Showing posts with label breithlá. Show all posts
Showing posts with label breithlá. Show all posts

Thursday, 31 January 2013

Bridget


http://www.youtube.com/watch?v=Lyhdib1mXAo
Nuacht 24
Cormac Ó Donnaghaile i mbun oibre

Rugadh mo mháthair i Mí Feabhra, agus ní hionadh gur  'Bridget' a báisteadh uirthi. Agus mo dheirfiúr Bríd, níl aon duaiseanna á mbronnadh as tomhais cá luíonn a breithmhí. Breithmhí shona don bheirt acu. 

Agus mar a luaíonn Áine Durkin, cuir amach na bratacha anocht chomh maith leis na crosóga. Ní hiad na bratacha seo:
https://www.facebook.com/chuckyurlar

ach na bratacha seo:

Saturday, 8 December 2012

Breithlá sona dom, ar an iomlán



Tá mé 52 inniu. B'shin an fáth leis an ainm neamhghnáth - réalt na mara, Stella Maris,  féile eaglasta ag Muire inniu. Bhí Mary amháin sa chlann romham cheana, agus chuaigh mo mháthair i muinín ainm eile, mar sin, a bheadh bainteach leis an naomh. Bhí an t-ádh dearg liom, ar ndóigh, nach 'Concepta' nó 'Immaculata' ar chinn mo mháthair orthu.

Le cúpla lá anuas bhí mé ag dul siar ar na deascéalta agus na drochscéalta a bhí agam le tamall anuas. Tagann maith agus olc le gach scéal, ar ndóigh, agus tá mé buíoch, ar an iomlán, agus mé ag ríomh na mblianta.

Tá mé beo. Ní fhéadfaí glacadh leis sin cúig bliana ó shin. Bhí ailse orm, bhí histireachtóime agam agus leanann limféidéime mé i dtólamh. Ach tá mé beo agus sláinte réasúnta agam, agus glacaim le gach lá mar bhónas. In amanna bím cantalach faoi na rudaí atá mo chrá ach ansin cuimhním nach beo a bheinn ach faoin fhód (nó sa mhias luatha) dá mba rud é gur sna caogaidí a rugadh mé in ait na seascaidí. Tá an gloine leathlán.

Tá cairde atá básaithe ón ailse le cúig bliana anuas. Cuimhním ar Anne Hand, iardhalta as Ollscoil na Ríona, a fuair bás i mbliana. Maria Nic Lochlainn, chomhghleacaí as Doire. Cara i nDún Dealgan, Majella. An triúr acu seo chomh gealgháireach leis na feileacáin. Cuimhním ar m'athair chleamhnais, Fiachra, fear mór téagartha ar bhuail an ailse air. Mick Boran, fear séimh de chomhmhúinteoir a fuair bás tobann ag faire ar a chlann mhac.  Don, Linda agus Carol, uilig go léir ag obair sa scoil chéanna liom in éineacht le Mick. Ach tá cairde eile ar gabhadh iad ag ailse agus a tháinig amach slán in éadan gach a bhí á thuar daofa. Maria, as Contae an Dúin, ar tugadh sé mhí di, cúpla bliain ó shin anois.  Tá cairde i ngleic leis an ailse faoi láthair, agus muid ag famacht is ag leanstan leis an saol ó lá go lá. Tá an gloine leathlán.