Showing posts with label St James's. Show all posts
Showing posts with label St James's. Show all posts

Thursday, 30 January 2014

Ionad Fawlty Feabhais



Shílfeá, nuair atá trí ghearán i ndiaidh a chéile curtha isteach chuig ionad feabhais agus cóipeanna curtha chuig polaiteoirí agus Cumann Ailse na hÉireann agus daoine eile nach iad, shílfeá go bhféadfaí bheith ag súil le feabhas ón ionad feabhais. Shílfeá.

Bhí coinne athbhreithnithe agam ar maidin san ospidéal. Wú-hú! Ag fanacht air seo ó shamhradh 2012. Bhí go maith is ní raibh go holc. Ach thosaigh an dochtúir a chur ceisteanna crua orm faoi na drugaí chaemo a tugadh domh agus seo agus siúd agus an rud eile, agus mar nach raibh nótaí liom, bhí air a admháil sa deireadh nach raibh mo nótaí acu féin ó Bhéal Feirste ach oiread. Fós. Go fóill. Faic. Dada.

Rinne an dochtúir iarracht milleán a chur ar an Ionad Ailse i mBéal Feirste, ach ós rud é go raibh mé ag caint leis an oifig ailse ann mar gheall ar mo chuid sonraí a chur ó dheas trí huaire i samhradh 2012, agus ós rud é gurb iad muintir Bhéal Feirste a bhí buartha faoi na sonraí a chur chuig an duine ceart i mBaile Átha Cliath, mhínigh mé dó gur dhóiche gur cailleadh áit éigin sa chóras abhus iad.

Bhí go maith is ní raibh go holc. Shílfeá. Ag deireadh gach ruda, ar sé, 'bhuel anois, socróimis mamagram duit, mar sin.'
Arsa mise, 'ó, bhuel, tá sin socruithe ag na banaltraí brollaigh le coicís anuas, tá dáta acu dom amach anseo i Márta nó Aibreán. Bhí fadhb agam dáta  agus eolas ceart a fháil ach tá sin uilig réitithe anois.'
'Bhuel,' ar sé, ag féachaint ar an scaileán ar an ríomhaire, 'deir sé anseo go raibh ceann le bheith agat trí sheachtain ó shin.'

Ar a laghad, níor iarr sé an milleán fá choinne sin a fhágáil ar Bhéal Feirste.

Gearán eile curtha.

Tuesday, 2 August 2011

Fanaimis, ag análú i rith an ama

Leanann an saol leis. Agus leanann mo chorp ag comhrac liom. Dá mbeinn beo sa mheánaois...bhuel, ní bheinn beo ag an phointe seo, ar ndóigh. Dóite i mo chailleach, cinnte, nó feoite ag an ailse. Ach tá mé beo inniu. Agus tá clamhsán nua agam. Ailse...limféidéime...histireachtóime... dúlagar (ón Tamoxifen)...bearna charpach (ón Aromasin)... agus anois, sa mhullach air sin, diaibéiteas. Chuir an dochtúir teaghlaigh nóta chuig an chlinic diaibéitis cúpla seachtain ó shin chun go gcuirfidh siad fios orm. Fanaimis, ag análú linn i rith an ama.

Ach anois, cúis áthais (?). Tá mé i ndiaidh coinne ospidéil a fháil do St. James's anseo i mBaile Átha Cliath, do Mheán Fómhair. Tá sé chomh fada sin ó d'iarr mé é nach cuimhin liom cad chuige é. I ndáiríre. Amharc ar an liosta thuas. Rachaidh mé ann, ar ndóigh, agus beidh sé mar 'Magical Mystery Tour' domh ar an lá...

'Dia dhuit, a bhean uasail.'
'Mor is Muire dhuit, a dhochtúir shaibhir'
'Bhuel anois, an féidir leat a inse domh cad tá ag cur isteach ort'
Ní féidir, a dhochtúit'
'Ó?'
'An dtuigeann tú, is saindochtúir thú i réimse an-bheag ar fad ar fad, agus ní fiú domh dul síos tríd mo liosta go dtí go n-insíonn tusa domhsa cén réimse atá agat. D'iarr mé an coinne seo níos mó ná dhá bhliain ó shin, is dóigh liom...ach níl mé cinnte. Agus tá mo chorp chomh casta sin i láthair na huaire go bhféadfá bheith i do speisialtóir ar thrí rud éagsúil ar a laghad.'

Tchífimid. Watch this space. Ach bí ag análú. Beidh sé tamall fada sula dtagann a n t-ospidéal chugam le coinne don diaibéiteas, tá mé ag déanamh. Mí Iúil 2011 anois....

Thursday, 16 June 2011

Ionad ar fheabhas...arís.

Is deacair a shamhlú chomh ciotach leis an ionad ar fheabhas atá agam féin don limféidéime. Chuir mé scáirt orthu an tseachtain seo, mar gur ghlac siad miosúr do bhall nua éadaigh (muinchille speisialta) mí ó shin. Ar dtús, ní raibh an fáiltitheoir sásta ligint domh labhairt leis an fhisiteirpeoir - ní faic di siúd mí feithimh, is cosúil. Agus nuair a fuair mé tríd chuige ní raibh sé in inmhe teacht ar thaifead gur ordaigh sé an bloody rud.
'An bhfuil tú cinnte gur thomhais mé an lámh?'
Ní raibh a fhios aige - ní choinníonn sé taifead, is léir.
Sin an dara huair gur tharla seo, agus mar a mheabhraigh m'iníon domh, gan trácht ar an am gur thomhais sé an lámh go contráilte agus go bhfuair mé muinchille ró-mhór.
An Clinic Limféidéime in Ospidéal San Shéamais. Seachain é.