Showing posts with label leigheas. Show all posts
Showing posts with label leigheas. Show all posts

Monday, 16 July 2012

Aithníonn blagaire blagaire eile

Rhys Morgan

In ómós d'Áine Durkin a chum a leithéid d'fhocal chomh maith agus a chuir i m'intinn é, seo scéal beag faoi bhlagadóir sheacht mbliana déag.

Chonaic mé píosa in Broadsheet inniu faoi airgead a chruinniú le haghaidh cúrsa  leigheas ailse do chailín óg. Bhí an leigheas le fáil in Institúid Burzynsksna Stáit Aontaithe. Agus ag Dia atá a fhios, má tá sé san 'Irish Times', caithfidh go bhfuil sé fíor. 


Bhí an Instiúid, nó daoine ag gníomhú ar a son, ag bagairt dlí ar an bhuachaill scoile mar gur tharraing sé droch-chlú orthu, dá réir féin. Ag tuíteáil agus ag blagadóireacht faoin easpa faisnéise dá leigheas agus an easpa dea-thoradh ar a n-iarrachtaí. I ndiaidh airgead a thógáil ó dhaoine agus a rá leo go bhfeicfí toradh. Is cosúil go ndearna sé taighde a chruthaíonn nach bhfuil a gcuid córas tastálaithe i gceart agus nach bhfuil torthaí maithe ag teacht ón leigheas. Cuimhnigh go bhfuil muid ag caint ar leigheas d'ailse 'doleigheasta' anseo, agus go bhfuil daoine óga agus a muintir i gceist, ag iarraidh mórshuimeanna airgid a charnadh, a chruinniú, a chur le chéile i lár an uafáis chun stop a chur leis an ghalar.


Lean mé an nasc ó Broadsheet go Wikipedia agus fuair mé an-chuid nasc go cásanna dlí ar son na hInstitiúide, ag iarraidh droch-chlú a scrios ó aon taifead poiblí. Ceann de na rudaí a rinne siad, agus iad sa tóir ar an scriosadóir cáile seo seacht mbliana déag, Rhys Morgan, ná a theach a aimsiú ar léarscáileanna Google agus íomhá a chur chuige ...

Ceist agam ar Áine agus ar dhaoine eile - cén Ghaeilge a chuirfeadh sibh ar 'quack medicine'?

Agus i ndeireadh na dála, ár smaointe leis na daoine sin atá sa chás is gur gá dóibh a leithéid d'Institiúid a thaighdiú ar son duine muinteartha leo. Bígí cúramach. Agus go dté sibh slán.

Monday, 4 July 2011

Íomhá an leabhair

Bhí mé istigh in Ospidéal na Cathrach ar maidin - mamagram eile - agus chuir sé me ag smaoineamh ar cheist a chuir cara orm. Cén fáth ar roghnaigh tú an íomhá áirithe atá agat don leabhar? Mhínigh mé di ag an am gur grianghraf a bhí ann a tógadh nuair a bhí mé ceithre bliana d'aois. Rinne an iníon (Siubhán, ealaíontóir...), rinne sí íomhá de le peann luaidhe ar dtús agus ansin le péint.

Ach istigh sa seomra feithimh san ospidéal ar maidin dom, thuig mé cén fáth ar roghnaigh mé pictiúr díom féin, chomh hóg sin. Bhí mé soineanta. Agus sa seomra feithimh ar maidin bhí cailín - agus cailín a bhí inti - ag fanacht ar a mamagram féin. Ag féachaint uirthi chonaic mé na comharthaí ar fad a d'inis dom go raibh an bhean óg seo (22, 23?) i ndiaidh dul tríd an chóras agus an leigheas. Bhi gruaig ghearr uirthi gan chaoi, agus caipín baseball. Agus bhí rud éigin ina dreach - easpa eagla, nó suaimhneas éigin inti - a d'inis dom go raibh sí ar an taobh eile den chomhrac ag an phointe seo.

Agus d'fhéach mé uirthi arís. Bean óg, an soineantacht a bhain lena haois féin, an dóchas agus an pléisiúr sa saol - loite.

Agus smaoinigh mé ar m'íomha féin. B'shin an fáth ar roghnaigh mé é. Nuair a bhuaileann ailse thú, imíonn an soineantacht. Bíonn tú ar nós páiste, ar ndóigh, aineolach faoin chóras agus fulangach faoi na daoine éagsúla a thagann isteach i do shaol tamall, gan cumhacht, gan neamhspleáchas. Fanann tú ar threoir ó na saineolaithe, agus leanann tú a gcomhairle, mar is páiste thú i ndomhain seo an leighis.

Agus bristear do shoineantacht agus ní thagann sí ar ais. Choíche.