Showing posts with label Dílis. Show all posts
Showing posts with label Dílis. Show all posts

Saturday, 11 August 2018

Cuimhní agus taighde


Joan Quinn ar dheis, ó Falls Memories. Níl a fhios agam cé a thóg é. 
Bhí mé ag caint ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtain i mBéal Feirste ar na mallaibh mar gheall ar an phróiséas scríbhneoireachta cruthaithigh. Bhí mé ag cur síos ar an dúthbhaint atá ann idir mo thaithí phearsanta féin, an cúlra atá agam agus an scríobh. Mar shampla leis seo a léiriú don lucht éisteachta, thaispeáin mé an ghrianghraf thuas ón leabhar Falls Memories.Tá an leabhar as cló anois, go bhfios dom, ach nuair a tháinig sé amach ar dtús bhí sé ina bhronntanas Nollag fud fad an bhóthair. D'oscail mo mháthair an leabhar ag leathanach leis an phictiúr thuas.
'Ó!' ar sí, 'sin mo Mhamaí!'
Go leor daoine i mBéal Feirste, cuimhníonn siad ar an téarma 'shawlies' a úsáideann daoine sa lá atá inniu ann le cion agus meas. Ach ní hamhlaidh a bhí riamh, agus dá mba 'shawlie' thú féin nó duine muinteartha leat, ba chomhartha bochtanais agus easpa oideachais é. Bhí tú róbhocht le cóta siopa a cheannach.
Ar ndóigh, na mná íosaicme a chuaigh ag obair sna muilte agus a bhí ag tuilleadh airgid, a bhí neamhspleách, a bhí ag cur aráin ar an tábla dá muintir, ní raibh iontu ach 'millies', téarma dímheasa a leanann go dtí an lá atá inniu ann.
Sin mná duit. Damnuithe má théann siad ag saothrú airgid, damnuithe muna dtéann...


An Lónaidh
Tógadh an Lónaidh - an Pound Loney, an ceantar a spréigh siar ó Shráid an Phóna í lár na cathrach amach go dtí Bóthar Grosvenor - tógadh na tithe beaga bídeacha sin do na hoibrithe i mBéal Feirste, oibrithe a tháinig isteach ón tuath, roinnt acu a labhair Gaeilge. Bhí roinnt de na cainteoirí dúchais seo thart le mo linn, chomh fada leis na hochtóidí.
Cúis mhórtais a bhí ann na tithe seo a choinneáil glan - agus go bhfeictí thú á gcoinneáil glan. D'fheictí mná amuigh ar a nglúine gach maidin ag sciúradh leathghealaí gléghlinne thart ar an táirseach achan lá. Ag glanadh cac na madadh, na gcapall is na gcat ón lá roimhe ar shiúl...

Córas alaraim i mBéal Feirste sna seachtóidí  - agus sna blianta ag tús an chéid sin
Rud a fuair mé amach ó chuimhní mo mhuintire ar na mallaibh, nár thuig mé roimhe sin, ná gur bhain daoine i mBéal Feirste úsáid as na cláir ó na boscaí bruscair i gcúl an tí mar chóras alaraim sna naoi gcéad déaga agus sna fichidí chomh maith leis na seascaidí agus na seachtóidí. Thógtaí clár miotail ón bhosca bruscair agus bhuailtí in éadan bhalla nó in éadan cosáin é le trup callánach a dhéanamh. Rinne an raic seo daoine a mhúscailt nó rabhadh a thabhairt go raibh na péas nó an t-arm (nó na Specials) amuigh fán dúiche.

Sráid an Droichid, Béal Feirste, Blitz 1941
Tá scéal amháin in Dílis, 'Aoibhinn an Galar' a chuireann síos ar an Blitz mar a tharla i mBéal Feirste. Bhí cúpla oíche ghreannmhar sa teach againn, ag tosú leis an seanlanúin ag aontú le chéile, ag roinnt cuimhní  -  'Bhí an Limestone Road loite ar fad, nach raibh?' agus 'Na daoine bochta sin in Duncairn'. Ach an oíche ina dhiaidh sin thosaigh siad ag inse scéalta in iomaíocht lena chéile, féachaint cé acu a raibh am níos measa, nos scanrúla, níos dorcha acu le linn an Blitz. Ar an tríú hoíche tháinig m'Aint Josie isteach ag airneáil agus bhí sé ina chogadh dearg (sic) eadarthu, an scéal is mó uafáis faoin Blitz a inse.

Elizabeth O'Farrell taobh thiar den Phiarsach, 1916
Thosaigh mé isteach ansin ar na blúiríní sin den stair nach bhfuil aird tugtha orthu go dtí seo. Mar shampla den dóigh a tharlaíonn daoine bheith scríofa amach as an Táin, thaispeáin mé an pictiúr thuas den Phiarsach ag géillstin d'Arm Shasana. Ar feadh na mblianta, bhí cur síos air mar 'An Piarsach...blá, blá, blá'. Ach is léir nach leis féin a bhí sé, nó tá péire eile bróg taobh leis. Ach ní raibh ann ach bean, Elizabeth O'Farrell, agus mar gur fir a bhí ag scríobh na leabhar staire, níor measadh go raibh tábhacht le bean a lua.
Mhol mé cúpla foinse don tréimhse seo, go háirithe.
Margaret Ward (an-mhaith faoin tréimhse seo, tús na fichiú haoise, agus Béal Feirste go háirithe)
Linda Connolly 
Mary McAuliffe
Claire McGing
agus eile...
Cuardach málaí i mBéal Feirste sna seachtóidí
Arís is arís eile tá macallaí den stair fadó sa stair a bhfuil cuimhne againn féin uirthi lenár linn féin. Glacadh an grianghraf thuas sna seachtóidí, ach an ceann thíos ag tús na bhfichidí.

Cuardach fir i mBéal Feirste circa 1921


Sráid an tSéipéil, Béal Feirste, tús an 20ú chéid
Agus le linn taighde a dhéanamh don scríobh cruthaitheach, is iomaí pictiúr a thug leid dom ar shaol na ndaoine ag an am sin. Bhí siad galánta go leor thart fá Shráid an tSéipéil an t-am sin (thuas) - amharc ar na héadaí. Hataí arda agus naprúin bhána.

Mise. Seán Mac Corraidh (fear a' tí), Liam Mac Cóil
An-oíche!

Sunday, 11 December 2016

I mbun pinn


Bíonn karma deas anois is arís. Osclaíonn tú an nuachtán agus tá duine éigin i ndiaidh saothar leat a mholadh, mar shampla. Gan leid agat gur rún leo a leithéid a dhéanamh.

Mar sin a bhí inné. Scríobh Cathal Poirtéir fá dhornán leabhar ar fiú a léamh, díreach in am don Nollaig. San Irish Times, nuachtán a shroicheann go leor leor daoine. Leagan leictreonach den alt ANSEO. Dá mbeinn ar Periscope nó a leithéid  bheifeá ag tabhairt faoi deara an luisne sna leicne agam.

Scríbhneoirí eile luaite san alt, Anna Heussaff agus Máire Dinny Wren ina measc siúd.

Míle buíochas, a Chathail, as na focla séimhe. Ardú anama i ndiaidh bliain chrua a chur díom.


Agus fáilte ar ais ón Slovéin, a Chathail!

Wednesday, 25 November 2015

Dílis - i mbéal an phobail



Tá daoine ag caint ar 'Dílis', a bhuí mhór le Mor. Tá mé díreach ar ais ó Bhéal Feirste, áit a raibh léamh eile de chuid 'Sliocht' ar siúl le Cló Iar-Chonnacht. Bhí muid sa Chultúrlann, i nDánlann Gerard Dillon. (Dála an scéil, tá na leabhair thíosluaite uilig ar fáil uathu sa siopa ansin, An Ceathrú Póilí)

Bhí ceathrar againn ag léamh, mé féin (Dílis), Deirdre Ní Ghrianna (An Gnáthrúd), Fionntán de Brún (Litir Ó Mo Mháthair Altrama) agus Micheál Ó Conghaile (Diabhlaíocht Dé). Bhí fíon agus solaistí ar fáil roimh an léamh, le linn sosa agus is beag a bhí fágtha ina dhiaidh. rud a chuir díomá orm, nó bhí mé ag fanacht go deireadh na hoíche sula mblaisfinn den stuif bán ... nó dearg. Agus faraor nach raibh Micheál Ó Conghaile in ann fíon a dhéanamh de mo ghloine uisce, chan ionann agus na carachtair ina scéalta.

Bhí lúcháir orm go raibh Deirdre Ní Ghrianna in ann teacht ar an oíche, mar is cnuasach an-láidir atá aici nach bhfuil mórán eolais ag go leor daoine air, seachas scéal féin na hArdteiste, 'An Gnáthrud'. Ach tá seoda eile istigh sa chnuasach seo nach é.

Chuir sé lúcháir orm chomh maith sean-'bhoss' de mo chuid a fheiceáil ansin ar an oíche, John Salters, agus a bhean, Máirín. Ní minic a théann siad amach ar an tear ar an aimsir seo, agus ba mhór liom gur tháinig siad agus gur ól siad roinnt den fhíon linn an oíche chéanna.



Agus focail scoir le buíochas mór a ghabháil le foireann An Ceathrú Póilí an oíche sin - Áine Nic Gearailt - úinéir an tsiopa - a d'eagraigh an oíche, agus Dónall Mac Giolla Chóill, an t-aisteoir agus an t-iriseoir, a chuir na scríbhneoirí i láthair.

Róisín Adams ó Raidió na Life, Laithreoir 'Aon Scéal?'
Is iomaí leabhar i gcló nach ndearnadh á bhrú os comhair an phobail agus a ligeadh dó titim i léig, ceal ama agus gairiúlachta ó thaobh a lucht margaíochta de. Cuimhním anseo ar 'Táinrith', le Biddy Jenkinson. Chonaic mé an leabhar sa Cheathrú Póilí i mBéal Feirste agus cheannaigh mé cóip. Leigh mé é, bhain mé sult as, chuir mé suntas ina fheabhas agus ina ghlice.

Cúpla mí ina dhiaidh sin bhuail mé le cairde fá choinne cupán caife sa Bhutrach i gColáiste na Trionóide i mBaile Átha Cliath. Táblaí mór fada agus binsí ann. Tháinig dornán mac léinn chuig an tábla agus mar go raibh muid ag comhrá i nGaeilge d'iarr siad cead suí sa chomhluadar. Mic léinn iarchéime. Duine acu ag dul do thaighde ar shaothar Biddy. D'fhiafraigh mé dó an raibh an leabhar léite aici. Ní raibh a fhios aige leabhar nua bheith amuigh ... Mar a deir siad sa bhaile, ffs!

Tá sé thar a bheith tábhachtach an leabhar a chur i mbéal an phobail, mar sin. Agus ansin is féidir leo a mbarúil a thabhairt nuair atá na leabhair léite. Chuir mé suntas sa mhéid a dúirt Niamh Ní Chadhla sna scéalta a scríobh mé, ar an chlár 'Aon Scéal' ar Raidió na Life. Luaigh sí nár léigh sí aon ghearrscéal ó rinne sí an Ardteist - ar nós go leor daoine - agus is breá liom gur bhain sí sult astu. Ach mar bhean gan aon chur amach aici ar an Tuaisceart agus mar bhean óg ó ghlún 'eile' chuir me suim sa mheid a bhí le rá aici.




Wednesday, 11 November 2015

Na Feirstigh agus an Saoi



Dáta don dialann. Beidh léamh gearrscéalta ar siúl i mBéal Feirste sa Chultúrlann Aoine na seachtaine seo chugainn, ar a seacht a' chlog. 20ú Samhain.



Beidh an Saoi, Micheál Ó Conghaile, ag léamh óna leabar is nua, 'Diabhlaíocht Dé'. Tuilleadh faoin leabhar sin ANSEO.



Beidh Deirdre Ní Ghrianna ag léamh óna leabhar, 'An Gnáthrud'. Ní minic a léann sí, mar sin is fiú bheith ann agus cluas le héisteacht ort. Tá an scéal sa teideal seo, 'An Gnáthrud', ar an siollabas Ardteiste arís is arís eile. Tá na scéalta eile snasta agus sofaisticiúil.



Beidh Fionntán de Brún ag léamh óna leabhar 'Litir ó mo Mháthair Altrama'. Tá doimhne agus castacht sna scéalta seo agus raon leathan ábhair ann.



Beidh mé féin ann, Le 'Dílis' agus na scéalta bunaithe ar m'áit dhúchais.

Deochanna, soláistí agus comhluadar. Agus Kultur.

Aoine 20ú Samhain @ 7.00


Agus... ar an Satharn, ceardlann de chuid Cló Iar-Chonnacht. Ní bheidh se ró-mhall cur isteach air go fóill, seans. ANSEO

Sunday, 1 November 2015

Dílis: ar an bhóthar



An chéad oíche de shraith 'Sliocht' thart, ag Oireachtas 2015. Is mór an t-athrú saoil é, ó bheith ag plé saothair litríochta ar an chúrsa Ardteiste le daltaí dúshlánacha arbh fhearr leo bheith ag baint plaiceanna as a chéile le compás. Aréir bhí mé i seomra galánta in Óstán Citywest ag breathnú ar thóinín Alan Titley mar a sheas sé roimh an tábla ag léamh agus ag geáitsíocht trí 'Leabhar Nóra Ní Anluain' agus 'An Bhean Feasa', ag fanacht ar mo shealsa. Bhí tábla ag barr an tseomra agus muid féin - na scríbhneoirí - inár suí aige. Nuair a tháinig  do sheal léitheoireachta, sheas tú agus shiúil tú go dtí an taobh eile den tábla, os comhair an tslua, na scríbhneoirí eile ar do chúl.

Déarfainn gurbh fhearr an radharc a fuair mé féin ar ... dhroim ... gach duine eile ná mar a fuair an triúr eile, Micheál Ó Conghaile, Anna Heussaff agus Alan ar mo ... dhroimse. Níl mé chomh tanaí is a bhíodh, ná gar dó.

Beidh trí oíche eile agam féin ag léamh le camchuairt 'Sliocht' i mbliana. Beidh Gaillimh agus Luimneach ar siúl níos moille an tseachtain seo.

Gaillimh, Dé Chéadaoin  4 Samhain

Luimneach, Déardaoin  5 Samhain


Beidh Béal Feirste  ar siúl ar 20 Deireadh Fómhair sa Chultúrlann, sa siopa leabhair ann, an Ceathrú Póilí.

Béal Feirste, Aoine 20 Samhain
Beidh mé féin ag freastal ar an cheardlann scríbhneoireachta atá Micheál Ó Conghaile agus Fionntán de Brún ag cur ar fáil an lá dar gcionn. Snas le cur ar chúpla scéal eile anois...


‘Tá sin fíor, a Áine’ arsa athair Aoife. ‘Bíonn an bóthar seo dubh le daoine i rith an lae, ach duine ná deoraí a tchí tú san oíche, a Aoife. Seachas na leaids ón chlub sóisialta, ólta. Nó níos measa arís, na joyriders. Maith an rud nach raibh carr ariamh againn i rith na dtrioblóidí, nó bheadh sé sciobtha acu le dódh.’
‘Anois, sciobfadh an lucht ceirtlíse é le wheelies a dhéanamh,’ a gháir máthair Aoife leis. ‘Agus dheamhan péas a thagann amach le ceacht a theagasc daofa.’
 ‘Cár fhág tú do charr féin, a Aoife?’ arsa a hathair léi.
Codlamh Sámh

Monday, 19 October 2015

Aoibhinn an galar

Róisín O'Hara -http://www.tg4.ie/ga/clair/roisin/ -  a chuir mo leabhar i láthair don slua an Satharn seo caite. Mo bhuíochas léi.
Shíl mé go raibh mé thar an chuid is measa den ailse nuair a bhí mé réidh leis an chaemo, an scian, an rádaiteiripe agus na cógaísí hormóine. Agus bhí, go pointe. Cinnte, níl fuinneamh agam mar a bhí. Tá an limféidéime ann i dtólamh, agus beidh. Ach tá gach lá le cur isteach  agus le cur isteach go maith agam. Tá pléisiúr le baint as an saol agus tá craic le gnothú. Bíonn laethe gruama ann chomh maith ach sin comhartha go bhfuil muid beo.

Lá mar sin a bhí ann inniu. Lá gruama. Cara liom, fuair gaol léi bás go tobann - níl torthaí an scrúdaithe iarbháis istigh go fóill, ach stróc nó taom croí nó a leithéid a bhí ann. Bhí an fear  - cuirimis Joe air (níorbh é sin a ainm ceart) - bhí Joe díreach i ndiaidh aois an phinsin a bhaint amach trí sheachtain ó shin. 65. Gan faic air ach brú fola agus craos do laethe lán gailf nuair a bheadh an jab fagtha ina dhiaidh aige. Curtha inniu. Chuir sé sin ag smaoineamh mé.

Bhí mé ag smaoineamh go fóill  nuair a bhuail mé isteach chuig an Dochtúir Mór tráthnóna. Athbhreithniú a bhí ann ar obráid a rinne sé orm roinnt seachtainí ó shin - bhain sé máilín an domlais amach agus an tríocha cloch dhomlais - sea, 30 - a bhí neadaithe istigh ann.

Fuair mé amach ag tús an tsamhraidh, cúpla mí ó shin, go raibh an máilín seo scriosta ag an chaemo . Bhí mé ag ól caife le Néidí cois locha lá breá samhraidh nuair a shíl mé go raibh  taom croí i ndiaidh theacht orm. Néidí bhocht. Tugaim amach fá choinne tráthnóna craic í agus bíonn uirthi suí taobh liom ar an talamh, ag faire orm go bhfaighidh mé m'anáil ar ais. Yeah. Beidh an tráthnóna iomlán againn, a dúirt mé. Beidh lón againn agus siúlóid sa pháirc, a dúirt mé. Beidh craic againn. Yeah. Néidí bhocht!

Aonghus, Áine, Síle Ní Chonghaile agus 'Néidí bhocht', triúr blagadóir - agus múinteoir le béasaí a chur orthu

Ach a bhuí mhór le Mor ní croí a bhí ann ach an máilín seo. Imithe anois lena ualach de thríocha cloch. Agus bhí mé in ann sult a bhaint as an seoladh den leabhar ag féile IMRAM Dé Sathairn agus bhí mé in ann barraíocht a ól an oíche chéanna agus bhí mé in ann luí ar mo leaba an lá ar fad Dé Domhnaigh le cloigeann ramhar agus pócaí folmha. Agus inniu, bhí mé in ann mo smaointe a dhíriú ar Joe bocht agus a leochailí leis an saol.

Máirín Nic Eoin, a chuir iris nua IMRAM i láthair

Pádraigín Ní Uallacháin, a cheol go binn don ócaid 
Dairena Ní Chinnéide ag aithris a cuid dánta


‘A Bhridie, ‘bhfuil cuimhne agat ar an Blitz? An oíche gur tháinig na Naitsithe go Béal Feirste? B’shin an chéad uair a chas muid ar a chéile, thuas ar bharr na Duibhise? Bhí tú ansin le do mhuintir agus bhí plaincéad gorm thart ort le tú a chosaint ó fhuacht na hoíche? An cuimhin leat?’

Níor oscail an seanbhean súil, níor lig sí osna, níor bhog sí pioc. Lean Tomaí leis, ag cromadh isteach chuig a cluas agus ag caint os íseal.
Blitz

Wednesday, 14 October 2015

teas agus seoladh



Beidh seoladh ann Dé Sathairn don Leabhar Nua. Beidh Róisín ann, glam agus groí Beidh me féin ann, nite, gruaig-ghléasta. Beidh cúpla blagadóir eile ann -  Aonghus, Áine agus seans go mbeidh duine nó beirt eile ann. Beidh gloine fíona ann agus speecháil, agus beidh gaol nó beirt ann chun béasaí a chur orm.



Baineann meaisín poiblíochta CIC geit asam lena ghairmiúlacht. Bhí mé díreach ag caint le Rónán inniu, leis an mBíBíCí - le gabháil amach i Mí na Samhna, le Raidió Norn Iron, le Raidió Fáilte, le Raidió na Life agus beidh tuilleadh ann chomh maith.

Fíon i do ghlaic agus fáilte romhat, ma bhíonn tú fán chathair an oíche Shathairn seo chugainn.


'B’shin tús na seachtóidí. Lean an t-arm leo, ag stopadh fir agus mná óga ar an tsráid lena gceistiú agus lena bhfragraí a sheiceáil leis an bheairic trína gcuid walkie-talkies.. Thosaigh siad ag cuartú tithe, ag breacadh nótaí faoi gach rud a bhí i ngach teach ag gach duine ar an bhóthar, Dath an lino agus patrún an pháipéir ar na ballaí féin san aireamh.  Intelligence, a dúirt siad.  Bhí círéibeanna suas an bóthar píosa uainn gach dara lá. Dódh busanna taobh amuigh den doras againn féin agus thógadh mo mháthair anuas na cuirtíní net ó na fuinneoga uair sa seachtain leis an salachar agus boladh na toite a ní amach astu.  Bhí cathanna gunnadóireachta idir snípéirí agus arm na Breataine i lár na hoíche, Domhnach is Dálach.'
as 'Teas'

Friday, 2 October 2015

Dílis: Blas




Agallamh le Blas, BBC Raidió Uladh, 1ú Deireadh Fómahir 2015 ANSEO, Brian Ó Maoláin i mbun an agallaimh.


Thug  Lára í féin faoi deara na hathruithe ina haintín ó chonaic sí í go deireanach, trí bliana ó shin. Gruaig a bhí airgeadta ar fad ar fad aici anois, gan dathú, ach gearrtha go tarrantach, maisitheach. Togha de chuid Marks ‘n’ Sparks don bhean atá ag an aois áirithe sin. Cúpla roc sa bhreis thart ar na súile. Súile oscailte, siosmaideacha. An gáire i gcónaí ag briseadh uirthi. Fáilte aici i dtólamh, ba chuma cé a bhí ann nó cén t-am den lá ar bhuail siad isteach. Fada ó shin. Sular fágadh Lára léi féin. Sula raibh Lára in ann an ceangal clainne a bhriseadh.
 ‘Chan insíonn tú d’éinne nuair atá tú ag teacht go Béal Feirste. Chan fheicimid thú riamh.’
Clic

Monday, 21 September 2015

Dílis

Dílis

Imní. Sin an focal cuí. Tá an clúdach deartha ag na foilsitheoirí. Tá cúpla dáta sa dialann...  nod.... má tá tú i mBaile Átha Cliath ar 17ú Deireadh Fómhair, beidh gloine fíona ag fanacht ort sa Chlub i Sráid Fhearchair ... Tá na profaí deireanacha réidh.

 Mo bhuíochas le Julianne Ní Chonchubhair, eagarthóir foighdeach, foighneach na bprofaí. Níl ann anois ach fanacht.


Thursday, 7 November 2013

Dílis

Seriously sásta. Bhain mé an tríú duais i gComórtas Gearrscéalaíochta Liam Mhic Uistin anocht in Áras na Scríbhneoirí. Beidh an t-airgead ag dul díreach isteach sa chuntas Visa, faraor, ach nach méanair domh na kudos a fháil! Micheál Ó conghaíle a rinne an mholtóireacht, Micheál Ó Ruairc a chuir an oíche i lathair agus a léigh sleachta as a chuid scéalta féin, maraon le Anna Heussaff agus Alan Titley. Seo chugaibh an gearrscéal gearr, gearr, gearr.




Dílis


‘Tá mé ag iarraidh bheith i mo Chaitliceach, a Mhaim.’
Thóg Wendy na pónairí óna hiníon, Lúlú. Seacht mbliana d’aois. Rístuama.
‘Agus cad chuige an bhfuil tú ag iarraidh bheith i do Chaitliceach?’
Bhrúigh sí an canna go cúl an chófra.
‘Is Caitliceach í Maggie, agus tá an gúna is gleoite amach is amach is amach aici, chonaic mé inné é.’
‘Ach níl aici ach an t-aon lá amháin lena chaitheamh, ar ndóigh?’
Shleamhnaigh Wendy an t-anlann Korma isteach sa chófra taobh leis an channa pónairí.
 ‘Domh aníos an biatas picilte. ’
Chroith Lúlú a cloigeann fionn agus shéid sí ribe fánach óna súil.
‘Tá sé gleoite ar fad ar fad, agus ní lá amháin atá i gceist. Caitheann sí ar Shatharn an Chéad Chomaoinigh é, agus arís ar an Domhnach an lá dar  gcionn, agus ar scoil an Luan sin chomh maith faoi choinne grianghrafanna, agus, agus - ’
‘Agus sin é.’
‘Is cuma! Tá mé ag iarraidh bheith i mo Chaitliceach! Tá mé ag iarraidh gúna bán! Deir Liam – ‘
‘ Ná creid gach focal amach as béal Liam.’
Dingeadh mála rís Basmati idir an t-anlann Korma agus bosca paiprice.
‘An bhfeicfimid arís é, a Mhaim?’
‘Aon phrócaí eile fágtha ansin, a chroí?’
‘Níl, a Mhaim. An ndearna muid rúd ínteacht cearr ar Liam?’
 ‘Ní dhearna, a thaisce, ní dhearna muidinne rud ar bith cearr ar chor ar bith. Rud ar bith. ’Nois, domh aníos an  spaghetti,  a stór.’
‘Níl cead ag Maggie spaghetti a ithe nuair atá an gúna á chaitheamh aici. An bhfuil  spaghetti Protastúnach?’
‘Níl, a rún, ní bhíonn bia Caitliceach ná Protastúnach. Níl Mamaí Mhaggie ach ag iarraidh an gúna a choinneáil glan nuair nach bhfuil sé ar Mhaggie ach cúpla lá!’
Lig Lúlú osna dhomhain.
‘Dá mba agamsa a leithéid de ghúna chaithfinn é gach uile lá dá raibh mé beo.’
Bhí  Wendy ar a glúine, ag cur na bprátaí isteach sa chófra faoin doirteal. Chrom Lúlú isteach chuig cluas a máthara agus rinne sí cogar ann, ‘tá péarlaí ar na muinchillí aici!’
‘Caithfidh go bhfuil sí álainn ar fad.’ 
Chrúc Wendy méar tríd an eangach oinniún lena chur sa chuisneoir. Ón taobh eile de dhoras an chuisneora chuala sí guth beag:
 ‘...agus parasol. Sin scáth fearthainne, ach don ghrian. Tá sé bán, fosta, agus  rufa agus sequins airgid air. Agus lámhainní. Agus bróga bána. Agus stocaí bána. Agus caille.’
Ag brú na bpiobairí isteach i lámh a máthara, thairg sí di cromadh síos. Stán súile liatha Wendy isteach i súile liatha caointeacha. ‘An dtig liom caille a bheith agam, á Mhaim, le do thoil? Le do thoil, thoil, thoil?’
‘Seo, seo an rud a dhéanfas muid, a chroí, tá seanchúirtíní net sa gharáiste. Déanaimis caille as ceann acu sin, do bharúil?’
Lig Lúlú goldar lúcháire aisti.
‘Anois?’
‘Chan anois. Inniu Déardaoin, lá Girls’ Brigade. Nuair a gheobhas muid ar ais abhaile. Anois féin ba mhaith liom dá dtabharfá trasna an cháis, más é do thoil é, a Lúlú. Sin an ghirseach mhaith. Thig linn na cúirtíní net a chuartú nuair a bheas GB réidh.’
Thiomáin siad ar ais ón chor is ón chasadh ag GB, an carr ag déanamh a bhealach abhaile  síos, suas droimníní rollacha Ráth Fraoileann. Léim Lúlú amach as an charr le doras an gharáiste a oscailt dá máthair, agus rith sí isteach. Thosaigh sí a thochailt na cúirtíní net amach as na málaí plaisteacha dubha ar sheilf ann.
‘Ó, a Lúlú!’
Rinne Wendy draothadh gáire, ag breith ar sheanbhalcaisí liatha a d’eitil tríd an aer ionsuirthi.
 Tháinig Lúlú de sciuird ina ndiaidh, ‘Amharc air seo!’ a scréach sí, coróin phlaisteach ina glaic aici a d’oirfeadh do bhanphrionsa.
‘Tae ar dtús, tiara ina dhiaidh.’
Bhí muc ar gach mala ag Lúlú, ach ar feadh soicind, díreach. Bhí an choróin i bhfad Uladh ró-loinnireach le smut a choinneáil ar a haghaidh ar feadh i bhfad. Coróin suite ar a cuid  coirníní, thug sí faoi mháirseáil mhaorga mhall amach as an gharáiste agus isteach sa chistin.
A gcuid tae déanta acu, thóg Wendy agus Lúlú an bosca fuála amach. Gearradh an cúirtín net de réir mar a d’ordaigh Lúlú agus ghreamaigh Wendy leis an tiara é. Spréigh Lúlú a raibh i mbosca stáin amach ar an tábla, seanbhosca brioscaí Nollag,  lán d‘fhuíoll is d’fharasbarr fuála. Rannaigh Lúlú an cnuasach ina dhá charn – b’fhéidir agus bealach-ar-bith. Cnaipí breise do léinte scoile, do chótaí móra agus do gheansaithe sa bealach-ar-bith – bealach ar bith go raibh siad dlite don chaille. Chíor sí tríd an mholl bheag cnaipí ó ghúnaí agus ó bhlúsanna, bréad breise órshnáithe agus ribíní séagsúla, ar nós seodóra ag scrúdú tearcsheoda luachmhara.
Thaispeáin sí cnaipe mór órga dá máthair .
‘A Mhaim, amharc, an dtig leat é seo a fhuáil díreach anseo?’ ag cur a méar ar an láthair féin.
‘A Mhaim, tá na cinn sin le gabháil...anseo....’
‘A Mhaim, an dá chnaipe péarladacha…’
‘ ‘Nois seo dhuit an glé. Úsáid é do na  sequins agus an  bréad.’ arsa Wendy.
Chóirigh agus d’fheistigh Lúlú a caille go sona sásta. Rinne Wendy fútaráil fánach leis an charn bealach-ar-bith, na cnaipí ag titim trína cuid méara ar nós gainimh. Ghabh cnaipe mór donn sna méara aici, cnaipe sean-aimseartha leathair. B’fhada uathu an Nollaig anois, a mheas sí, agus b’fhada uaithi an teach lóistín ró-fhoirfe udaí i mBaile Raghnaill, leis an chuilt agus na cúirtíní Paisley, agus an bhábóg a stán amach ort a bhí ina clúdach don pháipéar leithris san en-suite. Nár bhreá le Liam an geansaí lámhdhéanta Árainn a fuair Wendy dó.
’Díreach ceart le dul amach d’oíche iascaireachta!’ a dúirt sé. Agus d’fhág sé ar leataobh é chun buíochas ceart a dhéanamh léi, ina bhealach féin.
Ghlan Wendy a sceadamán.
‘Am suipéara, a thaisce. Seacláid the agus cúpla  ginger nut?’
Ar ball, luigh Lúlú ina cnap codlata thuas staighre. Chuaigh Wendy amach go dtí an carr agus thóg léar mór cóipleabhar ar ais isteach léi. Shuigh sí ag an tábla sa chistin agus thosaigh sí ag treabhadh tríd aistí Spáinnise 2A. Scríob sí agus thiceáil sí agus nótáil sí sna cóipleabhair. Thug sí sracfhéachaint amach ar an fhuinneog ar an ghrian ag dul faoi ag bun na ngort. Spéir dhearg thiar... Dá leanfadh leis an dea-aimsir seo, bheadh an-lá ag Maggie agus ag a hiníon do na grianghrafanna.
 Bhris cling a fóin phóca ar an chiúnas. Léigh sí an t-ainm ar an scáileán agus mhoilligh a lámh ar feadh soicind sular fhreagair sí é.
‘Bhuel?’
‘A Wendy, a stór...’
‘Chan mé, a Liam, chan mise do stór. Níor mé ariamh.’
‘Tá mé fíorbhuartha. Cladhaire mé, níl mé in ann aon rud a rá nach gcuirfidh isteach ort –‘
‘Rud beag ró-mhall dó sin, nach bhfuil? Shiúil tú amach as seo maidin Déardaoin seo caite le gabháil a dh’obair. An ndearna tú dearmad a rá nach mbeifeá ar ais tráthnóna? Seachtain ghlan ó landáil tú ar mo thairseach? Bulaí fir, a Liam.’
‘Ní thig liom bheith leat. Tá mo chroí is m’anam á screadaíl  sin liom ó bhí–‘
 ‘No, a Liam, níl cead screadaíle ag do chroí ná ag d’anam. Scread Monica. Thug tú geábh sciotáin faoina sciorta arís. Bhuel, éist go cúramach, ormsa a thiteann sé screadaíl anois. Ach ní d’iarraidh ar ais atá mé.’
‘Thréig mé mo bhean céile is mo chlann Aoine an Chéasta le bheith leat.’
‘Muise, thréig tú do chlann? Sinéad Óg? Shíl me nár tháinig sí abhaile ón ollscoil don Cháisc, fiú. Séamus? Caidé mar atá an mháistreacht aige, dála an scéil?’
 ‘B’fhéidir go ndearna mé iarracht imeacht ró-luath. Tá cion agam go fóill ar Mhonica, ach cion iomlán éagsúil ón ghrá atá agam duitse atá – ‘
‘Bhuel, dar ndóigh, a Liam! Gach maidin Déardaoin, nárbh ea? Maidin amháin sa seachtain domhsa ach ar ais abhaile aicise gach uile oíche! Cinnte dearfa, déarfainn féin go bhfuil cúrsaí iomlán éagsúil.’
‘Is í mo bhean céile í, a stór, phós mé í go scara an bás sinn, má’s fearr, má’s measa.’
‘Is amhlaidh gur measa atá aici, cinnte.  Agus ná bac leis na  móideanna pósta a aithris, a Mhister Bainseacha agus Tórraimh, ba chuma sa tsioc leat fán chreideamh ariamh roimhe seo. Fágaimis an ‘is Caitliceach mé’ amach as seo, an bhfágfaidh?’
‘Tá grá domhain agam di, a thaisce, ach tá mé dúnta i ngrá leatsa chomh maith.’
 ‘Tá me chomh tuirseach, a Liam, chomh tuirseach. Stopann sé seo anois. Tabhair suaimhneas domh. Níl tú in ann í a fhágáil? Bhuel, halleluia. Ionracas sa deireadh. ‘
‘Níor aithin mé cé chomh tabhachtach is a bhí mo phósadh go dtí gur fhág mé í, a Wendy.’
 ‘Ach níor stop sé sin thú ó luí liom, ar ndóigh? Agus bréaga a inse domh faoi thodhchaí bheith againn? ‘
‘Chreid me go mbeinn in ann í a fhágáil, i ndáiríre, chreid.’
‘Tá tú a rá liom go raibh tú ag gabháil a fhágáil Monica ó casadh ar a chéile sinn ag na ranganna oíche!’
 ‘Tá mé buartha, tá fíorbhrón orm, a Wendy. Rinne mé iarracht, rinne me tréaniarracht.’
‘Lig mé isteach i mo theachsa thú, i mo theaghlach. Na gealltanais sin uilig a rinne tú liom ó chas muid ar a chéile ag na ranganna oíche sin, shíl mé go raibh siad tagtha i dtír. Ansin imíonn tú gan focal a rá. Sé lá gan focal uait. Fan le do bhean. Ná déan teagmháil liom arís.’
Mhúch sí an fón. Mura gcasfaidís ar a chéile an lá udaí ar na ranganna oíche, an amhlaidh gurbh fhearr di? An tráthnóna sin gur sheas sé siar ón bhuacaire uisce sa phasáiste, ligint di braon a ól. Agus gach maidin Déardaoin as sin amach, mar go raibh an bheirt acu féin saor. Saor. Gheall sé go mbeadh sé saor roimh i bhfad. Cúpla mí, a dúirt sé. Cúpla mí eile. A chuid páistí, a dúirt sé. Nárbh í an t-amadán. Trí bliana, dhá mhí, seachtain agus cúpla lá ó shin..
Agus bhí sí chomh cúramach Lúlú a choinneáil amach as cúrsaí. Ní raibh a fhios aici siúd gurbh ann do Liam go dtí gur landáil sé ag an teach an Aoine sin. Bhí Lúlú chomh tógtha leis, chomh sásta glacadh leis.
Chuir sí an meaisín nite soithí sa tsiúl. Ghlan sí an tábla. Chuala sí blíp ón fhón póca – bhí téacs tagtha.
Ni hig lom veh lat, a cri, ta nis mo na sin dualta dit.
Chaith Wendy an fón síos ar an tábla. Shuigh sí ag an charn cóipleabhar.  Marc dearg ní dhearnadh, áfach, peann ar luascadh óna méar. Stán sí ar an fhón ó am go ham. Trí bliana de ghealltanaisí imithe chomh furasta sin. Ar rith sé leis i ndiaidh an sé lá sa teach gurbh fhusa labhairt fá dhul a chónaí le fústairín fionn ar nós Lúlú ná é a dhéanamh go fírinneach? Í ag rúideadh isteach sa seomra leapa gach maidin ar a sé a’ chlog? Subh ar nótaí léachta, anlann tráta ar mhéarchlár ríomhaire? Léigh sí an téacs athuair. Scrios é. Gan crith ina láimh. Thosaigh sí ar ais a cheartú obair bhaile 2A.
Bhí Wendy díreach ag ceartú iarracht Rebecca Jarman ar an aimsir fháistineach nuair a bhlípeáil téacs eile.
Ta iarracht i ne iarracht deanta am. Dag me mo chlann dit mar sin a vi de yi ort
An blagard, dar léi, is ormsa an locht anois gur fhág sé a bhean céile? sin a vi de yi ort ? Níor stop sé ag suirí le Wendy le trí bliana anuas ar mhaithe lena bhean. Ní fhaca Wendy ariamh é ag rith amach as aon óstán suarach inar stop siad ó am go chéile chun éisteacht le haifreann. Ní -.
Fiú sula bhfuair sí seans an téacs a scriosadh, tháinig blíp eile. Léigh sí an tríú téacs:
Má ligeann 2 dom, verfi me liom amarach aon rud a dag me sa teach. Co buartha, a chri, co feargach agus nairi gur ghortai me 2
No way, José. Ag sá rolla málaí dubha bruscair faoina hascaill, suas staighre léi go beo. Tharraing sí culaith dhorcha agus cúpla léine úrnite  ón vardrús sa seomra leapa agus chaith sí ar an leaba iad. Lean stocaí, fobhríste agus veist iad, teilgthe amach ó tharracán. Sciobadh an geansaí leis na cnaipí donna leathair ó chúl cathaoire agus caitheadh trasna é. D’fháisc Wendy isteach i málaí dubha iad. Thóg sí bosca caol clúdaithe le leathair mín, dearg amach ó chófra. Nollaig Shona. Sa seomra folctha, rug sí ar a scuab fiacla,  rásúr agus sobal bearrtha. Ag oscailt fuinneoige, rop Wendy na málaí amach chuig an gháirdín cúil thíos fúithi.
 Landáil Liam ar a tairseach an oíche sin le cás, mála cultacha, cás slait iascaireachta agus stólbhosca iascaireachta  lena threalamh iascaigh ar fad istigh ann. An méid a bhí sé in ann a iompar. Luigh an cás agus an mála cultacha go fóill ar an leaba shingil sa seomra leapa beag i gcúl an tí. Go dtí go mbeadh faill aige iad a fholmhú i gceart, a dúirt sé. Sacadh  amach as an fhuinneog iad go dtí an talamh thíos fúithi. Agus an mála cultacha is na slait iascaireachta ina dhiaidh. Bhí an stólbhosca iascaireachta ar an chairpéad ansin. Trom. Tríocha bliain ag bailiú ríleanna, duáin, tromáin, sclóinte agus bleaindithe. Á iompar go hamscaí, thug sí mearghliúcaíocht isteach i seomra leapa Lúlú agus í ag gabháil thar bráid. Srannadh íseal séimh. Rinne sí a bealach ciúin síos staighre lena lasta agus amach léi go dtí an gáirdín cúil.
Ag sciobadh na málaí plaisteacha ón talamh, cuireadh ina moll sa choirnéal thall den gháirdín iad, in éineacht leis an tácla iascaireachta. Bhailigh sí lastóirí tine agus beart shean-nuachtán ón chistin. Agus buidéal fíona. Súimín ar shlogóg ón bhuidéal, d’fhadaigh sí an tine.  Slogóg ar scáilléad, d’fholmhaigh sí na málaí amach ar na lasracha. Lig an geansaí ollainn giosáil, ag imeacht ina bhladhaire ghorm. Thiontaigh bosca caol na bpéarlaí ó dhearg go dubh, an leathair ag tiontú isteach air féin leis an teas. Léim splancanna gasta ó na bróga reatha. Tharraing sí bloic adhmaid don teallach sa seomra suí amach as an gharáiste. Chuir sí leis an chraos bladhmach iad, an t-adhmad tirim ag loscadh go gangaideach. D’fholmhaigh sí a raibh istigh sa chás sa mhullach ar an chumasc. Shuigh sí síos ar an bhosca iascaireachta folmhaithe, an méid a bhíodh ann dóite anois, tarracán ar tharracán, caite leis na lasracha. Duáin daite ag imeacht ina splanc roimh an teas,  bleaindithe plaisteacha ag sileadh agus ag séideadh a dtoit ghéar tríd an oíche dhorcha, chiúin.
Nuair a bhuail fuacht oíche Aibreáin í sa deireadh, d’fhill sí ar an chistin. Thóg sí an chaille a chuir a hiníon le chéile le dua an tráthnóna sin. Leag sí ar a cloigeann í. Scrúdaigh sí an fháithim de chnaipí loinnireacha, gealra gléite agus bréad órshnáithe de chuid Girls’ Brigade. D’fhág sí an chaille ar ais ar an chathaoir agus rinne sí fútaráil ina póca. D’aimsigh sí a fón. Bhrúigh sí na cnaipí agus d’fhreagair sí an téacs deireanach:

Amárach ro-mhall. Twelfth tagtha luath i mbliana.


© Réaltán Ní Leannáin