Showing posts with label Action Cancer. Show all posts
Showing posts with label Action Cancer. Show all posts

Tuesday, 9 October 2012

Mí ailse brollaigh 2012



Tá an mhí seo linn arís, Deireadh Fómhair, mí ailse brollaigh. Seo an t-am go mbíonn daoine ag caint is ag féasbúcáil is ag tuíteáil faoi na himeachtaí ar fad atá ag ardú próifíl na hailse agus na dóigheanna inar féidir linn súil agus srian a choinneáil uirthi.

Chun seiceáil ort féin, mar bhean, tá treoir maith anseo -



Má tá tú thar 40 bliain d'aois, tá an fhianaise ag fás go bhfuil mamagram inmholta gach cúpla bliain. Tá cinn ar fáil do mhná i dTuaisceart Éireann saor in aisce ó Action Cancer. Muna bhfuil tú i do chónaí ann, is féidir íoc as ceann (timpeall £80 sterling i láthair na huaire), nó fiú cúpla punt féin a chaitheamh isteach.

Rud amháin a chuireann goimh orm ná comhlachtaí móra smididh a dhéanann urraíocht ar eagraíochtaí ailse. Tá na comhlachtaí céanna ag cur leis an fhadhb trí úsáid ceimicí ar nós paraben agus SLS ina gcuid earraí - siampú, galúnach, smideadh, uachtar craicinn - aon táirge a dhéantar chun cúram a thabhairt dar gcorp. Súnn an corp na ceimicí seo tríd an chraiceann agus tá fianaise ann go bhfuil siad bainteach le forbairt ailse. Mar sin de, cuireann siad na ceimicí carcainigineacha isteach sna tairgí ar dtús agus díolann siad linn iad i mbeartanna tarrantacha, agus ansin tugann siad giotaí beaga den bhrabús leis na heagraíochta a ghlanann suas an 'mess' ar fad. Cuireann siad comhlachtaí tobac i gcuimhne domh. Tá comhlachtaí nach gcuireann paraben ná SLS ina gcuid táirgí, ar nós Elave nó Clarins, ach an comhairle atá agam ná an lipéad a léamh.

Taobh amuigh de paraben agus SLS a sheachaint, cad é an moladh a thugtar dúinn leis an seans atá againn ailse fhorbairt a laghdú? Aclaíocht rialta, meáchan ceart a choimead, tuar ceatha a ithe (bia de dhathanna éagsúla), cosc ar thobac, cosc ar alcól. furast-durast!

Agus a fhearaibh - bígí faicheallach. Buaileann sé fir chomh maith.

Saturday, 2 June 2012

Action Cancer 'app'

Luaigh mé Action Cancer roimhe seo. Is iad an cumann carthannachta iad a chuireann mamagram ar fáil do mhná idir 40-50 bliain d'aois sa Tuaisceart. Agus seirbhísí eile le linn ailse d'othair agus do ghaolta. A bhuíochas leo siúd agus an réiteach a bhí acu le m'fhostóir ag an am gur thángthas ar an ailse chomh luath is go ndearnadh.

Déanaim cainteanna a thabhairt ag ócáidí poiblí ar a son anois is arís. Tá siad i ndiaidh 'app' a chur amach le gur féidir le bean súil a choinneáil ar dhátaí le seiceáil a dhéanamh, agus mar chuid den 'app' is féidir scéalta bna a íoslódáil chomh maith. Ní raibh sé de dhánaíocht agam a rá gur mhaith liom é i nGaeilge ar an lá (Ná Sé Chontae), caithfidh mé a admháil.  Ach rinne siad píosa beag deas den mhéid a dúirt mé i mBéarla cibé ar bith. Seo é:



Saturday, 1 October 2011

Mí Dheireadh Fómhair

The BIG BUS

Mí ailse brollaigh í mí Dheireadh an Fhómhair. Agus mar is nós leo, d'iarr Action Cancer orm  labhairt le daoine ag cruinnithe poiblí. Ba mise an 'living, breathing doll', mar a déarfá. Agus tuigim é sin i mbliana níos fearr ná blianta eile.

 Labhair ceannaire Action Cancer ar dtús, Gareth Kirk. Labhair sé fá na seirbhísí a chuireann siad ar fáil agus go gcaitheann siad 80% dá gcuid airgid ar na seirbhísí seo. Ansin labhair dochtúir a chuidíonn leo leis na mamagraim, agus mar is gá mamagraim i mná faoi aois 50 de réir na staitisticí i dTuaisceart Éireann, in aineoinn cinneadh an NHS cloí le mná iar-50.

Ansin sheas mé, agus thairg mé mar a gabhadh m'ailse. Agus i mo sheasamh ansin, thuig mé go raibh cara liom ar chomhaois liom fein. Seans gur thosaigh a hailse brollaigh siúd ag an am céanna. Ach seo an Nollaig dheireanach aicise. Agus dá mbeadh mamagraim leathnaithe amach go mná thar aois 40, bheadh fadsaol i ndán di. Ach níl anois.

Thursday, 5 May 2011

Más mall is mithid






Fuair mé litir inné ó mo dhochtúir féin i mBéal Feirste. Cuireadh a bhí ann mamagram a bheith agam ós rud é go raibh mé caoga bliain d'aois agus i dteideal scagthástáil a bheith agam d'ailse brollaigh...







Bhuel, nuair a phioc mé mé féin aníos ón urlár i ndiaidh an taom gáire a bhuail mé, smaoinigh mé ar Mharia. Agus thuig mé gurbh é sin a bheadh i ndán domh ach gurb é an scagthástáil a chuir Action Cancer ar fáil do mhná faoi aois caoga, agus a bhuíochas le Ruth Leitch in Ollscoil na Ríona a bhrúigh an scéim chun tosaigh do gach fostaí mná a bhí acu.






£80 a chosnaíonn mamagram, ach cuireann Action Cancer ar fáil saor in aisce iad do mhná a shiúlann isteach acu. Agus íocann m'fhostóir féin, Ollscoil na Ríona, as na mná siúd sna daichidí ar mhaith leo léas a bhaint as an aiméar. Bhí mé 47. Tá mé 50 anois. Trí bliana glan a mbeinn i nganfhios agus mo chorp á ithe.





Ó boy. Bhí orm mé féin a phiocadh aníos ón urlár arís.






Oy! Siúlóid Pieta an satharn beag seo - 4.oo AR MAIDIN a dhaoine!!



agus Dé hAoine - le Liam óg Mac Carráin...

8.30 ar aghaidh -

IMRAM i gClub an Chonartha, Baile Atha Cliath

Féile Litríochta

Thursday, 10 March 2011

Oíche eolais



Beidh me ag caint ag oíche eolais do na 'forty-somethings' ( ainneoin nach bhfuil mé sna daichidí a thuilleadh) Dé Luain 14ú Márta i mBéal Feirste.
Ócáid buíochais atá ann do Action Cancer do na grúpaí uilig a chruinníonn airgead daofa. Beidh sé sa Ramada ag Droichead Seoighe ag 7.30. Agus mar gur trí phairtnéireacht Action Cancer agus Ollscoil na Ríona go bhfuair me amach go luath go raibh ailse orm, ba mhaith liom cuidiú leo trí mo scéal a inse. Fuair mé amach in aois 48. Tá mé caoga anois, a bhuíochas leo siúd. Agus in inmhe seasamh agus a rá go bhfuil an sláinte liom láthair na huaire. Agus drochghreann a chleachtadh. Agus pictiúirí ciútáilte d'ainmhithe a chur chuig cairde i ríomhphost.

Luath agus minic, tastálacha, a shiúracha.

Wednesday, 10 November 2010

cleití bandearga

Fuair me bronntanas ó Action Cancer Dé Domhnaigh - seisiún ag gruagairí Peter Maud ar Bhóthar Ard Mhic Nasca i mBéal Feirste. Síos liom go dtí an áit go beo. Fiú ón taobh amuigh, ba léir nach gnáthlá a bhí ann. Chonaic mé aingil bhándearga ag bogadaigh thart taobh istigh, ag teacht amach as mo charr an tráthnóna dorcha geimhridh samhna sin. Ag dul isteach an doras domh, tháinig beirt amach, máthair agus páiste, agus sciatháin bhándearga ghlioscarnacha ar dhroim an pháiste. Istigh sa salon féin, bhí an áit dubh le daoine ag rith thart le sciatháin bhándearga, glioscar bándearg ar a leicne agus ribíní bándearga ina ngruaigse.

Is cosúil gurb é ná go ndéanann na hoibrithe in Peter Maud Domhnach sa bhliain a chur isteach saor in aisce, gan pá. Ar an Domhnach seo, téann gach pingin a shaothraítear go Action Cancer. Agus faigheann gach bean atá ag obair san áit mamagram ó Action Cancer i rith na bliana. Cosnaíonn mamagram £80. Thóg lucht Peter Maud £2, 224 an Domhnach sin. Agus chaith siad roinnt bheag airgid ar na sciatháin in Poundworld.

Agus an t-atmaisféar....bhí na sciatháin agus na ribíní agus an smideadh agus an gáire ann. Bhí ruaille buaille agus craic ann. Bhí champagne ann. Bhí tae agus caife agus cupcakes bándearga ann.

Caithfidh mé a admháil gur tháinig cúpla deor chun tosaigh. Bhí mé anseo i measc stráinséirí a bhí ag iarraidh rud éigin deas a dhéanamh domh agus do mhná eile ar an lá seo. Fuair mé féin an pampering saor in aisce, a bhuíochas le Action Cancer iad féin, ach bhí mná eile ag cur a gcuid ama saor isteach ag freastal ar an ócáid agus ag bronnadh airgid ar an chúis.

Ag fanacht ar na hingne-snastóirí, thosaigh mé ag caint le beirt bhan Phreisbitéireacha. Ní théidís amach de ghnáth ar an Domhnach mar seo, mar ba lá é an Domhnach le caitheamh le clann agus le teallach, ach bhí siad ag iarraidh tacaíocht a thabhairt don áit agus don chúis. Agus ag tabhairt spléachadh síos suas an sráid domh ag teacht amach as an ghruagaire, ba léir nach raibh oiread agus siopa amháin eile ar oscailt an tráthnóna Domhnaigh seo i gcroílár oirthear Bhéal Feirste.

Ach ba dheas sin. Ní raibh mé ag iarraidh mo chuid champagne a roinnt le barraíocht daoine...