Tháinig traein an rogha ó Bhéal Feirste inniu - go mall, leis an fhearthainn agus leis an aimsir stoirmiúil. Ach bhí scaifte againn ag fanacht uirthi ar chéimeanna Stáisiún Uí Chonghaile. Bhí siad ag tógáil piollaí ginmhillte thar an teorainn ar bhonn dleathach nach bhfuil cead dleathach iad a fháil sa phost ná ó dhochtúir anseo. Níl na piollaí sin ar fáil ar na taobh eile den teorainn ó thuaidh ach an oiread ach is féidir iad a fháil tríd an phost ón chuid eile den Ríocht 'Aontaithe' gan aon agó. £90. Agus is féidir dul i dteagmháil le https://www.womenonweb.org/
Tháinig siad tríd na geataí agus isteach sa phríomh-halla
Ceann de na manaí is fearr liom - arán agus rósanna - ina mhana acu féin -
Shlog siad siar na drugaí atá ag déanamh imní don rialtas ach a bhfuil glacadh leo ag WHO (An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte) agus rinneadh an speechifying.
Bhí an stoirm thart. A bhuí le Céard. Bhí sé in am agam siúl a dh'obair.
