Sunday 15 December 2019

Cónaitheacht 2019

Caidé an rud nach bhfeiceann tú ag teacht ná ag imeacht, ach gur féidir a mheilt gan aon agó? Am.
Tá bliain caite agam agam i mo Scríbhneoir Cónaitheach le DCU, ó thús 2019. Dea-chomhartha gur imigh an bhliain sin tharam i bhfaiteadh na súl.
Bhí sé ina chuidiú dom a bheith lonnaithe ar an champas is ciúine den trí champas teagaisc in DCU, Campas na Naomh Uile. Bíodh is gurbh ait liom a bheith san áit ina raibh na hábhair shagairt lonnaithe ann (cliarscoil a bhí ann, agus déarfainn gur dhóichí cónaí a bheith orm, bean, sa naíolann béal dorais, High Park) tá an áit anois ina chuid den ollscoil ar an taobh ó thuaidh den chathair. Fanann an scríbhneoir anois in oifig a chuirtear ar leataobh do chuairteoirí agus do bhaill den fhoireann atá ar scor, ar an tríú hurlár ar bharr an tí. Uaigneach go maith san oíche ... tá ábhar scéil ansin.

Rinne mé go leor le mic léinn agus leis an phobal lasmuigh den ollscoil. Bliain shásúil a bhí ann nó ní mhaireann aon scríbhneoir i bhfolús. Thug mé léachtaí do mhic léinn agus chuir siad saothar cruthaíoch le chéile, cuid de i gcló i Scáthán 2019. D'iarr IMRAM orm gearrscéal a scríobh; foilsíodh Cití na gCártaí le Cois Life; léirigh Raidió na Life dráma raidió agus na scríbhneoirí Myra Zepf agus Seán Ó Muireagáin ag aisteoireacht ann - chomh maith le Seán Mac Seáin ó Bhóthar Seoighe Bhéal Feirste; bhí mé páirteach arís i Liú Lúnasa; foilsiodh Ollchnuasach Focail Eile i bhfoirm chrua sna teangacha éagsúla sna tíortha ina raibh an scéim cónaitheachta ar siúl; d'eagraigh mé ócáidí léitheoireachta le scríbhneoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus oíche le ceiliúradh a dhéanamh ar Chois Life; eitilt go dtí An Charraig Fhinn i nDún na nGall le cnuasach nua filíochta Mháire Dinny Wren a sheoladh.  Agus tuilleadh. Bliain ghnoitheach.
Bliain mhaith.

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.