Showing posts with label vóta. Show all posts
Showing posts with label vóta. Show all posts

Wednesday, 29 April 2015

Clárú




Cláraím gach Meán Fómhair as an nua do Chlár na dToghchóirí. Is Nordie mé. Rinne daoine streachailt le vóta a fháil domh. Déanaim cinnte go bhfuil mé i dteideal vóta a chaitheamh.

Is bean mé. Níor ceadaíodh do mo leithéid vótáil go dtí 1928 sa Tuaisceart. Dá mbeinn thar tríocha bliain d'aois agus maoin agam, ar ndóigh, bheadh vóta agam i 1918. Ach seo 2015. Déanaim cinnte go bhfuil vóta agam.

Ní ghlacaim le vóta mar rud roghnach i mo shaol. Is diúité agus dualgas é.Cláraím mé féin agus gach duine eile sa teach gach bliain.

Níor rith sé liom, mar sin, nach mbeimis ar an chlár toghchánaíochta don reifreann atá ag teacht aníos roimh i bhfad. Ach sheiceáil m'iníon an clár inniu agus níor aimsigh sí a hainm. Chuartaigh mé féin m'ainm. Ní raibh sé ann ach an oiread. In ainneoin na hainmneacha a chur isteach chuig an chomhairle contae i Meán Fómhair.

Chuaigh mé síos chuig stáisiún na nGardaí anocht agus labhair mé leis an Gharda a bhí thar a bheith séimh nuair a chonaic sé m'ainm i nGaeilge.Shínigh sé an fhoirm domh, shiúil mé chuig oifig an phoist in ainneoin na doininne leis an mhadadh bheag nach raibh pioc sásta bheith fliuch báite agus chuir mé sa phost é.

An Mháirt seo chugainn an dáta deireanach le clárú. Déanaigí cinnte anois go bhfuil do vóta féin agat!