Showing posts with label léirseoirí. Show all posts
Showing posts with label léirseoirí. Show all posts

Tuesday, 2 October 2012

Maidrid arís


grianghraf le Hugo Atman

'!!TRANQUILO YAGO, TE PONDRÁS BIEN!! #25S'
'Tóg go bog é, a Yago, beidh tú maith go leor.' an teideal atá ar an ghrianghraf thuas.
Seasann 25S don dáta a bhí mar fócas ag na léirseoirí i Maidrid, 25ú Meán Fómhair.



Tá a fhios agam go bhfuil mé ag leanstan an phoirt seo le cúpla post anuas, ach níl na rudaí seo ag teacht amach ar na meáin oifigiúla mar a tharla sa Ghréig cúpla blian ó shin. Seo postáil ó Facebook, ó shuíomh darb ainm 'República Espanola'. Tugann an teideal sin leid dúinn go bhfuil an t-údar/na húdair frith-rialtas  - ní poblacht í an Spáinn, tá Rí agus teaghlach ríoga acu - ach ina dhiaidh sin is féidir linn an méid a scríobhtar a ghlacadh ar bord de réir mar is mian linn.





La manifestación había transcurrido sin incidentes de mención hasta ya anochecido los ánimos se fueron caldeando y empezaron las cargas policiales. 

'Chuaigh an feachtas poiblí ar aghaidh gan trioblóid go dtí gur thit an oíche nuair a theasaigh rudaí agus rinne na péas ionsaí '

Tugann sé m'óige ar ais chugam, i mBéal Feirste sna seachtóidí. Tá Béal Feirste ag teacht chuige féin go fóill i ndiaidh na mblianta sin, agus bealach fada le dul go fóill. Caidé mar a thiocfas an Spáinn as seo? Tá siad ag déileáil le hoidhreacht Chogadh na mBráthar ann go fóill, ó na tríochaidí. Agus anois, é seo.