina dturas féin. Tá an rí-ra agus an rúaille búaille ag tosú arís faoin ochtú leasú agus beidh rudaí ráite agus pléite go Lá Eoin Dic.

Tá an stair a bhaineann leis ANSEO

Tá cúpla píosa curtha agam leis ANSEO

An t-am deireanach gur scríobh mé faoin ábhar seo ná 29 Meitheamh 2015

Sin 79 lá ó shin. Tá 948 bean le seoladh baile in Éirinn i ndiaidh gabháil chuig dochtúirí agus comhairleoirí sa tír seo agus ansin chuig comhairleoirí agus clinicí i Sasana ó scríobh mé faoi seo go deireanach. 12 sa lá. 12 ban atá ag ceannach ticéidí le Ryanair agus Aer Lingus agus Flybe  agus ag fanacht ar thacsaithe agus busanna agus metroanna ar an dá thaobh. Nach maith muid?


Iarmhír.... Windows feckin' 10 - níl aireamhán agam a thuilleadh - imithe, ar lár, ar iarraidh, marbh. Bhí na méara (agus na ladhra) amuigh agam dó seo).


Monday, 29 June 2015

Dubh, bán agus liath

http://www.globalpost.com/photo/6591829/2015/06/23/women-waves-abortion-drone-2014-6-23

Ní minic a aontaím leis an eaglais Chaitliceach. Nuair a chonaic mé an t-alt seo agus an  t-alt seo, áfach, shíl mé gur léirigh siad aibíocht agus cur chuige nach bhfuil le feiceáil in institiúidí an taobh seo den Aigéan Atlantach. Deir siad sna hailt seo na rudaí ceannann céanna atá go leor daoine ag rá le blianta anseo - ní laghdaítear líon na nginmhillte sa tír seo trí chosc a chur orthu, ach leis na fáthanna a bhfuil mná ag iarraidh iad a fháil a laghdú.

Na bíodh dallamullóg orainn, tá ginmhilleadh ar fáil sa tír seo. Ar phraghas eiltilte go Sasana - seo na staitisticí ón tír sin ar líon na nÉireannach a chuaigh tríd an chóras acu siúd:

BliainIomlánFaoi1616-1718-1920-2425-2930-3435-3940+
20143,7352184168918865799586294
20133,6792190213911884746558256
20123,98232922231,082964777549263
20114,149371112951,1091,051755534257
20104,402411153031,1811,137789565271
20094,422381552911,2341,164759523258
20084,600271403441,2961,232841499221
20074,686471473501,3871,282790474209
20065,0423919441915051370824491200
20055,5853917348217591451860541280
20046,2174920954019631663951607235
20036,3204224255220901597954579264
20026,5225424561522581604928552263






















Is léir ó na figiúirí go raibh laghdú ann, ó 5k+ go 4k-. Ach tá an líon sin ag méadú arís i mbliana, agus beidh sé spéisiúil a fheiceáil an mbeidh méadú arís ar na mná a íocann airgead le Ryanair nó Aer Lingus agus a théann anonn ag easpórtáil ár gcuid fadhbanna sóisialta agus eacnamaíocha go tír eile. Iad siúd a bhfuil an t-airgead cuí acu. Agus cead taistil.



Níl sé chomh fada sin ó bhí clú is cail ar mhná airithe in áiteacha áirithe a bhí in ann 'fadhb a reiteach' go ciúin, discréideach. Ach bhí contúirtí ag baint leis na modhanna cúlsráide seo, ar ndóigh. Agus tá rudaí eile ag tarlú inniu féin chomh maith a chuireann saol na mná i mbaol, fosta.

Is comhartha dóchais do mhná go bhfuil daoine 'mór le rá' ag tosú a labhairt amach ar an ábhar seo, ach is léir go bhfuil imeagla ar go leor polaiteoirí theacht anuas den díog

Ní feidir titim idir an dá stól leis an cheist seo, beidh gá le suí ar an cheann amháin nó ar an cheann eile - beidh mná i gcónaí ag iarraidh smacht a bheith acu thar a gcorp féin, agus gheobhaidh siad bealach amháinbealach eile lena dhéanamh.



Ní ar chúiseanna náire atá go leor de na mná seo ag gabháil trasna go Sasana ach an oiread. A bhuí mhór le Mor, tá an náire sin nach beag imithe, tá súil is agam. Má dhearcaimid ar na staitisticí, is beag seans gur 'Ó, a Dhia na Glóire, cad a déarfas na comharsan' atá i gceist thuas, ach cúrsaí airgid, easpa tacaíochta, cúrsaí sláinte/leighis.

Agus sula mbíonn na polaiteoirí ag maíomh nach dtig réiteach sásúil dlí a chur i bhfeidhm ó thaobh Leasú 8 de, seo cúpla ceann...

http://www.womenonwaves.org/