Showing posts with label an dara lá déag. Show all posts
Showing posts with label an dara lá déag. Show all posts

Saturday, 13 July 2013

An Twalfth

Man kicks riot shield
http://www.bbc.co.uk/news/uk-northern-ireland-23299768


Tagann agus imíonn an dáta seo ó dheas i nÉirinn i neamhaird. Ní hamhlaidh ó thuaidh. Seo an t-am den bhliain a n-imíonn gach mac máthara gur féidir ó na lárcheantair achrainn, más féidir. Bhí mé i nGleann Cholm Cille, Dún na nGall,  Déardaoin 11ú. Mhúscail mé ar an 12ú le blas borb crua an tuaiscirt sna tithe saoire thart orm mar bhí gach duine a raibh áiméar acu tagtha agus landáilte don choicís seo, coicís seo an 'twalfth'. Mo bheannacht leo, ag iarraidh éalú ón seicteachas seo mar a léirítear ar na stáisiúin nuachta ina ghlóire é.

Agus na Taidhgíní nach bhfuil áit folaithe acu i dTír Chonaill nó in ait éigin eile faoin tír acú? Cuireann siad suas leis seo ar feadh tréimhse. Ku Klux Klan na hÉireann.