Ar mo bhealach ar ais ón siopa inniu - praghasanna mar an gcéanna leis an bhaile - iad an-tugtha d'arán deas blasta - beidh sé deacair gan géilleadh don chathú.
Thug mé faoi deara go lonnaíonn siad na boscaí poist sna tithe sna ballaí fein, seachas sna doirse.
Thug mé faoi deara go lonnaíonn siad na boscaí poist sna tithe sna ballaí fein, seachas sna doirse.
| seanbhosca poist cloiche ar chlé, ceann nua miotail thíos sa doras féin |
Tá sé ar nós déja vu - tá na brící céanna acu is atá againn sa bhaile ach tá déanamh na dteach an-ealaíonta ar fad. Cuireann na tithe seo píosa den ChuarBhóthar Thuaidh i mBaile Átha Cliath i gcuimhne domh - ach tá na cinn seo níos gleoite leis an iliomad gloine daite sna póirsí -
Na blianta rachmais ina luí ar ghuaillí anseo mar nach luíonn sa bhaile. Ní shiúlaim thar mórán bád mar seo ar mo bhealach abhaile ón siopa i mBaile Átha Cliath -
Ach ar an taobh eile den scéal, níl tithe i mBaile Átha Cliath ar fiar mar go bhfuil an talamh thíos futhu lámhdhéanta agus tá na tithe titithe ar leataobh ar an talamh gaineamhach - nó an bhfuil...