Bliain eile, mná eile.
![]() |
Caitríona Ní Chléirchín (pic via Aifric Mac Aodha) |
Ní gá mórán a rá faoi Chaitríona, bean Mhuineacháin atá ag léachtóireacht le hOllscoil Chathair Átha Cliath. Cnuasach agus duais go leor faoina hascaill aici!
![]() |
Lara Sunday (pic via Aifric Mac Aodha) |
Tá Lara ag scríobh i mBéarla leis na blianta. Anois go bhfuil sí ag foghlaim Gaeilge le Turas Eile agus ag scríobh tráchtas máistreachta faoina turas pearsanta féin sa teanga, tá sí ag scríobh i nGaeilge chomh maith.
![]() |
Milène Fegan (pic via Caoimhe Ní Chathail) |
D'ardaigh Milène Fegan an fuinneamh sa seomra lena slamdán, 'Obair'. Glún nua, stíl nua ach stíl a leanann oidhreacht an fhile - filíocht labhartha, amuigh i lár an urláir, muiníneach, glórach. Bhí líne amháin sa dán a raibh Milène neirbhíseach faoi, 'cunt-as-óir'... ach tháinig an slua léi.
![]() |
Agnes Ní Cholla (pic via Aifric Nic Aodha) |
Ní raibh Máire Dinny Wren in ann bheith linn ar an oíche. Tá cúraimí uirthi agus in ainneoin a míle dícheall chun socruithe a ullmhú don ócáid, tháinig cúpla rud aniar aduaidh ar chúrsaí agus bhí uirthi na pleananna taistil a chur ar ceal. Cúram - ceann de na cúig c-anna a mbíonn mna ag dul i ngleic leo i rith a saoil. Ach sheas a col ceathrar ar an ardán ina háit, Agnes Ní Cholla, agus líon sí an bhearna. Léigh sí scéal Mháire, 'Scáile Dheirdre', go cumasach, paiseanta.
![]() |
Edel Ní Bhraonáin (pic via Áine Durkin) |
Bean óg eile a sheas an fód an oíche sin ná Edel Ní Bhraonáin. Tá súil againn go bhfeicfidh muid tuilleadh ábhair uaithi amach anseo.
![]() |
Anna Heussaff agus Mícheál Mac Donncha (pic via Aifric Mac Aodha) |
Leath ama. Speech ó Mhícheál Mac Donncha, an tArdMhéara i mbliana, fear a bhronn beár saor in aisce orainn, maraon le bia i rith na hoíche. Mar a tharla, ba é breithlá an ArdMhéara é ar an lá céanna. Bhí Bean a' Tí Anna Heussaff in ann bronntanas a bhronnadh air siúd. Ár mbuíochas leis.
![]() |
Cvetka Bevc & Áine Ní Ghlinn (pic via ... cé a chuir an pic seo chugam?) |
Tháinig Cvetka Bevc anall ón Slóvéin don lá. Is lá an-speisialta é sa Slóvéin, níos tábhachtaí ná Lá na Máthar a tháinig cúpla lá ina dhiaidh. Léigh sí cúpla véarsa as cúpla dán, léigh Áine Ní Ghlinn leagan Gaeilge de na véarsaí céanna. Mar a deir siad thall sa Slóvéin, Solidarnost!
![]() |
Dáire Ní Chanáin (pic (via Áine Durkin) |
Las Dáire Ní Chanáin an seomra lena haoibh, agus lena dán, 'Thug tú cead dó'. Is féidir an dán a léamh ANSEO ach is í Dáire lena hoscailteacht is a hionraiceas a chuir an seomra ina thost leis.
![]() |
Áine Durkin (pic via Aifric Mac Aodha) |
Tá an focal adultery agus an scéal thart air i mo chloigeann fós, a Áine ...
![]() |
Aifric Mac Aodha (pic via Aifric Mac Aodha) |
Tá teacht ar shaothar Aifric ar fáil go forleathan. Chuir sí críoch leis na léamha, agus ansin chuir Anna Heussaff clabhsúr oifiigiúl leis an chuid oifigiúil den oíche.
![]() |
Fionn Ó hAlmhain agus Tara Viscardi (pic via Aifric Mac Aodha) |
Bhí tuilleadh bi is dí againn, maraon le ceol ó Tara agus Fionn, go dtí gur caitheadh amach muid.
Míle buíochas leis an ArdMhéara, Mícheál Mac Donncha as a bheith fial flaithiúil in óstáil na hoíche. Fosta, buíochas le hAnna Davitt i bhForas na Gaeilge, le Ciste Sheachtain na Gaeilge agus le hOireachtas na Gaeilge as an tacaíocht airgid a chuir siad ar fáil
No comments:
Post a Comment
Note: only a member of this blog may post a comment.