Showing posts with label tinn tuirseach. Show all posts
Showing posts with label tinn tuirseach. Show all posts

Tuesday, 10 April 2012

Deireadh ré, tús nua



Tháinig mé ar ais chuig an domhan blagadóireachta arís i ndiaidh tréimhse ar lár. Mar go bhfuil am agam chuige arís. Agus mar go bhfuil mé sa dé deiridh leis an jab atá agam. Beidh mé réidh leis an tseachtain seo chugainn. Tá cuid díom sásta, mar go bhuil mé tuirseach den taisteal. Ach bhí daoine deasa mar chuideachta agam ann, agus crothnóidh mé iad siúd go mór.

B'ait liom turas a thabhairt ar na blaganna Gaeilge eile acu agus téama láidir an earraigh i mbarr réime. Saol nua, túsanna nua, grian agus gile agus borradh agus bláthú. Thug sé misneach domh. Níl sé nádúrtha stop a chur le dua i lár earraigh, fiú más mé féin a rinne an cinneadh. Ach léigh mé faoin nead ag Áine, agus an lao ag Eoin, an ghrian agus an íomhá ag John, agus fiú an cnagaire ag cnagaireacht leis. Agus go raibh maith agaibh, sibhse na blagadóirí ar fad a scríobh agus a thóg grianghraif agus a rinne trácht. Ardú croí a bhí ann domh, agus cic sa tóin!

Chuir mo thuras thart ar na blaganna roimh mo shúile athuair go bhfuil saolta eile amuigh ansin. Tá deireadh ag teacht leis an phost agam mar gheall ar chúrsaí éagsúla. Ceann acu is ea an tuirse a fhágann an ailse ar roinnt againn go ceann na mblianta. Ach tá saolta eile amuigh ansin, a mbeidh mé in inmhe tabhairt futhu ar mo luas féin. Agus in am agam breith ar cheann anois go bhfuil an t-earrach buailte linn.

Friday, 19 March 2010

Tinn tuirseach


De réir mar a théann tú ó chúrsa chaemo go cúrsa eile chaemo, éiríonn do chorp níos laige agus níos laige. Agus tagann claochló ar na mothúcháin chomh maith. Fearg an mothúchán is mó a tháinig chun cinn ionam féin. Mhothaigh mé fearg dochreidte le linn chaemo. D’eascair roinnt den fhearg seo as an eagla a bhí orm, mar cruthaíonn eagla fearg. Ach tháinig go leor den fhearg mar thaobhéifeacht den chaemo, agus ó hormóin athruithe, brúite, scuaiste. Chonaic mé an fhearg seo (níos measa ná mé féin!) i ndaoine eile a bhí ag dul faoi leigheas don ailse. Shíl mé ag an am go raibh mé socair, suaimhneach. Tuigim anois go raibh mo chorp faoi ionsaí agus go raibh mé ag iarraidh greim a choinneáil ar mo bhuntús, mo réadúlacht, mo chiall.

Deireadh an tsamhraidh a bhí ann. Bhí mé i ndiaidh an samhradh a chur isteach idir scian agus instealladh. Agus bhí mo chuid comrádaithe múinteoireachta scaipthe don samhradh, nó scaipthe roimh an ailse. Mhothaigh mé lag, tinn, tuirseach agus tréigthe. Bhí, is dócha, go pointe áirithe - tréigthe, ach anois, tchím go raibh na hormóin ag beathú drochspion agus lionn dubh.