Showing posts with label #repealthe8th. Show all posts
Showing posts with label #repealthe8th. Show all posts

Tuesday, 30 January 2018

Iompar clainne, breith agus an tOchtú - sláinte

https://www.amazon.co.uk/Masterminds-Right-Emily-OReilly/dp/1855940442/ref=sr_1_1?ie=UTF8&qid=1517335088&sr=8-1&keywords=masterminds+of+the+right
Ní Leasú in Éadan Ginmhillte atá san Ochtú.Tá go leor craoltóirí agus foilseachán ag trácht ar an ochtú leasú agus an reifreann i dtéarmaí ginmhillte. Ní reifreann 'ginmhillte' é seo. Seo reifreann chun drochreachtaíocht a bhaint amach as an bhunreacht, cuma an dtacaíonn tú le ginmhilleadh a bheith ar fáil nó nach dtacaíonn.

Sampla:
Tá cuid mhaith ban as Éirinn a théann anonn go Sasana chun ginmhilleadh a fháil a eagraíonn cúrsaí le cuidiú BPAS. I gcaint phoiblí ar na mallaibh, labhair ionadaí BPAS agus luaigh sí go raibh dhá mhórchúis ginmhillte ag mná as Éirinn a landáil ar an tairseach acu, a bhain le sláinte agus le sláinte amháin, agus ní raibh aon dul as ag na mná seo ach taisteal chun ginmhilleadh a fháil. Sna cásanna thíos ní cheadaítear ginmhilleadh faoin Ochtú sa tír seo.
Ní hiad seo an t-aon dá chás sláinte a ndéanann mná taisteal go Sasana, go dtí an Ísiltír, go dtí an Spáinn agus go hOirthear na hÉorpa, ar ndóigh, ach is dhá chúis iad a bhfuil doiciméadú agus taifead á dhéanamh ag BPAS orthu.

Mórchúis 1: Fadhbanna cairdeacha
Má tá fadhbanna cairdeacha agat, agus tarlaíonn sé go bhfuil tú torrach, coscfar go leor leighis ort mar gheall ar shláinte an linbh agus/nó beidh an t-iompar le haimhleas do shláinte féin go mór. Bíódh baol agus priacal báis ann ...  is cuma. Beidh cosc ar ghinmhilleadh mar gheall ar an Ochtú.
Masterminds of the Right
Mórchúis 2: Ailse
Níl cead cóir leighis chóir a fháil má fhaigheann tú diagnóis ailse. Cuirfidh an chóir leighis isteach ar fhorbairt an linbh. Sa tír seo, agus faoin Ochtú, beidh ar bhean fanacht go dtagann an leanbh ar an tsaol chun cúram ceart di féin a fháil. Mar a chonaic muid le Michelle Harte agus Sheila Hodgers, seo cuireadh chun báis. Sa tír seo, bíonn ar mhná eitilt amach as an tír chun cúram ceart sláinte a fháil.

le Emily O'Reilly
Cén fáth nár chleacht 'sí' (sic - bíonn beirt i gceist) frithghiniúint, an cheist a chuirtear ag daoine aineolacha? Is iomaí cor sa fhrithghiniúint, mar a bhfuil a fhios ag go leor againn. Is iomaí fáth a theipeann ar an phiolla, nó ar an choirnín frithghiúna, nó ar an choiscín, nó ar an chaipín/phaiste/fháinne/spúinse ...
In amannaí, baineann lanúin úsáid as dhá mhodh frithghiniúna i dtoll a chéile agus teipeann air, In amannaí, baineann siad úsáid as dhá mhodh frithghiniúna agus piolla iarchollaí (an mhaidin dar gcionn) agus fiú ansin fágtar an bhean torrach. Ní de bharr spórt agus spraoi agus easpa smaointe a dtarlaíonn toircheas éigeandála, ach mar a léirítear thuas, bíonn cúiseanna nár cheart saol na mná lánfhásta a chur i bpriacal ar mhaithe le toircheas a thabhairt chun críche.
Déanaimis an tOchtú Leasú a aisghairm ón bhunreacht. Is cuma cén seasamh atá againn atá ar ghinmhilleadh. Is drochreachtaíocht é.

Mo bhuíochas le Lucy Keaveney a chuir an meid seo fá Sheila Hodgers romham go soiléir, beacht. Mo bhuíochas le ARC a chuir an seisiún eolais ar fáil le duine ó BPAS a roinn an t-eolas mar gheall ar na mná Éireannach a thagann isteach acu gach uile lá ó Éirinn, ar Ryanair agus Aer Lingus agus EasyJet agus na báid fharantóireachta. 

Friday, 19 January 2018

Béile le bronnadh?


Bhí cara liom istigh ar cuairt chugam ar na mallaibh.
'An mbeidh reifreann ann roimh an samhradh, an dóigh leat?'
'Reifreann? Bhal, anois, caithfidh siad fanacht go mbeidh na hairí agus na teachtaí nua sa Dáil inphinsin, ar a laghad. Sin Mí Aibreáin, is dóigh liom.'
'Ní bheidh baint aige sin le cúrsaí, cinnte?'
'Bhal, má tá daoine ag gabháil a chailleadh a gcuid suíochán, beidh pinsean acu.'
'Agus beidh an Pápa anseo i rith an tsamhraidh.'
'Tá sin ann, ar ndóigh, ní bheidh siad ag iarraidh aon rí-rá thart ar an am sin.'
'Agus gach seans go scorfar an Dáil sular féidir reifreann a rith.'
Cén dóigh?'
'Má thiteann an rialtas, nó má gháireann siad toghchán.'
'I ndairíre?'
'Níl Leo ag íoc bucks móra le hIonad Cumarsáide gan luach a chuid airgid a fháil - déanfaidh sé cibé rud a deir na boic chliste istigh ansin.'
'No way!'
'Chuirfinn airgead air go gcuirfidh siad deireadh leis an rialtas reatha seachas an reifreann áirithe seo a rith.'
'Cé mhéad?'
'Béile. Ceannóidh mé béile duit má ritheann siad é.'
'Ina mhargadh.'



Thursday, 20 April 2017

Litreacha agus agóidí

Agóid inniu taobh amuigh den Roinn (sic) Sláinte
Tá sé in am litreacha a scríobh. Chan ríomhphost, ach litir, le peann is le pár. Chuig mo chuid Teachtaí Dála agus chuig an Aire Sláinte. Ba mhaith liom na litreacha a chur le thine ach beidh orm stampa a chur orthu agus iad a chur sa phost.
@eilistweets Eilís Ryan a d'eagraigh an agóid inniu
Shíl mé go raibh go leor cloiste agam le roinnt blianta anuas - mná á gcoinneáil i ngéibheann, mná curtha ag obair mar sclabhaithe,  mná díbeartha ón tír,   páistí curtha gan dínit gan ghrá, leanaí eile a ndearnadh neamart fisiciúil orthu, páistí díolta thar lear agus abhus sa tír seo. Agus mná gan chúram ceart leighis.
Denise Kiernan ag an agóid, an bhean a thosaigh
https://my.uplift.ie/petitions/block-sisters-of-chairty-as-sole-owners-of-national-maternity-hospital 
Agus anois tá mná ó eagraíocht a thacaigh leis na luachanna agus leis an chóras a choinnigh na cúrsaí sin sa tsiúl chun ceannas a thógáil ar  ospidéal náisiúnta mháithreachais na tíre? Ní dóigh liom é...
ag an agóid inniu
Chuaigh mé isteach go lár na cathrach  chuig agóid inniu chun tacú le stát agus creideamh a scaradh, le gearán a dhéanamh faoin phraiseach a chuir Simon Harris romhainn. Beidh agóid eile ann Dé Sathairn. Agus ina dhiaidh sin arís is arís eile, más gá.
Parents for Choice
Cathy Shiels, http://www.abortionrightscampaign.ie/


Tuesday, 18 April 2017

Misneach agus lagmhisneach


Tá iníon agam. Ní páiste a thuilleadh í, is bean óg í i mbun a ceirde, ag saothrú a coda amuigh sa domhan mhór. Mar a tharlaíonn, is múinteoir í i nGaelCholáiste.

Ní hé gur bhrúigh mé an bealach sin í ach is mar sin a tharla. Chuaigh sí le hEalaín an chéad lá ariamh go raibh sí in ann críán a thógáil ina méirín, agus lean sí an tsuim sin aníos tríd na blianta scolaíochta.

D'aithin sí féin gur beag slí bheatha a bhí ann taobh istigh den réimse céanna a thabharfadh díon dá cuid féin di, ná arán laethúil di. Ach i ndiaidh cúpla bliain ag teagasc Béarla d'eachtrannaigh thar lear agus abhus, thuig sí go raibh bealach ann le freastal ar thrá an riachtanais airgeadais agus ar thrá a suime féin maraon. Chuaigh sí le múinteoireacht.

Ag léamh píosa inniu ar bhás na Gaeltachta, agus an t-éadóchas go smior ann, tugann leithéidí m'iníne misneach domh. Tugann leithéidí na Pop-up Gaeltachtaí misneach domh, go háirithe mar is daoine óga a bhíonn ag tarraingt orthu.
Ach bhí alt eile ann inniu a chuir lagmhisneach orm, faoin ospidéal nua mháithreachais atá le hoscailt i mBaile Átha Cliath. Tá ospidéal mháithreachais Sráid Holles le bogadh go campás Naomh Uinsinn, agus bhí go leor siar is aniar faoi chúrsaí údaráis agus bainistíochta le tamall anuas. Ach ar maidin fógraíodh go raibh na siúracha a choinnigh mná faoi ghlas agus a d'éascaigh díol is ceannach leanaí óga le gabháil i gceannas ar an ollospidéal nua. Rud a fhágann éadóchas orm.

Shuigh mé síos ag an tábla ar maidin agus d'ith mé babhla bracháin i gcuideachta m'iníne. Tá sí in aois breith leanaí agus cá bhfios ach go mbeidh seirbhísí sláinte céanna de dhíth uirthi sna blianta atá le theacht.
Agus thug mé comhairle di. Gan dul gar d'aon ospidéal nach dtacaíonn le mná mar dhaoine. Gan dul gar d'aon 'ospidéal' nach dtugann tús áite do mhná ina gcuid ráitis eiticí. Gan dul gar don ospidéal nua sin ná d'aon ospidéal eile a mheascann creideamh dé agus breith leanaí/cúram mháithreachais - agus a shíleann go dtiocfaidh maith as.

Comhrá trom thar an tábla bricfeasta. Bíonn amanna ann nuair a bhíonn eisimirce tarrantach...

Sunday, 25 October 2015

Turas aislingeach



http://www.coislife.ie/leabhar/159/aisling

Fadó, fadó, is fadó a bhí, sna nóchaidí, bhí mé ag teagasc i scoil táillí. Bhí mná rialta i mbun na scoile, is bhí cailíní ó cheantair rachmasacha ag freastal ar an scoil. Bhí clú ar an scoil as a dtorthaí scrúdaithe agus as a gcuid daltaí a threorú chuig coláistí tríú leibhéil.
Bhí mé díreach i ndiaidh cúpla bliain a chur isteach le scoil cailíní neamhtháillí i gceantar gan mórán airgid acu - an scoil ná na cailíní. Ba mhór an t-athrú é. 
Is cuimhin liom lá amháin i mo shuí sa seomra foirne ag ithe mo cheapairí in éineacht le cúpla múinteoir eile. Bhí muid ag plé difríochtaí suntasacha a thug mé faoi deara idir an scoil 'roimhe' agus an scoil 'nua.' Bhí carranna ag na cailíní 'nua', mar shampla, bhí caighdeán na Gaeilge i bhfad Éireann níos fearr, bhí féidireachta ag na cailíní 'nua' ina dtodhchaí féin nach raibh ach mar aislingí doshroichte ag na cailíní sa seanscoil. Bhí siad spreagtha chun oibre acadúla. Bhí siad in ann íoc as ranganna Dé Sathairn san Institiúid le dul ar choláiste.

'Cuireann rud amháin iontas orm, nach raibh súil agam leis.' a deirim.
'Ó?' a deir múinteoir eile.
'Sea. Níl aon toircheas gan choinne ag aon chailín sa scoil seo, go dtí seo, cibé ar bith. Sa scoil eile, bhí-'
'Ó, a chroí, an dóigh leat gur ag siopadóireacht le Mamaí i Londain a bhí siad nuair a thagann siad isteach i ndiaidh lá scoile as láthair agus a málaí Harrod's ina nglac acu?'
Suíonn tú ansin, ag cur dó agus dó le chéile. Corrchailín ag glacadh lá scoile saor, i scoil a chuireann an-bhéim ar acadúlacht. Tuismitheoirí meánaicmeacha le hacmhainní airgid. Tonn rúnda easpórtála atá ar siúl go fóill, níos mó ná fiche bliain ina dhiaidh sin.

Nuair a léigh mé an chéad chaibidil - íomhánna ann a chuir macallaí láidre den dán le Cathal Ó Searcaigh,  'Maigdiléana',  ag rith thart i mo cheann - bhí mé ar ais sa seomra foirne sin. Bhí aithne agam ar na carachtair seo. Thuig mé a gcás is a náire.

Deir an blurba don leabhar seo go bhfuil ginmhilleadh i measc na mórcheisteanna conspóideacha a phléitear sa scéal seo, ach i ndáiríre, tá ginmhilleadh ag tús, deireadh agus croílár an scéil seo.
É sin ráite, áfach, ní shlogtar an scéal beag ná mór ag ginmhilleadh. Tá go leor eile idir lámha ag Aisling, an cailín óg ar príomhcharachtar í san úrscéal seo. 

Is cuntas é go príomha ar theacht in aois chailín óig. Tá an caidreamh agus an teannas idir an déagóir is an mháthair ina phríomhthéama a ritheann síos tríd an scéal iomlán. Caitheann Aisling go leor dá cuid fuinnimh ag iarraidh neamhspleáchas a bhaint amach óna máthair, Eibhlín, agus tarlaíonn go leor síos tríd an bhliain scoile a ndeachaigh go leor tuismitheoirí agus daoine óga tríd. Tá páirt an chailín deartha go cruinn ag an údar. Tá an mháthair rud beag dubh-agus-bán agus simplithe, agus b'fhearr liom dá mbeadh paistí liatha le feiceáil inti.

Meán Fómhair 2015

 Tá an cló mór agus ní scéal fada é, bíodh is go bhfuil go leor cor agus casadh ann. Níl mórán carachtar ann i ndeireadh na dála ach oiread - mar gheall ar a Deaid bheith ag obair thar lear agus as láthair don chuid is mó den scéal fágtar an pháirc achrainn ar fad ar fad idir iníon agus máthair, agus gan ach cúpla carachtar taca againn leis an scéal a fhorbairt.Níl a fhios agam an fearr úrscéal ná novella a chur air. 
Rud amháin a chuir isteach orm - níl cead ag duine faoi 16 taisteal ina (h)aonair le Ryanair. Agus bíonn pas de dhíth, le dáta breithe air. Léigh an leabhar go bhfaighidh tú amach cen fáth a chuireann sé isteach orm...

Bheadh sé deacair ag aon duine a rá cá seasann an t-údar,  Eilís Ní Dhuibhne ar cheist an ghinmhillte. Cuireann sí an mana 'Taispeáin, ná hinis' i gcrích síos tríd an leabhar. Níl aon bhreithiúnas ná seanmóireacht ar siúl, agus fágtar ag an léitheoir teacht chuig an scéal agus an scéal a chríochnú le cibé luachanna ata acu féin. Ní dóigh liom go ndéanfar aon athrú dearcaidh ar ghinmhilleadh mar gheall ar an leabhar áirithe seo, ach is léargas atá ann ar an turas a dhéanann mná - dosaen acu - gach lá sa seachtain. Go fóill. Cailíní óga ina measc.

Ní fios an mbeidh an leabhar seo ceadaithe isteach sa chlochar a raibh mé ag obair ann, a raibh turas mar seo á dhéanamh ag cailíní scoile ó mo chuid ranganna. Cailíní a shuigh romham agus a luigh isteach ar an tuiseal ginideach ar an Aoine i ndiaidh bheith as láthair ar an Déardaoin. An scoil nár lig 'Dialann Chaoimhe' isteach sa Roinn Gaeilge in ainneoin bheith dea-scríofa agus suimiúil do chailíní. Mar go raibh leid ann go raibh ginmhilleadh ar an tsaol (sic). Ait an mac. Agus níl aon dabht ach go bhfuil an craic ceannann céanna ar siúl sa scoil chéanna inniu, fiche bliain níos moille.

Beidh 'Aisling nó Iníon A' á láinseáil ag ArdMhéara Átha Cliath, Críona Ní Dhálaigh:

 Déardaoin,  29 Deireadh Fómhair 2015
Foras na Gaeilge
7 Cearnóg Mhuirfean
7p.m.


Iarmhír:
14/11/2015
Léirmheas níos iomláine ar fáil ar phodchraoladh Raidio na Life:
 Aon Scéal (9/11/15)

Souncloud > Aon Scéal > (9/11/15)





Saturday, 26 September 2015

Rogha


Muna roghnaíonn tú rogha ná bí buartha, ní éileofar rogha duit nach rogha é. Sin  rogha. Bhí muid ag siúl inniu arís. 

Bhailigh daoine ag an ghnátháit - Cearnóg Pharnell

Bean atá ag agóidíocht ar son cearta ban le fada - Ailbhe Smyth







Bhí málaí le go leor daoine chun aird a tharraingt ar an dosaen ban a théann anonn go Sasana gach uile lá den bhliain.

Chuir an bhean óg ón Danmhairg suntas sa dealbh seo

Fuair muid bualadh bos ó na turasóirí ar an bhus


Grúpa ó Asturias a tháinig anall le tacaíocht a thabhairt

Asturianas ag ceol agus ag damhsa

Madaidh na sráide ag teacht amach...




Deireadh déanta. Lá peata. Scaifte bocht. Spíonta.

Thursday, 18 December 2014

Ag déanamh réidh don Nollaig




'Tiuc-tiuc-tiuc' a deir tú le cearca, nuair atá tú ag iarraidh iad a bheathú nó a bhrostú.
 'Bia-bia-bia' le turcaithe, de réir seanchóipleabhair.
'An chéad toghchán eile' atá mórpháirtithe na tíre seo a rá linn mar gheall ar an phraiseach aréir sa Dáil.



Chuir Clare Daly moladh chun tosaigh chun Leasú a 8 ar chearta na mná ar a corp féin a bhaint siar as an bhunreacht. An leasú seo atá ag cur eagla ar dhochtúirí aon ní a dhéanamh ar chorp mná fiú nuair atá sí marbh. An leasú seo a chuir deichniúr bean trasna go Sasana ar Aer Lingus nó Ryanair nó Flybe inniu, inné agus a chuirfeas amárach.

Mar a dúirt mé roimhe, bhí mé sna fichidí nuair a bhí an toipic seo i mbéal an phobail sna naoi déag ochtóidí. In aois breith leanaí. Níl anois. Tá na hormóin ídithe nó friochta. Tá an bhroinn sciobtha amach.
Ach tá iníon agam sna fichidí. Neachtanna sna fichidí. Mac a mbeidh pairtnéir aige amach anseo, b'fhéidir. Niacha...
Agus tá an amaidí cheannann chéanna ar siúl.



Chuir mé ríomhphost chuig gach Teachta Dála aréir i mo cheantar ag cáineadh an chinnidh a tugadh aréir sa vóta. Vótáil gach duine acu in éadan an leasú a bhaint siar. Fuair mé freagra an-tapaidh ó dhuine amháin acu go han-ghasta ar fad ag míniú go raibh a páirtí-se chun grúpa oibre a chur ar bun i ndiaidh an chéad toghchán eile. Is beag idir páistí agus páirtí, is eagal liom. Litir amháin. Agus is gearr idir seo agus an chéad toghchán eile.


bia-bia-bia...


Nóta: mo bhuíochas le gach duine a rinne combhrón liom (an postáil roimhe seo)