Showing posts with label Béal Átha na Slua. Show all posts
Showing posts with label Béal Átha na Slua. Show all posts

Saturday, 24 May 2014

Gearrscéal



Tá an-chuma ag teacht ar an bhlag seo, http://gearrsceal.wordpress.com/, agus soláthar a dhéanamh aige ar fhoilsitheoireacht sa Ghaeilge ar líne. Creidim go bhféadfadh leis an suíomh seo bearna mhór a líonadh.

Níl mórán ar fáil saor in aisce ag Comhar ná ag An tUltachFeasta ar líne. Mór an trua é. Tá daoine cleachtaithe le hábhar bheith  ar fáil ar an idirlíon sa lá atá inniu ann.Saothraíonn foilsitheoirí ar líne airgead ó bholscaireacht agus ó fhógraíocht.Chan ó dhíolachán síntiúisí. Sin an domhan a bhfuil muid beo inti. Agus ós rud é go bhfuil na hirisí thuasluaite beo ar mhaoiniú stáit, ní fheicim fáth ar bith nach ndéanfáidís amhlaidh agus a gcuid ábhar a chur ar fáil in aisce don domhan mhór. Bímis macánta. Níl pingneacha móra, beaga ná rua le saothrú as bheith ag scríobh as Gaeilge. Cén fáth a mbeimis ag iarraidh síntiúisí as rud atá curtha ar fáil ag deontaisí rialtais in earnáil nach mbíonn síntiúisí ann? 

Tá deireadh curtha le Gaelport. Mór an chailliúint é. Ach creidim gur cor nua atá anseo i bhfoilsitheoireacht agus i gcur chun cinn na Gaeilge. Molaim iad, Craobh Grealláin Chonradh na Gaeilge i mBéal Átha na Slua, as an áis seo a chur ar fáil.