Showing posts with label 2015. Show all posts
Showing posts with label 2015. Show all posts

Tuesday, 1 September 2015

Liú Lúnasa 2015

Seán Ó Muireagáin i mbun oibre
Tá féile nua ar an tsaol le muid a choinneail ag gabháil i rith an tsamhraidh, 'Liú Lúnasa'. Os rud é gur dream óg i mo bhaile dhúchais atá á reachtáil, agus mé ar cuairt ag mo mhuintir ansin, chinn mé freastal ar ócáid éigin a d'fheilfeadh domh. Tá go leor den scléip is den liú is den ragairneacht ag baint leis an fhéile, ach bhí Cúirt Filíochta eagraithe ag Seán Ó Muireagáin agus Laoiseach Ní Choisdealbha, ócáid níba chiúine.

Bhí muid thuas staighre sa Chultúrlann i mBéal Feirste agus níorbh olc an tinreamh, curtha san áireamh (a) gurbh é seo an chéad 'liú' é agus (b) gur filíocht a bhí i gceist.

Laoiseach Ní Choisdealbha
Stiofán Ó Direáin
Eoin P. Ó Murchú
Conchubhair Ó Liatháin 


Add caption

Sunday, 8 March 2015

An PanCheilteach

Foireann Bhrighdín - na buaiteoirí - roinnt den bhanna!


Cúis iontais domh an cúpla uair go raibh mé ar an Chomórtas Amhránaíochta PanCheilteach a laghad aird is a thugann meáin na tíre seo air. Bhí an réamhchomórtas Éireannach ar siúl aréir i gCeatharlach - bhuaigh amhrán as Dún na nGall.

 Ach ina dhiaidh sin agus uile, ach gurb é go mbíonn Mise Áine ag freastal air agus ag cur i gcuimhne domh go bhfuil sé in am againn bualadh le chéile ann, is beag tagairt a d'fheicfinn féin don ócáid.
Marcus Mac Conghail - 'Is Cuma sa tSioc'

Bíonn scoth thalann na tíre ann, idir leithéidí Mharcuis (thuas) agus Séamus Barra Ó Súilleabháin agus a chairde (thíos). Daoine óga agus chan chomh hóg sin, ag cur amhráin nua-chumtha i láthair i nGaeilge.

Séamus Barra, Enda Reilly agus An Réalt - 'Go Beo go Deo na nDeo'

agus i ndiaidh an chomórtais - na dara duaiseadóirí

Cá raibh TG4, Raidió na GaeltachtaRaidió Rí-Rá? Cá raibh an raidió pobail áitiúil? Ceiliúradh ar an teanga bheo a bhí ann. Chan ionann is cúpla seó a raibh mé i measc an lucht féachána i stiúideo in RTÉ, ag leanstan treoracha ón mhaor cláir a bhí ag inse dúinn 'déanaigí bualadh bos... anois!', Ní raibh aon stiúradh ná cur i gcéill ann. Ach bhí beocht ann, agus talann agus ceol. Pobal.

Shane Ó hAonghusa a sheinn cúpla amhrán as a albam nua, le heisiú ar ball ar iTunes
Ach ar ndóigh, mar a luaigh mé cheana, bhí mé sásta gur bhain an t-amhrán Conallach, ar chúpla fáth. Banna mór a bhí i gceist, daoine óga don chuid is mó. Tháinig siad ar mhionbhus as Gaoth Dobhair go Ceatharlach agus d'fhan siad thar oíche. Níl aon chostaisí i gceist anseo, mar sin iad féin a chaithfeas an bille sin a sheasaimh iad féin, ar nós muintir Chiarraí (Eilín Ní Bheaglaíoch agus a banna taca, mar shampla, nó Séamus Barra agus a bhanna as LiosTuathail, nó muintir Uí Mhaoileáin as Gaillimh). Bhí sé costasach go leor acu uilig idir taisteal agus lóistín. Go háirithe le scaifte mór.

roinnt de mhuintir Uí Mhaoileáin as Gaillimh le 'Anseo'
Ach bhain Brighdín Carr agus a foireann an craobh leis an amhrán 'Árainn Mhór'. Beidh siad ag dul ar aghaidh chuig an chomórtas idirnáisiúnta 7 - 12 Mí Aibreáin i nDoire. Beidh na hUltaigh ansin, ag tacú lena gcineál!

Brighdín Carr i mbun ceoil