Showing posts with label Sinn Féin. Show all posts
Showing posts with label Sinn Féin. Show all posts

Wednesday, 28 November 2012

Oíche fhuar fheannaideach


Bhí mé ag obair anocht go dtí a naoi, agus bhí sé leathuair tar éis a naoi faoin am ar shroich mé an Dáil. Bhí agóid ar siúl agus bhí mé ag iarraidh bheith ann. Rinneadh díghuthú ar dhaoine nár aontaigh le seasamh ceartchreidmheach an stáit in éadan an ghinmhillte le blianta fada anseo. Ach athghuthú atá faighte ag daoine anocht. Oíche dhuar fheannaideach a bhí ann ach bhí scaifte ann agus iad ag béicíl in ard a ngutha - mar a bhí roimhe - óg agus aosta, fir agus mná. Agus Gardaí le súil a choinneáil ar chúrsaí. Léar mór Garda.

Agus na polaiteoirí? Tháinig Eric Byrne ón Lucht Oibre amach ach d'imigh sé ina rith ar ais isteach sa Dáil mar b'fhuaire an fháilte a bhí roimhe ná an oíche seaca féin. Ag imeacht leo amach an doras cúil leo, ar ndóigh, mar theachtaí. Ach ba leor nach raibh siad ag iarraidh theacht agus labhairt linn. Léirigh sé go dtuigeann siad go bhfuil cás le freagairt.

Ach amháin seanadóir ó Shinn Féin - agus dúradh linn cead a chinn a ligean leis mar gur le Sinn Féin é. Ní thuigim sin. Port eile ar fad atá ag Sinn Féin ó thuaidh ar an toipic seo - seasann siad gualainn le gualainn leis an DUP in éadan Marie Stopes agus a leithéid sa stáitín sin. Séideann siad leis an ghaoth ar an cheann seo ó dheas, is léir. Briseann an dúchas Caitliceach amach ó thuaidh ach tuigeann siad go bhfuil athrú ag teacht i réim i meon na ndaoine anseo?