Showing posts with label oráiste. Show all posts
Showing posts with label oráiste. Show all posts

Monday, 25 April 2016

Oranje


Tá na clocha sneachta ag titim gan stad le trí lá anuas, le corrchith sneachta anseo is ansiúd. Tá na seangáin a bhí ag cur isteach orm cúpla lá ó shin ina gcodladh arís, ná níl tásc ná tuairisc orthu. Anois féin tá toirneach is tintreach ag cur le torann na gclocha ar an fhuinneog agus ar an díon.

Maith an rud é go raibh mé amuigh ag na siopaí ar maidin. Ach amháin nach n-osclaíonn leath na siopaí i Ljouwert maidin Dé Luain. Ná an leabharlann, ná an iarsmalann. Bíonn an áit iontach ciúin maidin Dé Luain. Mar a bhí an Chéadaoin i mBéal Feirste fada ó shin gach tráthnóna Chéadaoin. Dhruid na siopaí tráthnóna Dé Chéadaoin - nós a bhí ag go leor baile fán tír, is dócha.

Ach beidh na sráideanna dubh le daoine Dé Chéadaoin seo, 27ú Aibreán. Lá an Rí. Ar nós an Twalfth sa bhaile, beidh an dath oráiste - dath náisiúnta na tíre - dreaptha nó péinteáilte nó ceangailte le gach lampa sráide, gach fuinneog, gach ráille canálach fud fad Ljouwert. Billy, come home, tá na horáistigh ag dréim leat!

Beidh na bróga snasta, an níochain bainte de na báid.

Ach beidh na sráideanna lán gach duine sa bhaile atá ag iarraidh earraí a ghlanadh amach as an teach a a dhíol ar thaobh na sráide.Tolg agat atá ag titim as a cheile? Tóg amach é, Lá an Rí, agus díol é. Seanchuirtíní? Lá an Rí. Díolta. Dé Chéadaoin.

Beidh sé spéisiúil.

Friday, 9 March 2012

Sevilla san Earrach

Bhí mé ag tabhairt cuairte ar an iníon. I mbaile beag taobh amuigh de Sevilla na n-oráistí. Agus díreach ag fuinneog an tí...

ach tá siad searbh, faraor.

Agus titim na hoíche i lár Sevilla...


agus an spéir ag athrú go dubh...

ach bhí an iníon breá sásta ligint dá mamaí í a mhilleadh ar feadh píosa..

agus tagann deireadh le gach aoibhneas, ar ndóigh. Agus b'amhlaidh anseo. An béile is measa dá bhfuair mé riamh sa Spáinn, ar mo bhealach abhaile, sa bhialann i gCríochfort 1 in Barajas i Maidrid...


ní amháin go raibh an burgar lofa agus go raibh an fheoil anaithnid, ach bhris an forc plaistic dhá uair le linn an chéad chúpla bomaite. D'ith mé an yoghurt. Agus d'ól mé an t-uisce. Agus d'fhág mé an burgar....