Monday 12 March 2018

Comharthaí dóchais uile-oileánda

Lara Sunday (pic via Aifric Mac Aodha)
Tharla go raibh roinnt comharthaí dóchais ann, dar liom, le cúpla lá anuas, don oileán ina iomláine. Ceann amháin ná bean ó oirthear Bhéal Feirste a bheith ag léamh i nGaeilge ag féile Lá Idirnáisiúnta na mBan, Déardaoin seo caite i dTeach an ArdMhéara i mBaile Átha Cliath. Lara Sunday, file aitheanta trí Bhéarla, atá ag foghlaim Gaeilge leis an East Belfast Mission.

Dáire Ní Chanáin, Doire (pic via Aifric Mac Aodha

Milène Fegan, Béal Feirste (pic via Aifric Mac Aodha)

Na ceoltóirí, Fionn Ó hAlmhain, Cill Mhantáin agus Tara Viscardi, Béara (pic via Aifric Mac Aodha)

Edel Ní Bhraonáin, Uíbh Ráthach (pic via Aifric Mac Aodha)
Dea-chomhartha eile ná an oiread sin de mhná óga (agus fear óg amháin) ar an ardán ag an ócáid sin. Bhí scríbhneoirí óga - thuaidh agus theas - ag léamh ann.

Celia de Fréine, Cvetka Bevc agus Áine Durkin in Ionad Scríbhneoirí na hÉireann
Ar an Satharn, bhí léamh uile-oileánda de mhná eile ann, i mBéarla agus i nGaeilge, Tháinig 40 bean ó Women Aloud 'NI' go Baile Átha Cliath le lá craic agus léitheoireachta agus éisteachta a roinnt le 40 bean as 'an phoblacht'. Ní ait an rud é bean bheith ina file. Ach is ait liom agus níl mé compordach le lipéad ar bith dá bhfuil ag ceachtar taobh den teorainn ar an oileáinín seo againn...
Orla McAlinden
Orla McAlinden, mar shampla. As Ard Mhacha di ó dhúchas, Ina cónaí i gCill Dara. Ag scríobh i mBéarla. A cuid páistí ar ghaelscoil. Ag teacht isteach ar an Ghaeilge a bhí aici agus í óg.

Lucht éisteachta agus léitheoireachta ag Ionad Scríbhneoirí na hÉireann, Anna Heussaff ina measc
Beidh mé ag scríobh ar ball faoin Déardaoin i rith na seachtaine seo chugainn - agus mé buíoch d'Aifric Mac Aodha a chuir go leor de na piceanna thuas ar fáil dom. Tuilleadh ar an chead phostáil eile...

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.