Níl a fhios agam cad a ba cheart a rá in amanna.
Sampla: bhí triúr againn sa seomra inné, aithne againn ar a chéile ach gan an oiread sin aithne, i ndeireadh na dála.
Chuir duine amháin ceist orm (ní fhaca sé mé leis na blianta), 'Caidé a tharla do do láimh?' 'Ailse', a dúirt mé, mar gur mheas mé go mbeadh sé dímhúinte leithscéal nó finnscéal a chur roimhe. Níor fágadh ina staic é, áfach, mar go raibh a mháthair cleamhnais i ndiaidh bás a fháil ón ailse tamall gairid roimhe sin. Ba léir go raibh sé corraithe fós fúithi.
Smaoinigh mé ar feadh cúpla soicind ar na daoine a fuair bás ón ailse agam féin - uncail, aintín, uncail eile - iad ar fad sna hochtóidí. Comharsan - 42. Triúr comhghleacaí ó scoil amháin - 54, 53 agus 58. Comhghleacaí ón ollscoil .- 55. Go leor cairde eile. Agus ar na daoine a bhí i gcoimhlint leis an ailse i láthair na huaire, máthair le cara, beirt chara liom féin.
Bhí an tríú duine ag dul chuig tórramh bhuachaill óig sé bliana déag an lá dár gcionn. Ailse a ba chúis lena bhás. Bhí sí i ndiaidh fáil amach fosta nach raibh ach roinnt míonna fágtha ag cara léi mar gheall ar an ailse, cara a bhí seasca. Óg go leor le bheith saintiúil faoin bheatha nach mairfí.
Bhí triúr againn ann ach bhí scata taibhsí cruinn thart orainn . Daoine a fuair bás, a raibh coimhlint in éagmais acu leis an ailse. Daoine eile a bhí beo, i ngreim an dóchais go fóill. Tháinig an leabhar le García Márquez isteach i m'intinn, 'Céad blian uaignis'. Bhí muid ann.
Ach ansin scar an cruinniú agus scar muid féin, ar ais chuig an saol taobh amuigh, chuig solas an lae ghil agus an dóchas.