Saturday 2 April 2016

Ag déanamh réidh


Tá an phingin ag titim. Tá mé ag dul ar thuras go Leeuwarden/Ljouwert i dtuaisceart na hÍsiltíre. Tá mé ag dul Ar Thuras, mar a déarfá.

Rud amháin atá mé ag fáil amach - is deacair mórán a aimsiú faoin Fhreaslainnis agus Freaslannaigh ar an idireadarlíon. Tá an Fhreaslainnis ina garghaol don SeanBhéarla. Níl SeanBhéarla agam ná Gearmáinis/Ollainis/aon teanga eile a bhéarfadh faoiseamh domh ach oiread -  beidh orm ranganna a eagrú domh féin agus mé ann. Nóta: téacsleabhar Gaeilge a thabhairt liom. Seans go mbeidh mé in ann malartú foghlama a eagrú thar chaife.
http://www.worldatlas.com/webimage/countrys/europe/lgcolor/nlcolor.htm

Deir Nuala Ní Fhlathúin liom go bhfuil neart caiféanna thall. Tá lúcháir orm go bhfuil sí féin ansin ar chónaitheacht ealaíne. Cara sa chúirt.
Bhí mé ag léamh a blagsa ar an tréimhse, agus beidh sé pléisiúrtha cuairt a thabhairt ar a stiúideo i Marrum.

Beidh ábhar léitheoireachta liom agus cóipleabhair don scríobh. Cúpla smaoineamh ag borradh anois féin. D'inis mé do m'athair go raibh mé ag dul trasna. Tá sé 92. Thug sé cúpla scéal domh faoi sheanuncail leis, ó Mhuineachán, a chuaigh ag troid leis na Bóraigh sa naoú haois déag. Bhí sé ag troid in éadan na Sasanaigh. Ba leor sin. Ba chuma cé acu taobh an raibh an ceart acu - má bhí an ceart ag aon taobh. Ba leor go raibh coimhlint ann, lámh ag impireacht na Breataine ann, agus eisean ar an taobh eile.
Tús le machnamh... Níl go leor ar eolas agam faoi na Bóraigh nó an bhfuil aon bhaint acu leis an Fhreaslainn, fiú. Tá ualach agus iarsmaí an impireachais le braithstin go mór ar shráideanna Bhéal Feirste go fóill, mar is léir ó chuimhní m'athara agus ó shráidainmneacha na háite. Ach is tús é. Beidh le feiceáil an bhfuil aon rian den stair áirithe sin nó den bhéaloideas sin ann sa Fhreaslainn. Agus cén tuairim atá ag daoine air sa lá atá inniu ann, anois go bhfuil ré na n-impireachtaí thart.
ní i bhfad ón chrann... cúpla slat ó theach m'athara - borradh eile sa tsiúl
Ar ndóigh, cuirfidh mé suim sa tír máguaird. Beidh mé ag fanacht i Ljouwert/Leeuwarden ach cluinim go bhfuil tránna áille sa tír. Níos áille ná ár gcuid féin? Beidh le feiceáil...
Bá na Binne Deirge, Contae an Dúin

3 comments:

  1. Is duine álainn í Nuala, a Réaltán... áthas orm a chloisteáil go bhfuil sí thall, mar chara sa chúirt agat! Ag súil go mór le bhur dtuairiscí a léamh... ☺

    ReplyDelete
  2. Is duine álainn í Nuala, a Réaltán... áthas orm a chloisteáil go bhfuil sí thall, mar chara sa chúirt agat! Ag súil go mór le bhur dtuairiscí a léamh... ☺

    ReplyDelete
  3. Go n-éirí leat.


    Fearn

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.