Showing posts with label bandaging. Show all posts

Wednesday, 24 August 2011
Bindealú Lá 8
Bhuel anois, nach seo é. Mo shamhradh. Lucht leighis agus idirlín! Ag imeacht anois chuig an teilí....'Midsomer Murders' ag tosú.
Tuesday, 16 August 2011
Bindealú, Lá 2
Bhuel, ar ais isteach liom inniu. Mo mhála bheag bindealán faoi m'ascaill, mar nach bhfuil bindealáin ann sa chlinic limféidéime. Agus nach maith an rud gur chuir mé uachtar maothóra orm roimh ré? Mar...tomhais?...níl aon mhaothóir ag an chlinic. Surprise!!!
Monday, 15 August 2011
ó, na bindealáin, na bindealáin...
An t-am sin den bhliain arís. Trí sheachtain de bhindealú ag síniú amach romham. Trí sheachtain nuair nach féidir liom taisteal a dhéanamh, obair tí a dhéanamh (!) agus trí sheachtain nuair atá an saol an-chúng ar fad. Am bindealaithe.
Chuaigh mé síos inniu chuig Ospidéal San Shéamais agus chuaigh mé isteach chuig an fhisiteiripeoir. Agus rinne sé measúnú ar an lámh agus an sciathán - feabhsuithe mar gheall ar an obair curtha isteach ag Cumann Ailse na hEireann agus Coach Murphy.
Ansin mhínigh se nach bhféadfadh sé tosú ar an bhindealú inniu mar nach raibh na bindealáin chuí aige...an mbeadh aon cheann fágtha agam féin sa bhaile ón uair dheireanach?.....

Friday, 1 July 2011
leath-orlach eile!
Ag na meáchain aréir le Marie Murphy arís, i gCumann ailse na hÉireann. Leath-orlach eile caillte ón sciathan le limféidéime! Tá sin dochreidte i dtéarmaí gnáththeiripe na staide seo. Agus tá mé fíorbhuíoch di féin, mar Marie Murphy, agus don Chumann. Beidh sos ann don samhradh ach go leanfaimid féin leis an aclaíocht ar ár gconlán féin, agus tiocfaimid le chéile arís i mí Lúnasa.
Bhí troid agam le Marie Murphy an t-am deireanach gur úsáid me an ghraific thuas. Dar léi, ise atá ann. Dar liom, mise atá ann. Ní ceachtar againn í - tá mise ró-mhór agus ise ró-bheag!
Beidh an Cumann ag leathnú an chláir ar fud an oileáin, mar dhea-nuacht. Beidh siad ag tosú ar dhaoine fóirsteanacha a aimsiú leis an traenáil a stiúradh amach anseo. Dar liom, ba cheart go mbeadh an clár ceangailte le gach clinic nó fisiteiripeoir limféidéime sa tír. Ach ina dhiaidh sin, tá mise claonta. Chaill mé orlach go dtí seo gan feidhm orm bheith i mo 'othar'!
Beirigí bua, a Mharie, agus Anne a chuidíonn léi, agus Eimear Cotter ón chumann Ailse!
Tá an

Labels:
ailse,
bandaging,
bindealú,
Cancer,
clinic limféidéime,
cumann ailse na héireann,
Eimear Cotter,
lymphodema,
lymphoedema,
Marie Murphy
Subscribe to:
Posts (Atom)