Showing posts with label flichshneachta. Show all posts
Showing posts with label flichshneachta. Show all posts

Sunday, 2 March 2014

Lá na Seacht Síon



Briseadh agus scíste an deireadh seachtaine seo caite. Ach bhí an foirgneamh sean agus leagan amach ait ar an seomra againn. Bhuail an pairtnéar a chloigeann in éadan an tsíleáil gach uair a d'éirigh sé ón leaba.



Fadhb eile ar fad a bhí agam féin...

Cnoc Fhiodh na gCaor i bhfad uainn
Agus seo an radharc a bhí le fáil ón chathaoir sin - idir na ceathanna báistí agus flichshneachta is clocha sneachta. Bhí slintheacht agus gleidearnacht ann, géarbhach agus garbhadas, díle is díonta.

Lá na Seacht Síon, Márta ina glóir.

Wednesday, 8 June 2011

drappin' the shappin'


Inné i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath. Mí an Mheithimh. Fuacht, flichshneachta, gaoth, grian - iad uilig in aon lá amháin. Agus mise gan carr mar gur sciob an iníon é.

Chuaigh mé isteach in Boyers. Bhí tasc ar leith agam. Fo-éadach nua don mháthair (86) a cheannach. Is é Boyers an t-aon áit fágtha i mBéal Feirste nó i mBaile Átha Cliath a choinníonn na baill éadaigh áirithe seo, 'stays', mar a bheirtí orthu fada ó shin. Agus ba mise an bhean leis an mhisean.

Gnoithe déanta, shiúil mé go stad an bhus, ag triall suas Sráid Uí Chonaill. Stopaithe ag na céanna le flichshneachta trom agus gaoth mhór, a bhris mo scáth fearthainne, a bhaist mo bhróga, mo bhríste, mo ghruaig agus nach ndearna mórán maitheasa do na málaí páipéir le 'Boyers' scríofa orthu. Fliuchfliuchfliuchfliuchfliuch! I ndiaidh tamaill, mhaolaigh an flichshneachta agus ar aghaidh liom go dtí stad an bhus.

Tháinig an bus. Trí stad amach an bóthar, áfach, d'fháisc mé na málaí chugam mar bhí bean eile fhliuch bháite ag iarraidh suí taobh liom. Ba ag an phointe sin go bhfaca me go raibh ceann de na málaí i ndiaidh titim as a chéile leis an fhliuchas a fuair sé, agus go raibh an tóin titithe as an mhála. Agus fo-éadach Mamaí leis. €58.

Síos liom go dtí an tiománaí, na mionnaí móra os íseal agam. Thuirling mé ag an chéad stop eile. Thrasnaigh mé an bóthar. Fuair mé bus ag gabháil siar an bealach arís (nár mhéanair domh na ticéidí-90-bomaite-bus bheith agam?).

Ar ais ag stad an bhus 'amach an bóthar', ní raibh tásc ná tuairisc den bhosca ar an chasán. Bhí úinéir siopa bharbóra amuigh a a dhoras-sa, ar ndóigh, ag caint ar fhón póca agus ag baint sult as an ghrian a bhí i ndiaidh teacht amach leis an fhliuchas a thriomú.
'Gabh mo leithscéal...' arsa mé
'Dicks?' ar sé
'???'
'Philip K Dicks?' ar sé arís
'Ní hea'
'Ó. ' Chuir sé an fón ina phóca agus d'fhéach sé idir an dá shúil orm. Bhí a fhios agam ansin go raibh mo bheart ina bhriathar.
''Bhfuil aon seans gur tháinig tú ar bhosca fo-éadaí mná díreach cúpla bomaite ó shin?'
'Á! Gabh isteach! Gabh isteach!' agus tharraing se isteach sa siopa mé, siar thar na cathaoireacha barbóra agus na scátháin agus na tuáillí.
'Seo, seo,' ar sé, 'b'é seo é?', agus aoibh air, ag tairiscint an bosca Playtex ionsorm, táis go fóill ó bheith ina luí ar an tsráid ach glan go leor istigh.
Léim mo chroí. €58 eile agus siúil eile sábháilte orm!
'Go raibh míle maith agat!' a gháir mé, agus thug mé barróg don fhear céanna.
'Bhí mé ag gabháil a choinneáil, lena thabhairt do Mhay.' a dúirt se liom, go leithscéalach, 'tháinig mé ar an bhosca nuair a ghliúc mé amach an doras i ndiaidh na fearthainne.'
D'fhéach mé air agus dea-spion orm.
'Ó, yeah? Dhera, 'May' mo thóin, a chroí! Duit féin a bhí tú á choinneáil! Treat beag le cur ort féin anocht!'
Agus bhris muid beirt amach ag gáire.

Do na fir -
Má bhíonn fear ar bith i mBaile Átha Cliath ar thóir bhearradh gruaige, tá craic le fáil in The Dublin Barber Shop ar na céanna, taobh le stad bus an 25A.