Showing posts with label Lá an Rí. Show all posts
Showing posts with label Lá an Rí. Show all posts

Wednesday, 27 April 2016

Lá an Rí

Seacláid the ar an chanáil
Tá an lá fuar, gaofar agus an fhearthainn ag bagairt - agus na clocha sneachta.  Inniu Lá an Rí - Moore St. meets Lá 'le Pádraig meets An Twalfth. Lá na Banríona a bhí ann le linn Beatrix ach tá Willem-Alexander acu anois - Liam Buí eile.

Tá siad uilig amuigh ar na sráideanna feanntacha inniu agus a gcuid oraiste á chaitheamh acu mar a chaitheann na hÉireannaigh an glas. Níl mórán daoine sna fichidí ann mar bhí siad uilig amuigh ag ragairneacht aréir go dtí a cúig nó a sé ar maidin. Díreach agus iad féin ag teacht abhaile i Ljouwert, bhí an chéad thonn de na díoltóirí dara láimhe ag teacht amach, go moch, agus daoine ag teacht amach leis na hearraí a cheannach.

Is cuma cé chomh mór ná chomh beag le do chuid earraí inniu, tá cead agat dul amach, spás a aimsiú ar an tsráid, blaincéad a spréadh amach agus do chuid earraí a dhíol.


Tagann 'an stuif maith' amach  go luath, agus imíonn sé chomh gasta. Ach bíonn daoine ag teacht amach ar feadh cúpla uair aa' chloig lena gcuid stuif ar feadh cúpla uair a' chloig anseo is ansiúd ar fud na háite i rith an lae. Is lá spraoi é do go leor páistí.




Ag daoine eile is seans é an teach a ghlanadh amach.
Níl aon pharaid na mórshiúl ann. Ach ar ndóigh, tá X Factor acu san Ísiltír agus daoine ag cleachtadh chuige sin  -

Má théann tú chuig Google.nl tiocfaidh tú ar go leor pictiúirí den ghrian is den uisce geal sna canálacha. Ní mar sin atá cúrsaí inniu, ar ndóigh. Tá sé geimhriúil amuigh inniu, agus na spéartha liath. Ach beidh a lá ag na Liamaigh, inniu,is cuma faoina aimsir.

Monday, 25 April 2016

Oranje


Tá na clocha sneachta ag titim gan stad le trí lá anuas, le corrchith sneachta anseo is ansiúd. Tá na seangáin a bhí ag cur isteach orm cúpla lá ó shin ina gcodladh arís, ná níl tásc ná tuairisc orthu. Anois féin tá toirneach is tintreach ag cur le torann na gclocha ar an fhuinneog agus ar an díon.

Maith an rud é go raibh mé amuigh ag na siopaí ar maidin. Ach amháin nach n-osclaíonn leath na siopaí i Ljouwert maidin Dé Luain. Ná an leabharlann, ná an iarsmalann. Bíonn an áit iontach ciúin maidin Dé Luain. Mar a bhí an Chéadaoin i mBéal Feirste fada ó shin gach tráthnóna Chéadaoin. Dhruid na siopaí tráthnóna Dé Chéadaoin - nós a bhí ag go leor baile fán tír, is dócha.

Ach beidh na sráideanna dubh le daoine Dé Chéadaoin seo, 27ú Aibreán. Lá an Rí. Ar nós an Twalfth sa bhaile, beidh an dath oráiste - dath náisiúnta na tíre - dreaptha nó péinteáilte nó ceangailte le gach lampa sráide, gach fuinneog, gach ráille canálach fud fad Ljouwert. Billy, come home, tá na horáistigh ag dréim leat!

Beidh na bróga snasta, an níochain bainte de na báid.

Ach beidh na sráideanna lán gach duine sa bhaile atá ag iarraidh earraí a ghlanadh amach as an teach a a dhíol ar thaobh na sráide.Tolg agat atá ag titim as a cheile? Tóg amach é, Lá an Rí, agus díol é. Seanchuirtíní? Lá an Rí. Díolta. Dé Chéadaoin.

Beidh sé spéisiúil.