Ionad feabhais mo thóin. Easpa cumarsáide, drochthraenáil, crá croí.
Tá fearg orm. B'fhéidir go dtugann sibh é sin faoi deara? Nuair a chailleann Ionad Feabhais Ailse do chuid sonraí, nuair nach gcuireann siad coinne athbhreithnithe amach go dtí go gcuireann tú ceithre scáirt gutháin i ndiaidh a chéile ar rannóga éagsúla istigh san ionad feabhais chéanna, nuair atá daoine ag obair ann do chur ar strae le heolas mícheart agus míchruinn, nuair nach bhfreagraíonn an roinn gearáin do ríomhphoist go dtí go gcuireann tú ball den bhord bainistíochta mar 'cc' leis...
Tá mé i ndiaidh an tseachtain is dochreidte bómánta de mo shaol a chur isteach le hIonad Feabhais Naomh Shéamais.
1. Tá gearradh siar ar an chlinic limféidéime (fisiteiripeoir amháin ag obair leis féin féinig) agus beidh orm mo chuid balcaisí limféidéime a cheannach as seo amach - cuireadh ar fáil iad roimhe seo mar is iad siúd amháin a choinníonn an diabhal rud faoi smacht. Sin cúig chéad euro sa bhreis gach bliain.
2. Chaill siad mo chuid sonraí. Mar gheall air seo níor shocraigh siad coinne athbhreithnithe dom go dtí an 30ú den mhí seo - in áit a bheith agam i Mí Mheán an Fhómhair 2013. Cúig mhí mall. Agus ní bheadh an coinne agam fós ach gur chuir mé scáirt ar oifigí éagsúla san áit ag iarraidh fáil amach cér leis mé (cén dochtúir). Sa deireadh ghlac duine den lucht riaracháin uirthi féin mo scéal a fhiosrú. Ghlac sin coicís. Easpa cumarsáide.
3. Dúradh liom ag an mhamagram deireanach go mbeinn ag pilleadh ar mhuintir BreastCheck as seo amach le haghaidh mamagraim gach dara bliain. Fuair mé litir ó BreastCheck le coinne don mhí seo chugainn. Nuair a ghlaoigh mé orthu le míniú nach mbeadh an coinne de dhíth orm ar chor ar bith i mbliana dúradh liom nár cheart dom bheith ar a gcuid leabharthaí a thuilleadh, ach ar leabharthaí Ospidéil Shéamais... Roinnt glaoch gutháin eile leis an scéal seo a chur ina cheart leis an ionad feabhais. Drochthraenáil.
4. Tá trí ríomhphost curtha isteach agam chuig an bhainisteoir gearáin ón Luan. Ach ní bhfuair mé admháil go dtí inniu, nuair a chuir mé cóip 'cc' chuig ball den bhord bainistíochta. Crá croí.
Níl mé sásta.