Showing posts with label litir. Show all posts
Showing posts with label litir. Show all posts

Friday, 28 April 2017

Litir Eile



Tá Peter Boylan ag cosaint sláinte na mban le tamall. Mar iarMhaster ar an Ospidéal Náisiúnta Mháithreachais tá cumhacht agus tionchar aige. Cibé mionpholaitíocht atá ar siúl taobh thiar den chinneadh ospidéal na mban a nascadh le hospidéal ginearálta atá faoi chúram Caitliceach, tá súil agam go dtiocfaidh tuilleadh dochtúirí amach lena dtuairimí a nochtadh. Fanann dochtúirí taobh thiar de na baracáidí go minic i gcásanna achrannacha, ar nós polaiteoirí, ag súil le deireadh na stoirme agus talamh slán. Feicfimid.

Idir an dá linn, siúl agus litreacha. Clóite. Ar pháipéar. Arís. Ní fheadar cén cuntas a scríobhfar ar Simon Harris, an tAire Sláinte atá i mbun an chinnidh seo, sna blianta romhainn?

Agus ar eagla nach bhfuil do shíniú curtha leis an achainí seo...

Litir eile...

A Theachta

Tá mé ag dul i dteagmháil leat chun easaontú go láidir leis an chinneadh idir Ospidéal Shráid Holles (an tOspidéal Náisiúnta Mháithreachais) agus St. Vincent's Healthcare Group. Is mian liom go gcuirfí an cinneadh seo ar ceal chomh luath agus is féidir.

Níl aon áit ag aon chreidimh ná aon eaglais de shaghas ar bith i gcúrsaí sláinte na tíre seo. 

Mar vótálaí sa dáilcheantar, tá mé ag iarraidh ort a chinntiú go dtiocfaidh an t-ospidéal nua mháithreachais faoi chúram iomlán an stáit seachas na heaglaise 

Tá cúpla réiteach ar fáil, ina measc:
Is féidir leis an stát an talamh a cheannach
Is féidir leis na mná rialta/an grúpa sláinte an talamh a dheonú
Is féidir suíomh eile a aimsiú a bheas go hiomlán neamhspleách

Ná déantar beag is fiú do chearta ban.

Tá mé ag súil le do fhreagra agus le dul chun cinn a fheiceáil sna cúrsaí seo.

Is mé

Monday, 24 April 2017

Litir


Beart de réir briathair.

Céim 1:  Teachtaí Dála a aimsiú.

Céim 2: An litir thíos a chóipeáil agus a ghreamú, athruithe a dhéanamh mar is mian leat. Mo bhuíochas le ARC a chuir an bunleagan Béarla ar fáil.

Céim 3: Litir a chur chuig gach Teachta Dála ar ríomhphost agus i gcóip chrua.


Buntéacs:

A Theachta

Tá mé ag dul i dteagmháil leat chun tacú go láidir leis na moltaí um reachtaíocht ginmhillte a cuireadh chun tosaigh ag an Tionól Saoránach ag an deireadh seachtaine. Is mian liom go gcuirfí na moltaí sin i bhfeidhm chomh luath agus is féidir.

Cuireann an tOchtú Leasú isteach go mór ar gach gné de chúrsaí cnáimhseachais an stáit seo.Is síorbhac é ar chearta ban. Is mór an dul chun cinn a bheas ann do mhná, do chailíní agus dóibh siúd atá ag iompar clainne in Éirinn nuair a bheas deireadh leis an Leasú seo.

Vótáil an Tionól go tréan ar son rogha agus ar son athraithe. Mhol siad gan cúiseanna ginmhillte a bheith sa Bhunreacht. Thaispeáin siad go soiléir na coinníollacha inmholta faoinar cheart ginmhilleadh a bheith ar fáil.

Mar vótálaí sa dáilcheantar, tá mé ag iarraidh ort a chinntiú go n-aithníonn an Coiste na Oireachtais toil an Tionóil. Vótáil an Tionól i bhfábhar teacht ar ghinmhilleadh gan aon riachtanas cúis a chur ar fáil (vótáil siad idir 12 agus 22 sheachtaine toirchis ar an phointe seo).

Sa mhullach air seo vótáil siad teacht ar ghinmhilleadh:
dá mbeadh sláinte an té a bhí ag iompair i mbaol
má tá fáthmheas lagaithe ag an fhéatas
de bharr cúiseanna socheacnamaíocha

Níl an dlí atá ann faoi láthair ceart ná cóir. Ní stopann sé ginmhilleadh, ní dhéanann sé ach ginmhilleadh a easpórtáil agus a easpórtáil ag pointe níos moille sa toircheas. Cruthaíonn an mhoill seo fadhbanna breise. Tá géarghá leis an dlí a athrú abhus.

Mháirseáil na sluaite ar na sráideanna le míonna agus le blianta anuas ag éileamh reifrinn leis an Ochtú Leasú a athmheas.
Creideann 87% den Tionól Saoránach nach féidir leis an Ochtú Leasú fanacht mar atá.
Creidim féin gur léiriú beacht an céadatán sin ar thoil an tsochaí atá againn inniu.


Anois tá údarás faighte ag an Rialtas reifreann a ghairm agus reachtaíocht a rith sa réimse seo. Mar vótálaí, beidh mé ag súil le reifreann luath. Beidh mé ag súil le rialtas a dhéanfas beart de réir briathair. Beidh mé ag súil le meas don phróiséas a bhunaigh a rialtas.


Ní bheidh mé ag súil leis an phróiséas a chur ar an mhéar fhada, a chur ar leataobh nó a ligean i ndearmad. Ná déantar beag is fiú do chearta ban.

Tá mé ag súil le do fhreagra agus le dul chun cinn a fheiceáil sna cúrsaí seo.

Is mé