In ómós d'Áine Durkin a chum a leithéid d'fhocal chomh maith agus a chuir i m'intinn é, seo scéal beag faoi bhlagadóir sheacht mbliana déag.
Chonaic mé píosa in Broadsheet inniu faoi airgead a chruinniú le haghaidh cúrsa leigheas ailse do chailín óg. Bhí an leigheas le fáil in Institúid Burzynski sna Stáit Aontaithe. Agus ag Dia atá a fhios, má tá sé san 'Irish Times', caithfidh go bhfuil sé fíor.
Bhí an Instiúid, nó daoine ag gníomhú ar a son, ag bagairt dlí ar an bhuachaill scoile mar gur tharraing sé droch-chlú orthu, dá réir féin. Ag tuíteáil agus ag blagadóireacht faoin easpa faisnéise dá leigheas agus an easpa dea-thoradh ar a n-iarrachtaí. I ndiaidh airgead a thógáil ó dhaoine agus a rá leo go bhfeicfí toradh. Is cosúil go ndearna sé taighde a chruthaíonn nach bhfuil a gcuid córas tastálaithe i gceart agus nach bhfuil torthaí maithe ag teacht ón leigheas. Cuimhnigh go bhfuil muid ag caint ar leigheas d'ailse 'doleigheasta' anseo, agus go bhfuil daoine óga agus a muintir i gceist, ag iarraidh mórshuimeanna airgid a charnadh, a chruinniú, a chur le chéile i lár an uafáis chun stop a chur leis an ghalar.
Lean mé an nasc ó Broadsheet go Wikipedia agus fuair mé an-chuid nasc go cásanna dlí ar son na hInstitiúide, ag iarraidh droch-chlú a scrios ó aon taifead poiblí. Ceann de na rudaí a rinne siad, agus iad sa tóir ar an scriosadóir cáile seo seacht mbliana déag, Rhys Morgan, ná a theach a aimsiú ar léarscáileanna Google agus íomhá a chur chuige ...
Ceist agam ar Áine agus ar dhaoine eile - cén Ghaeilge a chuirfeadh sibh ar 'quack medicine'?
Agus i ndeireadh na dála, ár smaointe leis na daoine sin atá sa chás is gur gá dóibh a leithéid d'Institiúid a thaighdiú ar son duine muinteartha leo. Bígí cúramach. Agus go dté sibh slán.


