Showing posts with label Seanadóirí. Show all posts
Showing posts with label Seanadóirí. Show all posts

Monday, 17 December 2012

Na cártaí, na cártaí



Níl mórán cártaí againn i mbliana. Ní gearán atá ann, ar ndóigh.

Tá céile agam atá bainteach leis an Pholaitíocht (seachas mé féin atá bainteach leis an pholaitíocht). Mar thaobh-éifeacht ar an ghníomhaíocht seo, faigheann sé cártaí Nollag ó Sheanadóirí éagsúla, uilig ag guí Nollaig faoi shéan orainn ar fad. Agus ag cur i gcuimhne dúinn go bhfuil siad ansin má tá comhairle le hiarraidh ná le tabhairt. Ar eagla go ndéanfadh mo chéile dearmad orthu. Agus dá ndéanfadh sé dearmad orthu, agus dá dtitfeadh an rialtas as a chéile roimh an Nollaig seo chugainn bheadh Seanad nua le toghadh. Ergo ...  'seo mé, a chomhairleoir, Seanadóir a sheasfas an fód duit agus a bheas ann duit in am an ghátair ... Nollaig shona is Áthbhliain faoi mhaise ...'

Ba rud é a chuir olc orm i dtólamh. Smaoinigh mé ar an airgead seo ar fad curtha amú idir clódóireacht agus rúnaí/céile/cara bheith ag síniú na gcártaí in ainm an tSeanadóra (nó níos measa arís, ag stampáil a  s(h)íniú go huathoibríoch le stampa speisialta. Gan tagairt ar chostas an phostais. Tá a fhios agam go mbíonn daoine ag maíomh go bhfágann sé obair sa bhreis ag clódóirí áitiúla (rud atá fíor) ach tá go leor oibre acu i láthair na huaire ag cló ábhar mhargaíochta ó gach siopa, ollmhargadh, bialann agus seirbhís áitiúil. Tá a fhios agam. Faighim an t-ábhar seo curtha isteach i mo bhosca poist gach maidin, tráthnóna agus oíche ar na laethe seo. Folmhaím urlár an halla - áit a dtiteann siad - agus caithim díreach isteach sa bhosca glas iad le athchúrsáil sa dóigh is nach mbáitear mé le páipéarachas.

Bhí an t-am ann roimh ríomhphost go bhfuair an céile gach rud i gclúdach sa phost. Gach miontuairisc ar chruinniú, gach fógra faoi chruinniú, gach iarratas ar bheith i láthair ag ócáid shóisialta, gach iarratas ar fheidhmiú ar son toghthóra sa cheantar vótála. Ach ó d'fhoghlaim na Polaiteoirí bunscileanna ríomhphoist tá an tuile sin tráite, a bhuí le Mor! Shíl mé gur trí ríomhphost a bhí an céile ag fáil teachtaireachtaí na Nollag i mbliana, ach is cosúil nach bhfuil sé ag fáil rud ar bith nua nó as an ghnáth don am seo bliana.

Agus ar ndóigh, bhí amanna ann go bhfaigheadh sé dhá chárta ón Seandaóir céanna. Mar tá sé ar dhá liosta. Liosta vótála óna iar-ollscoil agus liosta eile vótála mar ionadaí poiblí. Agus sin mise gan oiread is vóta amháin. Don Seanad. Mar 'Nordie', ba cheart go mbeinn buíoch go bhfuil vóta ar bith agam, b'fhéidir.

Ach níl na cártaí ag teacht i mbliana. Agus is muid atá buíoch, mé féin is an chlann. Agus an ceile? Is ar éigean a thugann sé faoi deara go bhfuil aon easpa ann i mbliana.