Showing posts with label limféidéime lymphoedema lymphodema bindealú bandaging. Show all posts
Showing posts with label limféidéime lymphoedema lymphodema bindealú bandaging. Show all posts

Saturday, 20 October 2012

Limféidéime agus próifíl



Lámha in airde cé a raibh a fhios agaibh go bhfuil lá oscailte ag Ospidéal Luke i mBaile Átha Cliath don limfidéime inniu? Duine ar bith? Ní raibh ná a fhios agamsa féin ach an oiread. Níor mhiste liom, ná tá próifíl limféidéime íseal go maith, ach bhí mé istigh ag an fhisiteiripeoir limiféidéime inné ar mheasúnú - rud a tharlaíonn gach trí mhí nó mar sin - san 'ionad feabhais' d'ailse brollaigh. Bheifeá ag dréim le póstaeir mhóra. Bheifeá ag dréim leis an fhisiteiripeoir a rá, go háirithe mar tá sé féin ag caint ann agus tá súil agam é bheith mortasach as a cheird.

Ach diabhail focal. Seans nach bhfuil an fisiteiripeoir bródúil as a chuid oibre? Seans gur ar mhaithe le cúpla uair a' chloig saor i rith na seachtaine in lieu an mhaidin Shathairn seo atá sé á dhéanamh? Seans nach dtuigean sé, i ndiaidh tríocha bliain ag obair le mná agus fir le limféidéime gur riocht í atá ar nós píonóis shaoil ag na daoine a ghoilleann sí orthu?

Do na daoine sin a bhfuil fisiteiripeoir ar nós mo dhuine féin acu, go bhfanann an jab ag an doras agus ní théann aon bhlúirín eolais thar an tairseach sin i dtreo amháin ná i dtreo eile, tá deascéal aimsithe agam faoi dheireadh. Tá Lymphoedema Ireland ar ais ar a cosa . Cláraigh anseo agus cuir ríomhphoist isteach ag cuartú eolais go rialta. Níl mórán ar an suíomh féin acu ach tá naisc mhaithe acu chuig suímh eile, seanbhunaithe agus maoimithe níos fearr,  a bhfuil breis eolais acu.

Tuesday, 30 August 2011

Bindealú Lá 11

Coicís d'obair chrua, de thaisteal gach lá agus de mhíchompord. Sin an choicís seo a chuaigh thart. Agus bhí me in ann na póireanna ar an chraiceann ar mo láimh chlé a fheiceáil don chéad uair le trí bliana mar go raibh an teannas imithe.

Agus ansin, d'ullmhaigh mé an dinnéar Dé hAoine. Agus d'éalaigh gal ó na beacáin a dhóigh barr na méara ar an láimh chlé. Agus rith an sreabhán limfeach síos go dtí na méara agus an lámh   lena leigheas....ach gan aon bhealach amach arís, taobh istigh de chúpla uair a' chloig bhí an lámh chomh hataithe is a bhí ariamh.

Chaith mé an deireadh seachtaine ag iarraidh an lámh a bhrúigh síos arís, idir bindealáin agus cuimilt agus aclaíocht. Tá an lámh síos go maith ach níl na póireanna le feiceáil go fóill. ÁÁÁááááááá!!!!!!!

Friday, 26 August 2011

Bindealú Lá 9 agus 10



Cad is féidir a rá? Tá mé i mo ghrainneog ag an phointe seo atá ag dul a chodladh go luath. Tá seachtain eile le gabháil leis an bhindealú, agus chomh luath is a théann na bindealáin ort is beag uilig gur féidir a dhéanamh seachas leabhair agus teilí. Agus blagadáil le méar amháin.(Há! Na sínte bloody fada!)



Cibé ar bith, tá súil agam bheith in Ionad na Scríbhneoirí i gCearnóg Pharnell i mBaile Átha Cliath Dé Domhnaigh ar a 8 tráthnóna agus cúpla dán ón leabhar a léamh ann. Níl Gaeilge mar theanga tí ag an ócáid, agus beidh orm Nana Mouskouri a dhéanamh agus iad a mhíniú roimh ré.

Wednesday, 24 August 2011

Bindealú Lá 8


Bhuel anois, nach seo é. Mo shamhradh. Lucht leighis agus idirlín! Ag imeacht anois chuig an teilí....'Midsomer Murders' ag tosú.

Thursday, 18 August 2011

Bindealú, Lá 4

Mothaím go bhfuair mé leathlá saor ón scoil gan choinne. Bhí gríos teasa ar an chraiceann inniu ó na bindealáin agus beidh orainn fanacht go n-imíonn sé! Ní bhfuair me ach na méara agus an lámh féin bindealuithe. Wú-hú!

Wednesday, 17 August 2011

Bindealú, Lá 3



Bhí mé ag cuartú íomhá den sean prefab ina bhfuil an rannóg fisiteiripe in Ospidéal San Shéamuis, ach níl a leithéid ann. Tá íomhá ann den seanséipéal taobh leis, ach níl teacht ar íomhá réadúil den áit féin.

Lá 3. Tuirsiúil!




Ar ábhar eile ar fad, bhí an fisiteiripeoir ag trácht ar bhean a bhíonn istigh aige atá 92. Aisteoir is ea í, a bhí ina 'réalt' agus í óg, sna 'Little Rascals'. Bhí aithne aici ar Oliver Hardy agus Stan Laurel, agus déanann sí taisteal go fóill go Fleadhanna Scannánaíochta ar an Mhór-Roinn, léi féin!

Sunday, 22 May 2011

Leath-orlach agus an 21ú chéad


Ag triall tríd an trácht Déardaoin seo caite ar Dhroichead na Dothra, is beag gur thiontaigh mé ar an bhealach abhaile. Dhá uair a' chloig ó Bhéal Feirste go dtí an Pointe, agus uair a' chloig ón Phointe go dtí Bóthar Northumberland. Agus traochta ón trácht ina stad. Maith thú, a Eibhlís na Breataine - agus an chomhdháil i staid Lansdúin chomh maith!

Ach b'fhiú an turas. Is ann a dhéanaim na meáchain le Coach Marie Murphy i gCumann Ailse na hÉireann, nuair is féidir. Agus tá sí ag tomhas gach rud le linn an ama. Rinne muid ár gcuid meáchain Déardaoin mar is gnách, agus mhothaigh mé an fuinneamh ag teacht ar ais imo chorp. Agus ansin thomhais sí mo sciathán - an ceann leis an limféidéime. Bhí leath-orlach caillte agam taobh istigh de cheithre sheachtain. 'Nois, ní chiallaíonn sé sin rud ar bith do dhaoine nach mbaineann le limféidéime, ach don té atá ar an eolas, is ionann leathorlach agus bindealú seachtaine nó coicíse, agus an míchompord a bhaineann le bindealáin mhóra mhíofara.

Bhí iontas orm, agus lúcháir. Go raibh maith agat, a Choach Murphy, as limféidéime a thógáil isteach san aonú haois fichid. Tá an clinic a bhfuil mé ag freastail air sáite sa naoú céad déag leis, ach ar a laghad tá Cumann Ailse na hÉireann agus Marie Murphy ag treabhadh leo agus ag úsáid modhanna níos éasca agus níos pléisiúrtha le déileáil leis!

Agus ar ndóigh, an chuid is mó againn níl muid ag obair, nó mo dhalta féin táimid ag obair ar uaireanta srianta ó bhí an ailse orainn. Agus is mór an gar dúinn rud mar seo bheith saor in aisce, mar is cinnte nach mbeinn in inmhe íoc as an aird chéanna agus an scil atá curtha ar fáil dúinn.

Bualadh bos don Chumann agus don Choach. Gabhaim buíochas libh as mé a ghlacadh ar an chlár seo. Agus ní dhéanann sé aon dochar do mo ghruaim ach an oiread!

Tuesday, 30 November 2010

tháinig na bindealáin!

bhuel, bhuel, bhuel...tháinig na bindealáin chaola sa deireadh thiar thall. Thugamar faoin bhindealú arís, an chéad uair le cúig lá i ndiaidh don chraiceann briseadh amach le tochas.

Agus tchífimid caidé mar a éiríonn liom agus le mo chraiceann.

Ag siúl amach ón prefab - áit a bhfuil an rannóg fisiteiripe lonnaithe in James's, stopamar ar feadh cúpla soicind. Chrom an fisiteiripeoir gur thóg sé babhla lán uisce ón urlár. Dhoirt sé an t-uisce isteach in doirteal a bhí lámh linn agus chuir sé an babhla ar ais ar an urlár. Shín sé a mhéar leis an solas sa síleáil, áit a raibh deor ag sileadh anuas.
'Anois go bhfuil an sneachta ag leá tá na poill sa díon ag ligean uisce isteach. Bíonn sé againn chomh maith in aimsir fhliuch.'

Centre of excellence' .....

bindealú láimhe

http://www.youtube.com/watch?v=K9EOiNc9860



Tuesday, 23 November 2010

Easpa bindealán




Fuair mé leigheas ar an turas seo ailse ó thuaidh. Agus mar gheall ar an limféidéime? Bhí foireann sainfhisiteiripeoirí i seomraí snasta, péinteáilte; bhí gach áis ar fáil, gach mionrud mar ba cheart dó bheith.

Agus anois tá mé ag freastal ar chlinic limféidéime i mBaile Átha Cliath. Fisiteiripeoir amháin don ospidéal ar fad, James’s, ospidéal gur ‘centre of excellence’ é d’ailse brollaigh. Duine amháin le déileáil le gach bean a dtagann limféidéime uirthi i ndiadh na hailse. Seomra amháin sa ‘centre of excellence’. Seomra suarach, péint sheanchaite ar na ballaí, téitheoir beag leictreach sa choirneál.

Bhí mé istigh inné don bhindealú. Ní raibh a fhios ag an fhisiteiripeoir gur cúrsa bindealaithe a bhí le tosú agam mar ní raibh nóta aige ina chomhad ó mo chuairt dheiridh. Ni raibh a fhios aige nach bfuair mé lámhainne agus muinchille a gealladh roinnt mí ó shin mar ní raibh aon nóta aige (ina chóipleabhar, ar ndóigh, peann agus pár). Agus ní raibh a fhios aige cá ndeachaigh na héadaí, dá mba rud é gur ordaíodh iad ar chor ar bith. Níor ghabh sé leithscéal, níor ghabh sé pardún. Ba léir go bhfuil sé ag iarraidh snámh in aghaidh an easa sa prefab suarach a bhfuil sé istigh ann.

Bíonn roinnt sraith bindealán ann sa phróiséas seo. Theip orainn ag an chéad cheann – bindealáin bheaga mhíne do na méara. D’ordaigh sé iad roinnt seachtainí ó shin. Ach ní raibh siad ann. Thosaigh mé ag gáire, ar an ospidéal seo gan bindealán, gan ríomhaire, gan péint úr. B’fhearr liom gáire ná gol. Agus leanamar linn gan iad. Chuir sé muinchille mín ar mo láimh. Chas sé bindealán tiubh plaistic thart air sin. Agus chuir sé bindealán láidir donn sa mhullach air sin anois. Agus leanfaidh sé leis seo ar feadh roinnt seachtainí, roinnt lá gach seachtain.

Tchífimid an mbeidh bindealáin aige do na méara amárach...