Showing posts with label Béara. Show all posts
Showing posts with label Béara. Show all posts

Tuesday, 22 August 2017

Turas eile chun na caillí

ofrálacha don chailleach
Níl cloch ná cnoc ná sliabh ná dún ná fort a chonaic mé go dtí seo ar an oileán ar fad a chuaigh i bhfeidhm orm mar a théann an Chailleach Bhéara. Bhí mé thíos fán cheantar arís i mbliana agus d'fhág mé féirín di, m'impí féin don todhchaí.
Ciorcal cloiche Dhá Dhrom
Arís, chuaigh an leithinis i bhfeidhm orm mar nach dtéann go leor áit eile. Tá sé breactha le ciorcail chloiche, clocha oghaim, dreach tíre, iarsmaí caisleáin is eile. Ach is rún í, mar leithinis, nach dtaithíonn na sluaite uirthi. Bíodh is go bhfuil mé féin sásta go maith leis sin, níor mhiste lena muintir cúpla cuairteoir eile, tá mé ag déanamh, lena gcuid euro agus dólar a fhágáil leo.

Wednesday, 6 July 2016

An Chailleach


Chuir mé seachtain isteach ar Cheann Béara, an tseachtain seo caite. In ainm is a bheith ag scríobh. Ach bíonn briseadh de dhíth ar an oibrí, agus d'éalaigh mé amach go rialta ar fud na leithinse. Mar gheall ar nach raibh mé ariamh an taobh sin tíre, mar Bhéara, bhí neart rudaí nua le suntas a chur iontu, mar a mhínigh mé sa phóstáil roimhe seo. Is maith liom cuairt a thabhairt ar iarsmaí ársa (aithníonn ciaróg aosta ciaróg aosta eile, mar a déarfadh mo chlann liom). Tá Béara ag cur thar maoil le hiarsmaí - tá seanchlocha gach áit, i bhfoirm liogchiorcail nó crann oghaim nó cille. Go fiú toibreacha muimhneacha, is teampaill bheaga cloiche iad, tógtha go cúramach thar an fhoinse bheannaithe uisce.

Ach ní déantúsán daonna í an Chailleach Bhéara, cloch a shuíonn ar ardán féarach. Níor ghreann aon fhear, bhean ná pháiste a cruth. Tá sí mar a rinne fórsaí an tsaoil í, oighear agus gaoth agus fearthainn. Is í an Chailleach an iarsma is mó a chuaigh i bhfeidhm orm as measc na n-iarsmaí ar fad ar Bhéara.

Is é an traidisiún beo beathaíoch a chuaigh i bhfeidhm orm, tairiscintí beaga a fhágáil don bhandia - ar nós an bhuachaill bhó thuas - ag súil le comhlíonadh mianta, nó le suaimhneas intinne, nó tógáil céine. Tá daoine ag triall uirthi leis na cianta agus tá siad ag triall uirthi go dtí an lá inniu.






Chuir mé mo láimh amach gan smaoineamh len í a chuimilt nuair a tháinig mé a fhad léi. Ní chreidim i ndia, i mbandia, tuar cártaí ná criostail, ach bhí uaisleacht ag baint léi seo. Bhí na comharthaí sóirt ina luí sa mhullach uirthi, fána cosa agus ar an fhéar thart uirthi, comharthaí sóirt go raibh fórsa beo ar obair i bhfoirm creidimh.


Chuaigh mé ar ais chuici lá eile agus mhothaigh mé an fócas creidimh seo arís. Tá a fhios agam nach bhfuil ann ach cloch a d'fhág oighearshruth taobh thiar di - ach nach iontach na scéalta atá cumtha thart uirthi, agus an creideamh docht daingean atá ag dul di fiú sa lá atá inniu ann. Ní chreidim i ndéithe ná i mbandéithe go fóill - ach creidim sa Chailleach.



Friday, 1 July 2016

Lón anama ón Chailleach

 (pic le cead Anam Cara)
Bíonn briseadh de dhíth orainn anois is arís. Bhí briseadh de dhíth orm díreach anois agus fuair mé an rud a bhí uaim - seachtain in Ionad Scríbhneoireachta Anam Cara ar Cheann Béara.
 (pic le cead Anam Cara)
Chuir mé iarratas isteach ar sparántacht a bhí ag Áras Scríbhneoirí na hÉireann ag tús na bliana seo, agus fuair mé scéal go raibh seachtain ag fanacht orm ar Bhéara. Tá mé díreach i ndiaidh an tseachtain sin a chur díom anois féin. Tá mé lánchinnte anois go bhfuil an Chailleach beo beathaíoch istigh ina blaosc cloiche, ag freastal ar a muintir go fóill. Bhain mé an oiread sásaimh as mo thréimhse i mBéara gur cinnte go mbeidh mé ag pilleadh arís.
An Chailleach

fágann daoine comharthaí dea-mhéine ar an Chailleach, ag súil go gcomhlíontar a mian.

Bhí an Chailleach go maith dom. I ndiaidh an phracáis a rinne na Freaslannaigh den tréimhse a bhí le cur isteach agam leo siúd ní raibh a fhios agam an maith nó olc a bhí ag fanacht liom, ach faoin am seo, ag deireadh mo thréimhse ar Bhéara, tá níos mó oibre déanta agam taobh istigh den aon seachtain amháin ná a rinne mé taobh istigh de dhá mhí sa tír eile.
thuas sna cnoic ag Bellatrix
Ní hionann is a rá go raibh mé ag obair an t-am ar fad. Thug mé aghaidh ar na cnoic os cionn Dún Baoi agus fuair mé shiatsu iontach ó Rita. D'fhág an shiatsu leath i mo chodladh mé, ach mhúscail an dreach tíre fíorálainn arís mé ar mo bhealach síos, síos, síos an cnoc arís. Tá Dún Baoi thíos ag bun an chnoic, nó an méid atá fágtha de.
Ó Súilleabháin Béara agus a bhfuil fagtha dá chaisleán
Tá an áit ar maos le stair is le maorgacht is uaisleacht, mar is dual don Mhumhan. Tá na hiarsmaí de chaisleáin ann. Tá iarsmaí ársa go fúirseach san áit -
Cloch Oghaim Bhéal a' Chorraigh Bháin
liagchiorcal Shróin Bhearráin
Seancheárta...
... agus loirg dóite ón iarann dearg a bhí ag an ghabha
an cat ar an seanséipéal ag Cill Chaitiairn ...
agus tobar beannaithe sa chill, a cheanglaíonn an séipéal leis an phágántacht roime
an seanardaitheoir a thug mianadóirí síos aníos ag tochailt fá choinne copair ar Na hAilichí

Agus bíodh is nach iarsma é - tá siad ag tógáil teampaill úrnua - tá Ionad Budach Dzogchen Béara ar bharr na haille ag amharc amach ar an Atlantach Fiáin. Bhí 'lá bog, buíochas le Dia' ann nuair a bhuail mé suas chucu le haghaidh cupán tae, agus ag tiomáint tríd na cnoic is na carraigeacha is an cheo mhothaigh mé go raibh mé ag glacadh páirte i scannán Síneach Kung Fu. Bhí mé ag fanacht ar David Carradine siúl amach as an cheo chuig an áit ...

radharc ón ionad Budach
Beidh mé ar ais chuig Béara ...