Showing posts with label Yoseba Pena. Show all posts
Showing posts with label Yoseba Pena. Show all posts

Sunday, 10 December 2017

Durango na Leabhar


Yoseba Peña, Idoia Noble (stiúrthóir Focail Eile) agus Colm Ó Ceallachán

Bhí scríbhneoir óg Bascach anseo anuraidh, i mBaile Átha Cliath, leis an scéim cónaitheachta Focail Eile. Yoseba Peña. I mbliana, tá sé ag leamh ón saothar a thosaigh sé ag scríobh le linn dó a bheith abhus in Éirinn. Is in Durango atá sé ag cur a shaothar i láthair, baile beag ar chósta na tíre Bascaigh a mbíonn féile litríochta Bhascaise ar siúl ann achan bhliain. 


I mbliana tá Colm Ó Ceallacháin i dTír na mBascach ar
 an scéim chéanna, Focail Eile. Mar chuid den chur i láthair ag Yoseba, léigh Colm píosa amach as gearrscéal liomsa, 'An Donaí'. Baineann sé le comhrá idir cailín  óg agus a máthair agus cluiche sráide atá ag an chailín atá an-ait.



Léigh Yoseba an píosa céanna amach i mBascais. Bhí sé ag iarraidh saol na mban agus saol pháistí óga  le linn tréimhsí corraitheacha sa stair a léiriú, mar is é sin an t-ábhar atá idir lámha aige féin sa leabhar a thosaigh sé a dhréachtú i mBaile Átha Cliath. An caidreamh idir an páiste agus an mháthair a tharraing a aird ar an scéal seo. Tháinig Yoseba ar an phictiúr atá taobh thiar dó sa léamh leis féin, áfach! (thíos)



Guím gach rath air lena leabhar nua, agus gabhaim buíochas le Colm as an leagan Gaeilge a léamh. Tá súil agam gur thug siad ardán do Cholm a chuid scríbhneoireachta féin a léamh chomh maith le mo chuidse...



P.S. 


Monday, 19 June 2017

Euskal Herria, 2017

Donostia
Ní raibh mé ar cuairt go Tír na mBascach le tríocha bliain. Bhí dearmad déanta agam ar a háilleacht nuair a chaith mé cúpla lá ansin an tseachtain seo caite.
Bhí mé ansin le col ceathrar, ar saoire, ach rinneadh an chuairt fiche uair níos fearr de bharr cairdis a rinneadh tríd an scéim scríbhneoireachta, Focail Eile. Chuir mé aithne ar an scríbhneoir Bascach, Yoseba Peña, agus a pairtnéir Elisa Itueste nuair a bhí siad abhus i nÉirinn.

 Chas mé leo, mar sin, ar shráideanna Donostia. Bhí siad i ndiaidh cara a chur amach chugainn cúpla lá roimhe i mBilbo-Bilbao le turas gasta den chathair a thabhairt dúinn nuair a landáil muid ansin! D'inis siad dúinn go raibh muid ag fanacht in óstán stairiúil de chuid Euskal Herria - an Carlton.  Tá bunker faoin óstán go fóill, áit a rinneadh don chéad rialtas Bascach i 1936, i rith Chogadh na mBráthar sa Spáinn. Pictiúr ANSEO 
Ansin tháinig Franco... 
Má iarrann tú ar José Antonio sa bheár, tabharfaidh sé síos ansin thú...
Ní bheidh sé in ann na tolláin a thochail siad ón óstán go dtí na sléibhte máguaird a thaispeáint duit, mar bhealaigh éalaithe, ach tá siad ann, leis.
Yoseba Peña ar chlé, Elisa Itueste ar dheis (an bheirt nach bhfuil marbh ag an teas)
Fuair mé turas treoraithe thart ar chósta Bizkaia agus Guipuzkoa - Mutriku, Getaria agus Deba. 
shílfeá gur Sliabh Liag a bhí ann...
Fuair muid cuireadh ithe leo ag a dteach. Fáilte is fiche a fuair muid.
dinnéar leis an teaghlach
Eskerrik asko, Yoseba eta Elisa. Chuir sibh fáilte is fiche romhainn. Ní dhéanfaimid dearmad ar an turas sin go deo!
Donostia - an trí thrá amach romhainn
Agus ar ár mbealach ar ais, d'fhanamar in óstán beag teaghlaigh taobh amuigh de Bilbao. 15 bhomaite ar an traein agus bhí muid ann. Óstán Irara Gorri. Bialann traidisiúnta Bhascach acu, iad luaite i leabhar Michelin (úúúúúúúú!). Ach gan bheith chomh daor sin, ag daoine ag teacht ó phraghsanna na hÉireann. €108 ar bhéile trí chúrsa do bheirt; tae, caife, fíon, uisce fancyáilte agus deochanna eile san áireamh. Bhí an fíon galánta agus ní bheimis ag smaoineamh ar a cheannach anseo i nÉirinn mar chosnódh sé barraíocht. Bhí deochanna go leor sa bhreis ag mo chol ceathrar ar a hoíche dheireanach sa tír. 
Bhí mé leath ag dúil le bille na mílte euro nuair a bhí muid ag seiceáil amach agus ba mhór an faoiseamh go raibh sé inláimhseáilte ag ár sparán! 
Bhí siad chomh sásta go raibh trí fhocal Bascaise agam agus mé sásta á n-úsáid! Mar gheall ar na hiarrachtaí sin, thug bean a' tí, Conchita, oideas rúnda a císte speisialta domh. Císte ríse, a bhí sa teaghlach leis na blianta. Bhí sé go hálainn - mar a bhí an béile ar fad an oíche roimhe. 
Conchita, Bean a' Tí, Irara Gorri

Císte Amatxu:
130 gr rís bhán (gráinníní beaga, nó briste)
250 gr siúcra
craiceann liomóin
900 gr bainne (iomlán an uachtair ann)
3 ubh
pinse salainn
100 gr ime

Taos:
taos mar is mian leat a dhéanamh.

An rís a bhruith leis an bhainne ar dtús  go dtí go mbeidh an bainne súite isteach sa rís. Ansin achan rud eile a chaitheamh isteach ann sa mhullach air sin.
Níl mé cinnte an ndéanann tú an taos a chócaráil sula gcuireann tú an meascán seo isteach ach bainfidh mé triail as agus déarfaidh mé libh.
180' don rud iomlán, san oigheann. Níor luaigh sí fad ama san oigheann. Bainfidh mé triail as - bhí an chíste go hálainn.
Má tá Thermomix agat, rud nach bhfuil agam, 25 bhomaite ar Luas 3 agus Teas 90.

Friday, 2 December 2016

Meanmanra

Más mall is mithid. Lá fuar fómhair ar Shráid Henrietta i mBaile Átha Cliath, 19ú Samhain.


Daoine ag caint, ag plé, ag éisteacht. Meanmanra 2017. Scaipigí, cóipeálaigí, greamaigí.

An Chúirt Uachtarach

Ní i bhfad ón chrann...

Vancouver, Cill Mhantáin agus Doire



Gaeilge agus Bascais

Nascannna.com agus Coiscéim

Caitríona Ní Chléirichín

Scott Oser

Sorcha de Brún

Beirt scríbneoir i mbun cainte

Zarautz agus Cill Mhantáin