Showing posts with label Lá Idirnáisiúnta na mBan. Show all posts
Showing posts with label Lá Idirnáisiúnta na mBan. Show all posts

Friday, 23 March 2018

Na mná, 2018


Bliain eile, mná eile. 

Caitríona Ní Chléirchín (pic via Aifric Mac Aodha)
Ní gá mórán a rá faoi Chaitríona, bean Mhuineacháin atá ag léachtóireacht le hOllscoil Chathair Átha Cliath. Cnuasach agus duais go leor faoina hascaill aici!

Lara Sunday (pic via Aifric Mac Aodha)
Tá Lara ag scríobh i mBéarla leis na blianta. Anois go bhfuil sí ag foghlaim Gaeilge le Turas Eile agus ag scríobh tráchtas máistreachta faoina turas pearsanta féin sa teanga, tá sí ag scríobh i nGaeilge chomh maith.

Milène Fegan (pic via Caoimhe Ní Chathail)
D'ardaigh Milène Fegan an fuinneamh sa seomra lena slamdán, 'Obair'. Glún nua, stíl nua ach stíl a leanann oidhreacht an fhile - filíocht labhartha, amuigh i lár an urláir, muiníneach, glórach. Bhí líne amháin sa dán a raibh Milène neirbhíseach faoi, 'cunt-as-óir'... ach tháinig an slua léi.

Agnes Ní Cholla (pic via Aifric Nic Aodha)
Ní raibh Máire Dinny Wren in ann bheith linn ar an oíche. Tá cúraimí uirthi agus in ainneoin a míle dícheall chun socruithe a ullmhú don ócáid, tháinig cúpla rud aniar aduaidh ar chúrsaí agus bhí uirthi na pleananna taistil a chur ar ceal. Cúram - ceann de na cúig c-anna a mbíonn mna ag dul i ngleic leo i rith a saoil. Ach sheas a col ceathrar ar an ardán ina háit, Agnes Ní Cholla, agus líon sí an bhearna. Léigh sí scéal Mháire, 'Scáile Dheirdre', go cumasach, paiseanta. 

Edel Ní Bhraonáin (pic via Áine Durkin)
Bean óg eile a sheas an fód an oíche sin ná Edel Ní Bhraonáin. Tá súil againn go bhfeicfidh muid tuilleadh ábhair uaithi amach anseo. 

Anna Heussaff agus Mícheál Mac Donncha (pic via Aifric Mac Aodha)
Leath ama. Speech ó Mhícheál Mac Donncha, an tArdMhéara i mbliana, fear a bhronn beár saor in aisce orainn, maraon le bia i rith na hoíche. Mar a tharla, ba é breithlá an ArdMhéara é ar an lá céanna. Bhí Bean a' Tí Anna Heussaff in ann bronntanas a bhronnadh air siúd. Ár mbuíochas leis. 

Cvetka Bevc & Áine Ní Ghlinn (pic via ... cé a chuir an pic seo chugam?)
Tháinig Cvetka Bevc anall ón Slóvéin don lá. Is lá an-speisialta é sa Slóvéin, níos tábhachtaí ná Lá na Máthar a tháinig cúpla lá ina dhiaidh. Léigh sí cúpla véarsa as cúpla dán, léigh Áine Ní Ghlinn leagan Gaeilge de na véarsaí céanna. Mar a deir siad thall sa Slóvéin, Solidarnost!

Dáire Ní Chanáin (pic (via Áine Durkin)
Las Dáire Ní Chanáin an seomra lena haoibh, agus lena dán, 'Thug tú cead dó'. Is féidir an dán a léamh ANSEO ach is í Dáire lena hoscailteacht is a hionraiceas a chuir an seomra ina thost leis. 

Áine Durkin (pic via Aifric Mac Aodha)
Tá an focal adultery agus an scéal thart air i mo chloigeann fós, a Áine ...

Aifric Mac Aodha (pic via Aifric Mac Aodha)
Tá teacht ar shaothar Aifric ar fáil go forleathan.  Chuir sí críoch leis na léamha, agus ansin chuir Anna Heussaff clabhsúr oifiigiúl leis an chuid oifigiúil den oíche. 


Fionn Ó hAlmhain agus Tara Viscardi (pic via Aifric Mac Aodha)
Bhí tuilleadh bi is dí againn, maraon le ceol ó Tara agus Fionn, go dtí gur caitheadh amach muid. 






Míle buíochas leis an ArdMhéara, Mícheál Mac Donncha as a bheith fial flaithiúil in óstáil na hoíche. Fosta, buíochas le hAnna Davitt i bhForas na Gaeilge, le Ciste Sheachtain na Gaeilge agus le hOireachtas na Gaeilge as an tacaíocht airgid a chuir siad ar fáil







Tuesday, 26 January 2016

Dáta don dialann



8ú Marta. 
Lá Idirnáisiúnta na mBan. 

Ón uair gur bhuail mé isteach chuig mo chomharsa agus gur tharraing mé í féin agus a deirfiúr amach as a dteach siúd agus isteach i mo cheannsa le buidéal Cava a oscailt in onóir an lae agus gan a fhios acu go raibh a leithéid d'fhéile ann, tá mé ag déanamh rud éigin beag lena cheiiúradh ó shin. Takeaway Síneach, gloine fíona, scannán gur mhaith liomsa a fheiceail - 'no, ní thig libh an yokey a thógail, tá Mamaí ag amharc Air Seo'.
Críona Ní Dhálaigh, ArdMhéara
Chan i mbliana. Ní bheidh an ceiliúradh beag i mbliana. Bhí mé ag ócáid i dTeach an ArdMhéara roimh an Nollaig leis An Pholaiteoir agus mar a tharlaíonn, bhí mé ag caint leis an ArdMhéara. Ach ar ndóigh, tá seanaithne agam ar an ArdMhéara áirithe seo, ón aois réamhpholaitíochta. Críona Ní Dhálaigh, Gaeilgeoir agus bean le croí mór maith i bhfad sular tháinig polaitíocht isteach sa saol ag ceachtar againn.

Tá an croí mór maith aici go fóill. Níor theip air sin. Luaigh sí an oíche sin roimh Nollaig gur bhreá léi rud éigin Gaelach a chur ar fáil do phobal Átha Cliath ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. Chuir sí an dáta in airithe sa dialann aici. Tháinig sí ar ais i dteagmháil. Tá an Seomra Darach ar fail, tá soláistí ar fáil. Agus anois, tá scríbhneoirí ar fáil.

Coinnígí an dáta sa dialann agaibh féin. 8ú Marta. Ag tosú ar a seacht trathnóna, ar an bpointe. Beidh daoine ag léamh.

Caithfear a rá, chuir gach scríbhneoir a h-ainm chun tosaigh sula raibh aon phingin airgid ar fáil daofa. Bhí siad sásta an t-áiméar a chur sa
dialann gan an phingin rua féin a bheith san aireamh. Tá mé impressed. Tá maoiniú faighte ó shin do na scríbhneoirí ó IMRAM - buíochas mór ag dul daofa siúd.



Éilís Ní Dhuibhne Almqvist
 Úrscéalaí, drámadóir, scoláire í Éilís Ní Dhuibhne. Os cionn 25 leabhar foilsithe aici, idir úrscéalta, gearrscéálta, agus ábhar taighde. Múineann sí Scríbhneoireacht Cruthaíoch i gColáiste na hOllscoile, BÁC. Ball de Aosdána agus Ambasadóir d'Áras na Scríbhneoirí.

Áine Ní Ghlinn

Scríbhneoir agus file í Áine Ní Ghlinn a bhfuil 26 leabhar scríofa aici.  
Dhá leabhar eile do pháistí ag teacht go luath - Hata Zú Mhamó (Cois Life) agis Hata Oisín (LeabhairCOMHAR).
Celia de Fréine
Is file, drámadóir, scriptscríbhneoir agus aistritheoir í Celia de Fréine. Ocht gcnuasach filíochta atá foilsithe aici go dtí seo. Is iad Cuir amach seo dom : riddle me this (Arlen House, 2014), Blood Debts (Scotus Press, 2014) agus A lesson in Can't (Scotus Press, 2014) na leabhair is deireanaí óna peann.
www.celiadefreine.com


Anna Heussaff
Úrscéalaí í Anna Heussaff. I measc a cuid saothar tá Bás Tobann (Cois Life, 2004) agus Buille Marfach (CIC 2010), leabhair bhleachtaireachta, agus  Hóng  (2013), leabhar ficsin do pháistí. Tá leabhar nua bleachtaireachta amuigh aici le deireanas, Scáil an Phríosúin (CIC 2015)


Éilís Ní Anluain

Eilís Ní Anluain, colúnaí ó am go chéile ar an Irish Times, eagarthóir le Ainm.ie, eagar curtha aici ar Aghaidheanna Fidil agus Púicíní le Muiris Mac Conghail (An Clóchomhar, 2009) agus Creidim Fós agus Aistí Eile le Eoghan ó hAnluain (LeabhairComhar, 2013); agus údar an úrscéil, Filleann Seoirse (Leabhar Breac 2011)

Réaltán Ní Leannáin
Blagadóir, scríbhneoir. Údar 'Turas Ailse' (Coiscéim) agus 'Dílis' (Cló Iar-Chonnacht)

Áine Ní Mhaoldomhnaigh-O Driscoll
Aisteoir, Stiúrthóir, Moltóir, Stiúrthóir Ealaíne an Damer.Léirmheasanna scríofa agus curtha i láthair ar an radio do dhrámaí ag an Project, an Focus, Amharclann na Mainistreach, Amharclann na Peacóige, Amharclann De hÍde, Amharclann an Geata. An Olympia, chomh maith le léirmheasanna do Féile Amharclainne Baile Átha Cliath.
Gearrscéalta, altanna agus léirmheasanna i Feasta,  altanna i  Sunday Miscellany.

Agus beidh ceol curtha ar fáil - arís, ag an phointe seo, ar bhonn deonach - ag Fionn Ó hAlmhain agus Michael Martin (an ceoltóir, chan an polaiteoir)
Fionn Ó hAlmhain

Wednesday, 25 February 2015

Lá na mBan



Bíonn Nollaig na mBan againn, nuair a chuireann mná a gcosa in airde ar stól le scíste a ghlacadh i ndiaidh dua na Nollag - réiteach bi, soláthar dí agus na rudaí éagsúla a bhaineann le tréimhse saoire. Ach gurb annamh a bhíonn saoire ag bean, seachas má thógann sí saoire in óstán, gach rud curtha roimpi gan lámh le hardú ach chun tuilleadh tae a iarraidh. Léiriú ar ár sochaí a chuir freagracht tí ar chineál amhain - go hoifigiúil, ar ndóigh, sa bhunreacht - agus a choinníonn an deighilt seo greannta sa bunreacht inniu féin.

Seo chugainn roimh i bhfad Lá Idirnáisiúnta na mBan. Ceiliúradh ar na buanna uilig atá ag mná an domhain. Cluinfimid go leor firmhínitheoirí ag gearáin 'cén uair a mbeidh ár lá-sa  againn, mar fhir?' Freagra: 365 lá sa bhliain, de réir na staitisticí.

Beidh cúpla rud ar siúl an t-ochtú lá de Mhárta seo ag teacht. Beidh mé féin le scata ban a bheas ag ceiliúradh bliain eile ag an Fhéile PanCheilteach ar an oíche Shathairn sin, An mhaidin i ndiaidh na hoíche roimhe ag an chomórtas amhránaíochta de chuid na hÉireann, tá mé cinnte go mbeidh craic againn. Ceatharlach. Bí ann! Ó, ó, ó...mo chloigeann bocht.



Má tá fonn ort tabhairt amach faoi ghné ar leith den saol beidh fáilte romhat seasamh ar an bhosca oráiste agus do racht a ligint ag ócáid an NWCI. Ar aghaidh leat!

Beidh siamsaíocht ar siúl ag IMRAM in McGrattan's i mBaile Átha Cliath. I measc na bhfilí beidh Celia de Fréine, Biddy Jenkinson, Aifric Mac Aodha, Dairena Ní Chinnéide, Caitríona Ní Chléirchín, Nuala Ní Dhomhnaill agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh. I measc na n-amhránaithe beidh Síle Denvir, Máire Ní Choilm agus Máiréad Ní Oistín.


Saturday, 8 March 2014

Lá Gach Ban

http://www.loc.gov/pictures/resource/fsac.1a35371/


Inniu Lá Idirnáisiúnta na mBan!


Inniu Lá Idirnáisúnta na mBan. Chan Lá do Mháithreacha, lá a cheilúrann torthúlacht (sa chianaimsir), agus sna céadta níos gaire dúinn, lá saor do sclábhaithe ban sna tithe móra, seans acu cuairt a thabhairt abhaile, císte faoina n-ascaill acu mar mhacalla ar an lá sin.

Chan Lá do Naomh Amháin, athcheilúradh arís ar an torthúlacht bhanúil, ar an chumas ginte.

Chan Lá Scíste i ndiaidh na Nollag, i ndiaidh bia a réiteach is a chóiriú is a chur ar an tábla do scaiftí na féile a mhaireann i bhfad rófhada na laethe seo!

Ní hea. Seo Lá na  mBan. Mná de gach aois agus gach saghas. Mná óga, mná meánaosta, seanmhná. Agus níos tábhachtaí ná sin arís, seo féile do mhná a cheiliúrann a gcumas oibre chomh maith, seachas a gcumas ginte. Ní hé go bhfuil mná ag séanadh a nádúir, ach tá siad ag cur leis an sainmhíniú cúng atá ag roinnt daoine ar cad is bean ann.

Is máthair í bean, cinnte, in amanna. Ach is iomaí bean ar chas mé uirthi thar na blianta nach raibh clann uirthi. Ach ba bhean í. Má chuirimid síos orainn féin, mar mhná, i dtéarmaí teoranta na fola amháin (máthair, iníon, deirfiúr, páirtí), beidh muid teoranta faoi na coinníollacha sin. Ní bhíodh an dara suí ag go leor ban roimhe seo, ach sa lá atá inniu ann tá roghanna ag mná i nÉirinn saol a chruthú nach bhfuil teoranta don teallach, más e sin an rud is mian leo.

Níl mé ag séanadh na dtéarmaí tagartha sin thuas, téarmaí na fola. Is mór liom gur máthair mé, is mór liom gur páirtí mé, is mór liom gur iníon mé. Ach nuair atá sé féin imithe amach an doras ag fútaráil leis an pholaitíocht, nuair atá an chlann imithe amach an doras i bun a ngnoithe féin, nuair nach seanphéire an seanlanúin níos mó... beidh féidireachtaí agus fís agam fós.

Throid mná go crua thar na blianta leis na féidireachtaí sin a thabhairt dúinn. Tá a fhios ag cách gur throid siad ar son an vóta, ar son áiseanna frithghiniúna, ar son an ceart leanstan leis an obair tar eis pósadh.  Agus eile. Is cuimhin liom féin siúl isteach i Sweney's, siopa poitigéara ag cúlgheata Choláiste na Trionóide, le hoideas don phiolla frithghiniúna. Níor choinnigh siad a leithéid -  'that kind of thing', a dúradh liom go grod. Bhí mé tríocha a trí bliana d'aois. Bhí mo bheirt pháiste óga agam. Bhí mé ag iarraidh cáilíocht ghairmiúl a bhaint amach an bhliain sin chun airgead a shaothrú chun jab a fháil a ligfeadh dom mo chlann a thógáil faoi shó. Bhí mé ag iarraidh smacht thar mo chorp féin chomh maith le mo shaol féin. Mhothaigh mé an breithiúnas sna súile, sa ghlór, sa chumarsáid choirp. Má luaíodh an siopa céanna in Ulysses, is amhlaidh gur shíl siad go raibh siad ag cur leithéidí Molly Bloom faoi chois go fóill. Buíochas mór le Mor bhí níos mó ná an siopa sin amháin sa chomharsanacht. I gcroílár na cathrach. 1994.

Bainigí sult as an la inniu, a shiúracha!