Showing posts with label Gin gan Smál. Show all posts
Showing posts with label Gin gan Smál. Show all posts

Saturday, 9 August 2014

Gin gan Smál, oibriú gan eitic



Tá dhá phóstáil idirlín a chuaigh i bhfeidhm orm níos tréine ná aon cheann eile le cúpla lá anuas.

Alt amháin acu ná póstáil ó bhlag Béarla, Mind  the Baby. Cur síos atá ann ar bhreith a tharla cúpla bliain ó shin, ina ndearnadh aimneatóine ar an bhean ag tús a saothar clainne. Déantar poll sa tsac  aimnianach le biorán, agus cuireann sé seo luas agus fórsa leis an phróiseas breithe. Deir an bhean nár iarradh cead, deir an bhanaltra gur iarradh.

Chuaigh sé i bhfeidhm orm mar bhí aimneatóine orm féin le mo chéad pháiste, beagnach tríocha bliain ó shin. Níor iarradh orm ach síniú ag bun leathanaigh nuair a tugadh isteach chun an ospidéil mé. Thug an síniú seo cead a gcinn don lucht ospidéil a rogha rud a dhéanamh as sin amach. Cead ginearálta. Cead iomlán. Mar ní fhéadfaí bheith ag súil le ciall ó bhean a bhí i bpian, agus ní fhéadfaí bheith ag súil le plean breithe a fhorbairt roimh réidh. Níl mná iontaofa.

I mo chás féin, níor oibir an t-aimneatóine mar a ceapadh, agusrinneadh rudaí eile le mo pháiste doicheallach a mhealladh amach chun an tsaoil. ('Mealladh', a deirimse, ach tarraingt a bhí ann. Le fórsa.) Ach an rud a chiapann mé agus mé ag léamh an scéala seo ná gur moladh dom féin, na blianta fada ó shin,  ainéistéisach eipeadúrach a ghlacadh. Mar go raibh mé chomh beag, bíodh a fhios agat. Agus mar go gcuirfeadh an t-aimneatóine le stró an tsaothair. Agus, agus, agus... Ach chaithfinn m'intinn a dhéanamh suas go gasta, mar ní fhéadfaidís fanacht. Ar ndóigh, bean óg, a chéad phaiste agus beirt dhochtúir agus banaltra ina seasamh thart uirthi. Cé a bhí ag gabháil a dhiúltú?

An lá a d'fhág mé an t-ospidéal dúirt duine de na banaltraí go bródúil -
'Ó, tá siad ag déanamh taighde ar ainéistéiseach eipeadúrach san ospidéal seo. Táimid ag déanamh go mbeidh clú orainn mar gheall ar thorthaí na taighde seo nuair a bheas go leor ban sa staidéar againn.'
Rud nár dúradh liom roimhe. Eitic?



Alt eile ná colún le Jacky Jones, ag scríobh san 'Irish Times'

Cuireann sí ceist, mar gheall ar na 'maithreacha singil' ar fad sna blianta atá thart agus i láthair na huaire - cá bhfuil an t-athair? Níl a leithéid ann agus máthair shingil. Caithfidh athair bheith ann chomh maith. Cá raibh na fir a thréig na mná seo? Cá bhfuil siad, le gach ginmhilleadh a dhéantar thall i dtíortha eile?

San am atá thart, níl aon dabht ná gur oibir mores na sochaí Caitlicí seo ar fhir  mar an gcéanna leis an dóigh ar oibir siad ar mhná - le teann náire. Munar phós siad an bhean, bhí an bheann torrach le cur i bhfolach. Agus má bhí siad chun a gclú féin a chaomhnú, choinnigh siad a mbéal dúnta druidte.
Agus ar ndóigh, bhí na fir eile ann a bhí pósta ar mhná eile cheana. Bhí na sagairt ann chomh maith, a d'úsáid mná mar a úsáideann manaigh Bhudacha iad, mar fho-neacha gan úsáid. Bhí fir ann a bhí ag iarraidh a gcuid mianta a shásamh gan freagracht (táthar ann go fóill, ar ndóigh).

Ach sa lá atá inniu ann nach bhfuil sé in am do na fir a bheith ainmnithe agus náirithe muna seasann siad le torthúlacht a gcuid gníomhartha? A bhuí mhór le Mor, tá go leor den náire imithe. Tá mná ag siúl na sráideanna agus a gcúram leo go hoscailte, bródúil. Mar is ceart. Ach tá na meallairí agus na feallairí ann i gcónaí, agus beidh, go dtí go n-aimnítear iad. Ceacht féinmhuiníne 101.

 Agus ar ndóigh, nach bhfuil sé in am ag mná smacht a bheith acu thar a gcoirp féin. Ní dhéanaim leithscéal. Ní fheicim cén fáth nach féidir le bean smacht a bheith aici thar a broinn féin, bíodh féatas i gceist nó páiste ar a b(h)ealach amach as an bhroinn chéanna. Taimid chomh holc leis na manaigh Bhudacha sin a mbíonn caidreamh collaí acu le 'fo-neacha' - mar sin, ní peaca atá i gceist -  má deir muid gur féidir smacht bheith ag na húdaráis ar choirp ban ar shlí nach bhfuil smacht acu ar chorp fir. Ach níl mná iontaofa.