Showing posts with label praghas drugaí. Show all posts
Showing posts with label praghas drugaí. Show all posts

Thursday, 12 December 2013

Gol nó gáire?




Cheannaigh mé mo phiollaí hormóin inné, piollaí atá le tógáil ar feadh cúig bliana - agus in amanna, ag daoine eile ar feadh a saoil. Chosain an bosca céanna beagnach dhá chéad euro (don mhí) ach leis an scéim drugaí i nDeisceart na hÉireann ní ghearrtar ach uasmhéid de 144 euro orm in aghaidh na míosa. Rinne mé an druga céanna a fhiosrú ó thuaidh ach ní raibh móran sa difir agus ní fiú iad a cheannach ansin.

Inné, chosain an bosca thuas 122 euro. Ísliú 70 euro, a bheag nó a mhór. An tríú cuid den phraghas bainte de, a bheag nó a mhór.

 Wúhú, arsa mé fein liom féin.
Agus ansin...chuimhnigh mé ar an airgead a bhí caite agam féin agus ag daoine eile mar nach raibh na poitigéirí ná na húdaráis sláinte gníomhú ar ár son níba luaithe. 

Gol nó gáire?


Wednesday, 16 January 2013

Praghas drugaí



Tá litir fhada chasta ó phríomhoifigeach an IPHA (Irish Pharmaceurical Healthcare Association) san Irish Times an Luan seo caite (14 Eanáir 2013), ag míniú cén fáth an bhfuil costas drugaí chomh daor sin. Déanann sí cás maith. Agus chreidfinn í, ach gurb é go raibh mé in Tenerife na Spáinne thar an Nollaig.

Ní rabhamar ann lá amháin, fiú, an céile is mé féin, nuair a chuimhnigh sé nár chuimhnigh sé ar cúpla druga a thógann sé anois is arís. Caithfidh sibh a chur san áireamh go ndéanann Sé Féin pácáil do thuras taobh istigh de thríocha soicind. Ní nach ionadh go mbíonn nithe fágtha ar lár aige. An t-aon ionadh atá orm ná go mbíonn a phas leis ag an aerphort.

Chuamar a lorg cúpla rud a bhí de dhíth air, mar sin, an Lá grianmhar Nollag féin. Bhualamar isteach chuig an phoitigéir agus mhíníomar ár gcás (idir mo chuid Spáinnise agus a chuid Béarla ní raibh fadhb ar bith againn), ná drugaí a bhí iontu a fhaightear anseo in Éirinn le hoideas dochtúra.

Fadhb ar bith. Thar an chúntar. Ní raibh ceann amháin acu (an branda féin) ach an ndéanfadh an leagan cineálach cúis? Dhéanfadh, cinnte. Agus ansin tháinig an bille. Fiche euro. €20.  Rinneamar gáire os ard. Agus ansin mhíníomar don phoitigéir a bhí ag stánadh orainn go gcosnódh an leigheas céanna céad euro (€100) sa bhaile. Níor mhíníomar go gcaithfimis freastal ar an dochtúir chomh maith ( €55) le hoideas a fháil.

LoSec i mBaile Átha Cliath le hoideas: €50 
Leagan cineálach de LoSec sa Spáinn thar an chúntar: €2 

An t-análóir asma i mBaile Átha Cliath le hoideas: €50
An t-análóir ceanann céanna sa Spáinn  thar an chúntar: €18


Airgead iomlán sa Spáinn: €20
Airgead iomlán in Éirinn, cuairt dochtúra san áireamh leis an oideas a fháil: €155

Mar nóta: níor thairg aon phoitigéir in Éirinn leagan cineálach de LoSec dúinn ariamh.