Showing posts with label reifreann. Show all posts
Showing posts with label reifreann. Show all posts

Friday, 25 May 2018

Aoife



Bhí mé ag obair ar an fhoireann chéanna le hAoife ar feadh roinnt bliana. Phós sí, agus in am tráth d'éirigh sí torrach. Bhí sceitimíní uirthi mar gheall air seo, an chéad pháiste dá clann féin. Rinne gach duine ar an fhoireann comhghairdeas léi. Bhí loinnir sna súile aici, bhí gáire ina glór

Ansin tháinig sí isteach lá amháin agus ní raibh aon lúcháir uirthil. Bhí an fuinneamh imithe as a coiscéim. Chuaigh an scéal thart - ní bheadh aon leanbh ann. Bhí corp an linbh ag fás ann ach bhí rud éigin cearr leis an inchinn agus ní shaolófaí aon leanbh ina bheo. Chaithfeadh sí an leanbh marbh-ach-ag-fás a choinneáil sa bhroinn go cionn go leor míonna eile go dtí go sceithfeadh a corp é go nádúrtha. Mar ní raibh aon chead ag na dochtúirí an féatas gan dóchas a bhaint amach.

Gach lá ar feadh roinnt seachtainí tháinig sí isteach agus theagasc sí déagóirí a bhí ag iarraidh bheith deas léi, le foireann a bhí ag iarraidh labhairt ar aon ní eile faoin spéir ach toircheas agus a gcuid páistí féin. Dimigh an gáire aisti, an lúcháir, an dóchas.

Tháinig sí ar ais i ndiaidh laethe saoire na Cásca agus ní raibh sí torrach a thuilleadh. Níor chuir aon duine aon cheist os ard.

Vótálaigí #TÁ inniu. Le mbur dtoil.


Monday, 30 September 2013

Shiúil mé soir

 
Shiúil mé soir agus shiúil mé soir thart ar bhailte fearainn Leamhcáin inniu agus seo an t-aon phóstaer atá ann i nGaeilge mar gheall ar an reifreann a bheas againn ar an Aoine. Fianna Fáil? Kunta Kinta gur mhaith leo Níl - i nGaeilge agus i mBéarla. 

Agus níl ann ar fud an phobail ach tagairt don Seanad. Níl aon tagairt ann do dara reifreann ar an Chúirt Achomhairc. Thoir ná thiar.

Ar ndóigh, níl mórán de phóstaeir ann ar chor ar bith.

Lucht Oibre, is léir go bhfuil cúrsaí toghchánaíochta ina chíor thuathail acu. Tá an Pháirtí ag moladh vóta 'Tá':

Ach níl a fhios ag an Teachta Dála áitiúil cén bealach a vótálfaidh sé féin, fiú. Tá faitíos ar an Teachta theacht anuas den díog leis an teideal atá aige ar an díospóireacht gur mhaith leis a chur sa tsiúl. Nó an bhfuil mé ciniciúil má mheasaim nach bhfuil anseo ach slí lena ainm a chur i mbéal an phobail agus a phróifíl a ardú:

Agus tá an comhairleoir áitiúil ag rith glan in éadan a páirtí-sé. Tá sí dubh agus bán anseo thíos (agus dearg, dar ndóigh). Ag cur a próifíl féin amach ansin, agus ag cur in iúl don phobal gur bean di féin í. Níl aon sinn féin inti-se ach 'mé féin':
 
Fine Gael? Níl siad féin ró-thugtha do líne na páirtí ach an oiread, is cosúil. Níl an póstaer thíos ag cur 'faigh réidh leis an Seanad' chun tosaigh ar bhealach ró-láidir, i ndáiríre:
 
Mar nóta scoir - cosnaíonn sé timpeall cúig chéad euro trí chéad póstaer a chur amach. Déan cuntas ar na póstaeir i do cheantar féin agus meas cé chomh práinneach is a mheasann na páirtithe éagsúla an reifreann seo bheith.