Showing posts with label Meteor. Show all posts
Showing posts with label Meteor. Show all posts

Monday, 16 June 2014

Dreige


Tá mé ag tabhairt faoi deara go bhfuil rudaí ag gabháil chun donais. Seirbhísí ospidéil, acmhainní oideachais, líon oibrithe státseirbhíse - agus lucht freastail na gcomhlachtaí fóin.

Shínigh mé conradh nua seirbhíse le Meteor i Mí Mhárta. Fuair mé fón cliste i Mí an Mhárta mar gheall air. Ceann 'deas', ardnósach, fón a chuir éad ar mo chuid páistí i ndiaidh an ceann a bhí agam le cúig bliana anuas a ndéanaidís magadh faoi.



D'athraigh an fón seo mo nósanna imeachta go mór. Bhí mé in ann freastal ar ríomhphost, teacht ar nuacht úrnua, macnamh a dhéanamh agus sudoku a imirt gan aon pheann agam, iad seo uilig ar an bhus isteach agus amach as lár na cathrach, leis an idirlíon saor in aisce atá acu. Bhí mé in ann suí amuigh ar an tsráid le caife lá amháin ag fanacht ar chara agus idirlíon na mbusanna a hijackáil ó na busanna a bhí ag gabháil thar bráid in áit tochailt isteach sa chuntas 3G a tháinig leis an chonradh seirbhíse.

Bhí go maith is ní raibh go holc. Go dtí gur bhris an fón. Trí seachtaine ó shin. Chuaigh an fón ar ais chuig an cheardlann deisithe agus fágadh gan fón ar bith mé. Tháinig sé ar ais seachtain ó shin. Gan deisiú. Ní raibh 'Aimsigh m'fhón' múchta air, is cosúil. Mhúch siad é, agus cantal orm nach raibh siad in ann fón a thabhairt ar iasacht dom tar éis coicís.



Bhuail mé isteach inniu, seachtain i ndiaidh an ceann roimhe. Mar a tharla roimhe, bhuail mé isteach ar eagla na heagla go raibh sé istigh. Mar a tharla roimhe, bhí an fón ansin ag fanacht orm mar níor scáirt siad ar an uimhir a thug mé daofa ach ar uimhir an fhóin a bhí briste ina luí rompu. Agus thug an fear óg spléachadh ar air, agus dúirt -
'Níl faic déanta acu mar níl 'Aimsigh m'fhón múchta air.'
'Tá. Mhúch Méabh é. Í sin ag do thaobh. Coicís ó shin.'
Sméid Méabh a cloigeann. Ní raibh dearmad déanta aici ar mo chantal.
'Ach... ach deir sé...'
'An bainisteoir, le do thoil.'
Tháinig an bainisteoir.
'Níor mhúch tú 'Aimsigh...'
'Mhúch. Mhúch Méabh é. Mhúch Aindriú é coicís roimhe sin arís. '
'Bhuel caithfear é a chur ar ais chuig an siopa.'
'Ó?'

Ní raibh sé sásta fón a thabhairt ar iasacht dom in ainneoin nach raibh faic déanta - don dara huair - leis an fhón. Ach d'ardaigh mé mo ghlór tuaisceartach i lár an tsiopa deisceartach agus sa deireadh ghéill sé. Ansin rinne sé iarracht an cárta SIM a chur isteach sa cheann ar iasacht. Níor oibir sé. Fuair sé cárta SIM nua agus chuir sé isteach é. Ansin thug sé faoi m'fhón cliste briste. D'iarr sé m'uimhir pas le fáil isteach, agus arís cúpla uair eile le hathruithe a dhéanamh ar an fhón. An 'Aimsigh m'fhón' a mhúchadh, arís.
.
'Agus sa cheardlann, an mbeidh an cód seo de dhíth orthu siúd chomh maith?' arsa mé féin.

D'fhéach sé orm. Níor thug sé freagra. Rinne sé fútaráil leis na cnaipí.

Nóta dom féin:
NÁ ceannaigh fón i Meteor riamh arís.
NÁ gabh ar ais le Meteor riamh arís chun conradh seirbhíse fóin a bhaint amach. Riamh arís. Choíche.
NÁ ceannaigh fón deas - ní fiú faic iad.
An chéaduair eile a bhriseann an fón (agus tá mé muiníneach go leor go mbrisfidh), caith isteach i mbabhla uisce é. Gheobhaidh tú réiteach ar an fhadhb níos gaiste agus gan an rí-rá a bhí ort a thógáil inniu.