Showing posts with label ribí súgáin. Show all posts
Showing posts with label ribí súgáin. Show all posts

Monday, 18 March 2013

Deireadh ré, ré nua le theacht


Rinne an mac éacht an deireadh seachtaine seo. Ghearr sé na ribí súgáin  atá aige le seacht mbliain anuas. Bhí siad  thíos go dtí a choim aige, ach gur choinnigh sé iad ceangailte i mbeartán le lása. Ach tá siad imithe ó bhí an Aoine ann, agus mar a deir comhghleacaí dá chuid leis,  tá cuma mafioso Rúiseach air anois.

Ní raibh mé ag iarraidh go ngearrfaí iad, mar ribí. Tá siad aige ó bhain sé seacht mbliana déag amach, agus ba chuid den teaghlach iad, dar liom. Thaitin sé liom gur mhothaigh sé chomh muiníneach sin go gcaithfeadh sé iad. Ach anois tá siad imithe. Caite sa bhruscar.

Dúirt an iníon go bhfacthas di gur shlog an dabhach é ina iomláine, gan fágtha de ach na ribí. Athbhreith a bheas ann, agus beidh sé spéisiúil a aimsiú aon athrú inmheánach sa duine céanna, leis an athrú seachtrach chomh mór seo aige.