Friday 8 April 2016

Ag déanamh mo mhachnaimh



Cumann na mBan
Bhí mé ó thuaidh inniu, i mBéal Feirste, an áit inár tógadh mé. Bhí mé cúpla lá ansin ag fagáil slán le m'athair sula rachainn trasna na dtonnta go dtí an Mhuir Thuaidh. Tá m'athair sean agus cónaíonn sé leis féin; de ghnáth cuirim scairt air achan oíche sula dtéann sé a luí. Sin cúram amháin a fhágfas mé i mo dhiaidh agus mé thar lear. Tá cúraimí eile, ar ndóigh, go háirithe mar bhean, idir teallach agus teaghlach ann. Tá na sceitimíní ag tosú, ag smaoineamh ar an saoirse ama a bheas agam (agus ag Mor atá a fhios - tá mé réchúiseach go leor faoi na cúraimí sin!).
rómánsúlacht ar na sráideanna
Fhad is a bhí mé ansin thug mé ruathar thart ar na sráideanna i mo cheantar féin agus bhuail sé isteach i m'intinn gur mór an difir idir mo bhaile dhúchais féin agus an áit a raibh mé ag gabháil chuige. Tá an t-oileán ar fad díreach i ndiaidh comóradh a dhéanamh ar 100 bliain ó Éirí Amach na Cásca, agus tá a rian ar gach binn tí ar an bhóthar. Agus tá comharthaí eile ann chomh maith:
James Connolly agus Pat Finucane
Úsáidim an cúlra polaitiúil ó m'óige cuid mhaith sna scéalta, ach mar chúlra amháin. Is iad na daoine is tabhachtaí iontu, chan an pholaitíocht. B'fhiú an tsiúlóid síos chun na Cultúrlainne inniu agus ar ais le tosú ag machnamh. Níl fágtha anois ach smidiríní  den impireacht a bhí ann céad bliain ó shin ach ar nós seandálaí, beidh gá leis na smidiríní a dhianscrúdú le pictiúr a shamhailt.


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.