Showing posts with label Cáisc 2016. Show all posts
Showing posts with label Cáisc 2016. Show all posts

Friday, 8 April 2016

Um Cháisc i mBéal Feirste, Cuid 1

Labhrás, ag ligean a scíth sa chaifealann sa Chultúrlann. 



Athraíonn siad na 'muriels' ar bhallaí Bhéal Feirste go rialta. Chinn mé cúpla grianghraf de chinn na Casca 2016 a thógáil, agus mé ann an tseachtain fhlichshneachtúil gheimhriúil earraigh seo, mar go mbeidh roinnt acu imithe agus cinn nua ina n-áit faoin am a mbeidh mé ar ais ón Fhreaslainn. Bhí mé ag iarraidh taifead fosta ar ghnéithe den phobal ar fhás mé aníos ann, don scríobh. Ní múrach atá ann thuas, mar shampla, ach leac cuimhneacháin ar dhaoine a fuair bás le linn troda sna seachtóidí agus na n-ochtóidí. Tá na leaca seo breactha thar bheanna tí fud fad iarthar Bhéal Feirste. Tá an ceann seo cúpla méadar ón teach ar fhás mé aníos ann.
Bun Beechmount. Dealbh úrnua de James Connolly díreach taobh le múrach de Phat Finucane, dlíodóir a máraíodh ag arm na Breataine. Tuigim go mbíonn leisc ar dhaoine a admháil gur tharla gníomhartha salacha ar an dá thaobh. Ach ní thig an fhírinne a dhiúltú. Níl mé cinnte faoi na gníomhartha bheith greannta ar bhallaí, ach níl mé i mo chónaí sa cheantar a thuilleadh, agus mar sin de níl mé chun breithiúnas tiomanta a thabhairt air seo. Tuigim an fáth go bhfuil sé ann.
Cúpla slat eile. Creidim go bhfuil sé íorónach go bhfuil ómós á thabhairt do mhná fadó ach níl meas dleathach ar mhná ar an dá thaobh den teorainn sa lá atá inniu ann. Rinneadh feall ar chearta ban ar an dá thaobh den líne sin, mar gheall ar an diongbháltacht creidimh teacht salach ar stádas ban - creideamh Críostaí de chineál amháin nó de chineál eile.
Insím scéal na lilí do mo chomhghleacithe ó dheas. I dtús báire i rith m'óige bhí an suaitheantas lile ann a ghreamaigh tú ar do chóta. Bhí glé ar thaobh amháin de agus ba é an IRA a dhíol e taobh amuigh de na heaglaisí Domhnach Cásca. Ansin scar an IRA ina dhá leath, agus bhí rogha agat. Lile a ghreamaigh tú leis an ghlé stickyáilte nó lile a ghreamaigh tú le pionna. De réir an saghas lile a chaith tú bhí tú ag fógairt an ag tacú  leis na Stickies nó leis na Provies a bhí tú.
stailceoirí ocrais á gcomóradh. 

Teideal eile ar Beechmount Avenue is ea RPG Avenue.





Rinne daoine an-iarracht siopaí a mhealladh le comharthaíocht Gaeilge sa 'Cheathrú Gaeltachta' seo cúpla bliain ó shin. Tá go leor de imithe ó shin ach tá rian anseo is ansiúd.


Agus an Chultúrlann i gcroílár na comharthaíochta. Am tae.











Ag déanamh mo mhachnaimh



Cumann na mBan
Bhí mé ó thuaidh inniu, i mBéal Feirste, an áit inár tógadh mé. Bhí mé cúpla lá ansin ag fagáil slán le m'athair sula rachainn trasna na dtonnta go dtí an Mhuir Thuaidh. Tá m'athair sean agus cónaíonn sé leis féin; de ghnáth cuirim scairt air achan oíche sula dtéann sé a luí. Sin cúram amháin a fhágfas mé i mo dhiaidh agus mé thar lear. Tá cúraimí eile, ar ndóigh, go háirithe mar bhean, idir teallach agus teaghlach ann. Tá na sceitimíní ag tosú, ag smaoineamh ar an saoirse ama a bheas agam (agus ag Mor atá a fhios - tá mé réchúiseach go leor faoi na cúraimí sin!).
rómánsúlacht ar na sráideanna
Fhad is a bhí mé ansin thug mé ruathar thart ar na sráideanna i mo cheantar féin agus bhuail sé isteach i m'intinn gur mór an difir idir mo bhaile dhúchais féin agus an áit a raibh mé ag gabháil chuige. Tá an t-oileán ar fad díreach i ndiaidh comóradh a dhéanamh ar 100 bliain ó Éirí Amach na Cásca, agus tá a rian ar gach binn tí ar an bhóthar. Agus tá comharthaí eile ann chomh maith:
James Connolly agus Pat Finucane
Úsáidim an cúlra polaitiúil ó m'óige cuid mhaith sna scéalta, ach mar chúlra amháin. Is iad na daoine is tabhachtaí iontu, chan an pholaitíocht. B'fhiú an tsiúlóid síos chun na Cultúrlainne inniu agus ar ais le tosú ag machnamh. Níl fágtha anois ach smidiríní  den impireacht a bhí ann céad bliain ó shin ach ar nós seandálaí, beidh gá leis na smidiríní a dhianscrúdú le pictiúr a shamhailt.


Sunday, 13 March 2016

Turas Ghlas Naíon

Elizabeth O'Farrell agus Sheila Grenan
Bhí an mac liom ar thuras treoraithe thart ar Ghlas Naíon inné, mar chuid d'imeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Is iomaí uair a bhí mé istigh sa reilig ag adhlacadh, ach ní dhearna mé 'an turas' ariamh. Nuair a chonaic mé ar chlár Sheachtain na Gaeilge é shíl mé gur aiméar maith a bheadh ann aithne 'eile' a chur ar an áit.

Tá measarthacht Gaeilge an an fhear a thug thart muid, ach bhí sé ag brath ar an ghrúpa roinnt téarmaí a sholáthar dó ó am go chéile. Roinnt de na freagraí a fuair sé ... bhí siad  ait. Ach ní raibh mé chun scairtigh amach le daoine eile a cheartú. Ach luaigh sé gur féidir le grúpaí scoile agus eile turas a chur in áirithe trí Ghaeilge. Tiocfaidh feabhas air, de réir a chéile.

Ní dheachaigh muid  thart ar feadh achair mhóir san áit, díreach ar an phíosa is gaire don gheata tosaigh. Daoine a bhain le polaitíocht an Éirí Amach, mar shampla,
Roger Casement, atá le haistriú go Murlach ar chósta Aontroma  amach anseo
  An Stáitín nua, ar nós -  
Margaret Brown
Daoine a tháinig rompu siúd, ar nós Daniel Ó Connell ina chónra
cónra Ó Connell
Ba mhaith liom dul ar ais agus cuairt a thabhairt ar Bhreandán Ó Beacháin (nó ar a uaigh, ar a laghad), taobh leis an Gravedigger's Arms. Agus tuilleadh a fháil amach fá dhaoine eile atá curtha ansin - scríbhneoirí, ealaíontóirí, Gaeil.  Ba dheas cúpla uaigh eile a aimsiú fosta.


Lá éigin eile. De ghnáth bím faichilleach go leor i reilig. Bíonn siad ciúin de ghnáth, agus bíonn daoine aisteacha iontú (beo) agus ní deas an áit iad do dhuine a bhíonn ag siúl leis/léi féin. Ach bhí an áit plódaithe le turais agus le turasóirí agus cuairteoirí. Idir seo agus an Cháisc beidh go leor ar siúl ann. Cuid mhaith de na himeachtaí is gá áit a chur in airithe roimh ré, ach tá siad aor in aisce. Am maith le spaisteoireacht a dhéanamh.
drámatú ar óráid an Phiarsaigh ag uaigh Uí Dhonnabháin Rosa