Showing posts with label catalan. Show all posts
Showing posts with label catalan. Show all posts

Monday, 14 May 2012

Barcelona Gaels ag ithe


ar fáil ar http://www.youtube.com/watch?v=cUmUUZynuAA&feature=relmfu

Caithim tréimhse anois agus arís ag 'caint' le fíorChatalan darb ainm Jordi, ar Facebook. Tuigeann sibh cad is fíorGhael ann? Níl siad 'fíor' ar chor ar bith i gcomparáid leis an fhíorChatalan seo. Cuireann sé naisc in airde ar mo leathanach chomh maith. Bhí sé ag trácht cúpla lá ó shin ar chlár Catalan darb ainm 'Karakia', a chuireann cócaireacht ó thíortha eile roimh an lucht féachana ar an teilifís Catalan. TC33, más mian libh, in áit TG4.

Seo píosa ó chlár ar thrácht sé air, Baill den fhoireann pheil Ghaelach i mBarcelona, na 'Barcelona Gaels', agus iad i mbun cócaireachta 'al irlandés'. Tá moll mór de na píosaí seo in airde ar YouTube. Níl mé chun iad uilig a chur anseo, ach má théann sibh isteach in YouTube don chéad cheann, tchífidh sibh naisc chuig na píosaí eile den chlár ar thaobh na láimhe deise, agus is féidir libh féachaint orthu de réir mar a oireann. In Catalan an tráchtaireacht, ach fiú do na daoine sin nach bhfuil Spáinnis nó Fraincis nó Iodálais féin acu le cuidiú leo é a thuigbheáil (ní thuigim féin gach focal ach tuigim an bhrí, a mhórán ná a bheagán), tá na híomhánna agus an ceol mealltach go leor.

Mar fhocal scoir - níl a fhios agam cén bharúil atá ag Jordi de léarscail na hÉireann ag tús an phíosa seo!

Thursday, 3 May 2012

Catalan sa Fhrainc


Tá mé ag comhrá le Catalan ar an aimsir seo ar Facebook. I gCastaílis, mar níl go leor Béarla aige (agus ní maith leis Béarla ach oiread ) agus ainnoin is gur féidir liom roinnt Catalan a aithint níl mé in ann ag comhrá! Tá sé spésiúil go maith fá chúrsaí teagan ann i láthair na huaire agus fíochmhar ar son na teanga.Thug sé an suíomh seo thuas dom, suíomh a chuireann síos ar escolas sa Fhrainc. Tá go leor den suíomh ar fáil i mBéarla agus i bhFraincis fosta.

Tá cuma uaigneach ar na scoileanna ar an suíomh. Ocht scoil ar fad sna réigiúin seo ar fad, cuid acu an-scartha óna chéile. Ach an t-aon ionadh atá orm ná go bhfuil aon scoil ann ar chor ar bith! Níl sé de chlú ar na Fraincigh go ligeann siad do na teangacha uile sa tír feidhmiú san earnáil phoiblí - Catalan, Bascais, Briotáinis, Corsaicis, Ocsatáinis.

Monday, 30 April 2012

Catalan agus Castaílis




Tá ceithre mhilliún cainteoir dúchais Catalan  agus cúig mhilliún eile  a bhfuil an teanga sin ar a dtoil acu agus á labhairt go laethúil sa Spáinn.

 In ainneoin Franco bheith ag iarraidh an teanga agus na daoine sa Chatalóin a chur faoi chois agus a aontú go cultúrtha agus go teangeolaíoch le Castaílis le linn a réime, tá an teanga beo léi. Sa lá atá inniu ann, tá stádas ag an teanga comhionann leis an Chastaílis.

Tá scoileanna acu a fheidhmíonn trí Chatalan. Má chónaíonn tú i gceantar ina labhraítear Catalan go hiondúil (Catalantacht), beidh Catalan ina teanga scoile do na hábhair ar fad. Ar nós na nGaelscoileanna anseo in Éirinn, teagascaítear Béarla mar ábhar scoile iontu chomh maith.

Tá sé spéisiúil go bhfuil an socrú seo faoi léigear i láthair na huaire. Tá trí thuismitheoir de bhunadh na Castaílise ag bagairt dlí mar geall ar an réiteach seo. Maíonn siad go bhfuil an córas seo ag déanamh leatroim ar a gcuid páistí mar nach bhfuil clár iomlán na scoile ar fáil trí Chastaílis chomh maith. Tháinig ordú cúirte aníos i Meán Fómhair 2011 go gcaithfidh a leithéid a chur ar fáil faoi choinníollacha áirithe ach tá lucht Castaílise ag iarraidh an teanga lárnach sa Spáinn a bhrú chun tosaigh arís eile agus an Catalan a bhrú ar gcúl ó thaobh scolaíochta de. Agus tá muintir na Catalóine feargach. Is léir go bhfuil Franco san uaigh, ach nach bhfuil a lucht leanta amhlaidh, ná na luachanna - a chuirfeadh ar an Spáinn pilleadh ar aonteangachas agus ar an eite dheis go ginearálta mar a chleachtaítear sa Spáinn í.

Ceann de na huirlisí sóisialta a bhí ag Franco ná lucht Castaílise a mhealladh go dtí an Chatalóin, Euskadí agus Galicia le forbairt thionsclaíoch agus postanna. Chuaigh siad ann go réidh, agus ar ndóigh d’fhág sé seo go leor daoine nach raibh máthairtheanga an réigiúin nua acu. Mar go mbíodh cosc ar na teangacha ‘eile’ seo i scoileanna, agus i réimsí uile san earnáil phoiblí  le linn ré Franco, bhí glacadh ag na hinimirceoirí seo nach raibh gá leis an teanga áitiúil a shealbhú. Agus tá an dearcadh sin ag go leor acu go dtí an lá atá inniu ann.

Anois agus an eite dheis ag láidriú sa Spáinn, tá siad i ngleic le héagsúlacht  na leithinise, mar an Ibéir. Tá lucht Catalan ag éirí aníos ina éadan i láthair na huaire. Beidh le feiceáil amach anseo cad a tharlós.