Showing posts with label leabhair. Show all posts
Showing posts with label leabhair. Show all posts

Monday, 27 July 2015

An leabharchiste


Shíl mé go raibh deireadh réitithe, roinnte de chuid leabhar m'athair chleamhnais. Bailte báúla faighte, deireadh dáilithe, altramas socraithe ar na leabhair uilig go léir. Ach bhí mé ag glanadh amach coirnéal dorcha den chistin (sibhse a bhí i mo chistin tuigeann sibh go dtig le rudaí bheith i bhfolach in go leor áiteacha dorcha ann) agus tháinig mé ar an bhosca thuas. Bhí sé ag feidhmiú mar thábla beag faoin tábla mór... Shíl mé go raibh sé folmhaithe agam. Ní raibh.


In amanna, creidim go bhfuil dia beag na leabhar agam, à la Terry Pratchett, a ghineann leabhair bhreise domh le mo chuid ama a mheilt in áit glanadh agus cóiriú agus bean-a'-tí-áil mar a ba cheart dom a dhéanamh ach nach ndéanaim (duine ar bith a bhí i mo theach, tuigeann sibh é seo).

Thosaigh me a thochailt sa bhosca miotail.

óóó.....

mmmmm....

hahahahahahaaaaa...

yeah, roight....




Beidh siad le dáileadh.