Showing posts with label DCU. Show all posts
Showing posts with label DCU. Show all posts

Sunday, 15 December 2019

Cónaitheacht 2019

Caidé an rud nach bhfeiceann tú ag teacht ná ag imeacht, ach gur féidir a mheilt gan aon agó? Am.
Tá bliain caite agam agam i mo Scríbhneoir Cónaitheach le DCU, ó thús 2019. Dea-chomhartha gur imigh an bhliain sin tharam i bhfaiteadh na súl.
Bhí sé ina chuidiú dom a bheith lonnaithe ar an champas is ciúine den trí champas teagaisc in DCU, Campas na Naomh Uile. Bíodh is gurbh ait liom a bheith san áit ina raibh na hábhair shagairt lonnaithe ann (cliarscoil a bhí ann, agus déarfainn gur dhóichí cónaí a bheith orm, bean, sa naíolann béal dorais, High Park) tá an áit anois ina chuid den ollscoil ar an taobh ó thuaidh den chathair. Fanann an scríbhneoir anois in oifig a chuirtear ar leataobh do chuairteoirí agus do bhaill den fhoireann atá ar scor, ar an tríú hurlár ar bharr an tí. Uaigneach go maith san oíche ... tá ábhar scéil ansin.

Rinne mé go leor le mic léinn agus leis an phobal lasmuigh den ollscoil. Bliain shásúil a bhí ann nó ní mhaireann aon scríbhneoir i bhfolús. Thug mé léachtaí do mhic léinn agus chuir siad saothar cruthaíoch le chéile, cuid de i gcló i Scáthán 2019. D'iarr IMRAM orm gearrscéal a scríobh; foilsíodh Cití na gCártaí le Cois Life; léirigh Raidió na Life dráma raidió agus na scríbhneoirí Myra Zepf agus Seán Ó Muireagáin ag aisteoireacht ann - chomh maith le Seán Mac Seáin ó Bhóthar Seoighe Bhéal Feirste; bhí mé páirteach arís i Liú Lúnasa; foilsiodh Ollchnuasach Focail Eile i bhfoirm chrua sna teangacha éagsúla sna tíortha ina raibh an scéim cónaitheachta ar siúl; d'eagraigh mé ócáidí léitheoireachta le scríbhneoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus oíche le ceiliúradh a dhéanamh ar Chois Life; eitilt go dtí An Charraig Fhinn i nDún na nGall le cnuasach nua filíochta Mháire Dinny Wren a sheoladh.  Agus tuilleadh. Bliain ghnoitheach.
Bliain mhaith.

Tuesday, 9 July 2019

31 Iúil 2019

Leabharlann Uí Chriagáin
Beidh dhá ócáid ag tarlú ar 31 Iúil 2019. Tá cead isteach saor in aisce don dá ócáid.

Ag am lóin beidh triúr file ag aithris a gcuid filíochta, mar tá, Áine Ní Ghlinn, Janneke Spoelstra agus Dáire Ní Chanáin. Beidh mé féin i mo Bhean a' Tí.
Janneke Spoelstra
Tá aithne ag roinnt daoine ar Janneke Spoelstra cheana ó Lá Idirnáisiúnta na mBan 2017 i dTeach an ArdMhéara i mBaile Átha Cliath.  D'aithris sí a cuid filíochta i bhFreaslainnis, mionteanga de chuid na hÍsiltíre atá gaolta le SeanBhéarla. Is furast deighilt a dhéanamh idir an dá theanga - Freaslainnis agus Ísiltíris - ach iad a chluinstin ag an am céanna (!). Tá go leor de na gutaí an-éagsúil óna chéile. Beidh sí ar ais linn arís ar an lá. Beidh leagan Gaeilge den dán á aithris chomh maith.
Áine Ní Ghlinn
Beidh Áine Ní Ghlinn ag aithris dánta ar an lá chomh maith. Tá Áine i ndiaidh pilleadh ar an fhilíocht i ndiaidh sosa agus tá súil agam gur roinnt den ábhar nua a bheas faoi chaibidil aici ar an lá.
Dáire Ní Chanáin
Beidh an slamfhile agus tuairisceoir le Nós , Dáire Ní Chanáin, ag tabhairt cuairt scioptha ar Bhaile Átha Cliath don lá chun cúpla píosa a roinnt linn.

Am: 1-2
Áit: Sa leabharlann ar Champas Phádraig, DCU, Droim Chonrach
Bí linn. Sólaistí ar fáil.

Níos moille an lá sin beidh ócaid eile ar siúl i Halla Foras na Gaeilge. Beidh ceiliúradh ar Focail Eile, tionscadal Eorpach chun scríbhneoirí mionteangacha a chur chuig tíortha a chéile ar chónaitheachtaí éagsúla. Mar is eol do chúpla duine bhí mé fein i Ljouwert na Freaslainne. Bhí Aifric Mac Aodha ann chomh maith agus beidh sí ansin ar an oíche, mar a bheas na scríbhneoirí Éireannacha a ghlac páirt sa scéim: Cathal Póirtéir (An tSlóvéin); Colm Ó Ceallacháin (Tír na mBascach); Diarmuid de Faoite (An Mhacadóin).
Ós rud é go bhfuil Janneke Spoelstra fán chathair, beidh seans ag daoine éisteacht léi ag léamh aistriúcháin go Freaslainnis de cheann de na sothair a cuireadh le chéile le linn tréimhsí cónaitheachta na scríbhneoirí sin.

Am: 6-8
Áit: Halla Fhoras na Gaeilge, Sráid Amiens
Sólaistí, Ceol, Léamha, Craic.
Saor isteach ach is gá dul i dteagmháil le Foras na Gaeilge chun RSVP a fhágáil leo.






Thursday, 28 November 2013

Oideachas, léann, scolaíocht...


Thíos staighre




Thuas staighre



agus síos an pasáiste.

Tá mé ag féachaint ar na comharthaí seo le roinnt míonna anuas. Maith an rud go bhfuil an Scoil seo in Ollscoil Chathair Átha Cliath á sú isteach i nDroim Conrachsa Choláiste Oideachais ar ball. Seans go mbeidh scileanna profléitheoireachta ar siúl acu thall nach bhfuil ar taispeáint sa scoil anseo féin.